English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tagann an ceart nua chun saoire foréigin baile i bhfeidhm

D'fhógair an tAire Roderic O’Gorman inniu (an 27 Samhain) go gcuirfear tús le saoire foréigin baile.

Faoin Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023, beidh aon duine a fhulaingíonn foréigean baile nó atá i mbaol foréigin baile i dteideal cúig lá saoire a ghlacadh chun rochtain a fháil ar thacaíochtaí. Beidh siad i dteideal pá iomlán a fháil freisin le linn na tréimhse saoire.

Chun cur i bhfeidhm na saoire nua seo a éascú, coimisiúnaíodh Women’s Aid chun tacaíochtaí a fhorbairt d'fhostóirí chun an tsaoire a chur i bhfeidhm agus bunaíodh suíomh gréasáin ar leith DVatWork.ie

Beidh sraith seimineár gréasáin ar siúl ag Women’s Aid a chuirfidh comhairle agus eolas ar fáil d'fhostóirí maidir le beartais ar an bhforéigean baile. Tá na seisiúin seo ar fáil do gach fostóir agus tá clárúchán oscailte anois.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire O’Gorman:

"Níor cheart go mbeadh ar aon duine a fhulaingíonn foréigean baile iad féin a chur i mbaol bochtaineachta nó dífhostaíochta chun tacaíocht a fháil. Ó inniu ar aghaidh, beidh gach fostaí i dteideal cúig lá saoire ar phá iomlán a ghlacadh ionas gur féidir leo teacht ar na tacaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith uathu. Beidh Éire ar cheann de na chéad tíortha san Aontas Eorpach chun an ceart seo a thabhairt isteach."

Lean an tAire O’Gorman ar aghaidh:

"Ní saoire amháin atá i gceist le saoire foréigin baile. Féadfaidh sé tús a chur le comhrá faoin bhforéigean baile in ionaid oibre agus sa tsochaí agus féadfaidh sé feasacht a ardú. Tá ról ríthábhachtach le himirt ag fostóirí agus mholfainn dóibh úsáid a bhaint as na tacaíochtaí ar forbraíodh iad chun spás sábháilte a chruthú d'fhostaithe a fhulaingíonn foréigean baile."


Nótaí d'eagarthóirí

In Alt 7 den Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023, tugtar isteach 5 lá íoctha le haghaidh saoire foréigin baile laistigh de thréimhse 12 mhí. Íocfar an tsaoire ag ráta iomlán pá an fhostaí.

Is féidir an tsaoire a ghlacadh gan réamhfhógra agus is féidir í a úsáid chun cabhair a fháil ón nGarda Síochána; chun lóistín eile a fháil; chun ordú cúirte a fháil; chun cúnamh leighis a fháil; chun dul chuig eagraíochtaí seirbhísí d'íospartaigh; chun comhairleoireacht nó seirbhísí eile a lorg.

Is féidir an tsaoire a ghlacadh sa chás gur íospartach foréigin baile é/í an fostaí, lena n-áirítear smacht comhéigneach, nó sa chás go bhfuil an fostaí ag tacú lena c(h)éile, lena p(h)áirtí/ nó lena leanbh ar íospartach é/í.

Choimisiúnaigh an DCEDIY Women’s Aid chun tacaíochtaí a fhorbairt d'fhostóirí chun an tsaoire a chur i bhfeidhm agus bhunaigh siad suíomh gréasáin ar leith, DVatWork.ie. Beidh sraith seimineár gréasáin ar siúl ag Women’s Aid a chuirfidh comhairle agus eolas ar fáil d'fhostóirí maidir le beartais ar an bhforéigean baile. Tá na seisiúin seo ar fáil do gach fostóir agus tá clárúchán oscailte anois.