Tionscadail um Cheartas Aeráide don Aos Óg in 2023
- Foilsithe: 14 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- D’fhaomh an tAire O’Gorman maoiniú de €483,728 le haghaidh 11 thionscadal óige comhoibríocha nua
- Tacaíonn an Ciste um Cheartas Aeráide don Aos Óg le tionscnaimh faoi stiúir an aosa óig a bhaineann le ceartas aeráide ar leibhéal pobail, réigiúnach agus náisiúnta.
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil €483,728 san iomlán ceadaithe d’eagraíochtaí deonacha óige in 2023 chun tacú le tionscadail faoi stiúir an aosa óig i réimse an cheartais aeráide.
Is é cuspóir an Chiste um Cheartas Aeráide don Aos Óg ná rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí, i dtionscnaimh agus i gcláir a fhorbraíonn agus a thacaíonn lena n-eolas, a ngníomhaireacht agus a gcumasú i ndáil leis an gceartas aeráide a chur chun cinn. Le fógra an lae inniu, tá an t-iomlán a cuireadh ar fáil faoin scéim ó 2020 méadaithe suas go dtí €2 mhilliún.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“D’inis daoine óga, lena n-áirítear iad siúd a ghlac páirt sa Chomhthionól Náisiúnta Óige ar an Aeráid, go bhfuil ceartas aeráide ina phríomhthosaíocht dóibh agus iad ag dul i ngleic leis an éigeandáil aeráide. Is ceannaire domhanda í Éire maidir le maoiniú a thiomnú go sonrach chun cur ar chumas daoine óga oibriú le chéile agus ina bpobail féin ar an tsaincheist ríthábhachtach seo.
“Táim thar a bheith sásta leis an raon tionscnamh nuálach, comhoibritheach, lán-tionchair atá deartha agus seachadta ag daoine óga, oibrithe óige agus oibrithe deonacha tríd an scéim seo go dtí seo.
“In 2023, áirítear ar na tionscnaimh atá beartaithe tionscadal a chothaíonn naisc idir daoine óga ó phobail chósta na hÉireann agus iad siúd sa Deisceart domhanda; comhpháirtíocht le daoine óga ó scoileanna DEIS chun tionscadail um cheartas aeráide a fhorbairt ina bpobail féin; tacaíocht do thaighdeoirí óga féachaint ar lánpháirtíocht daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu i ngníomhaíochtaí aeráide; agus Mol Ceartas Aeráide digiteach a fhorbairt, gan ach cúpla ceann a lua.”
Leanadh leis an Aire O’Gorman, ag rá:
“Ní hamháin go bhfuil na daoine a bhfuil baint acu leis na deiseanna seo ag déanamh difríocht dhearfach dá bpobail agus don tsochaí i gcoitinne anois, tá siad ag forbairt na scileanna agus na n-inniúlachtaí freisin chun leanúint ar aghaidh ag stiúradh agus ag spreagadh na saincheiste seo amach anseo.”
Nótaí don eagarthóirí:
Tá gach tionscadal arna mhaoiniú faoin gCiste um Cheartas Aeráide don Aos Óg, 2023 á stiúradh ag eagraíocht náisiúnta óige atá maoinithe faoi Scéim Deontais Seirbhísí Óige na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Tá deontais á mbronnadh ar na ceithre iarratas ‘cuibhreannais’ seo a leanas:
- ECO-UNESCO (ceannasaí) le NoName Club, Young Irish Film Makers agus Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge mar eagraíochtaí comhpháirtíochta
- Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann (ceannasaí) le YMCA Ireland, Seirbhís Óige Réigiúnach Sféar 17, Gaisce – Gradam an Uachtaráin agus Concern Worldwide mar eagraíochtaí comhpháirtíochta
- Localise Youth Volunteering (ceannasaí) le 10 gcinn de Scoileanna DEIS-bandaithe i gCathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh mar chomhpháirtithe
- Gasóga Éireann (ceannasaí) le Herpetological Society of Ireland agus TASC mar chomhpháirtithe
Tá deontais á dtabhairt freisin do na heagraíochtaí seo a leanas:
- Foróige
- Voluntary Service International
- SpunOut
- Ógras
- Obair d’Ógra Éireann
- Rannóg Óige Eaglais na hÉireann
Amharclann Óige Éireann
Leithdháiltí ón gCiste um Cheartas Aeráide Óige 2023
| Eagraíocht | Leithdháileadh (€) |
| Church of Ireland Youth Dept | €13,324 |
| Eco-Unesco, NoName Club, Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge, Young Irish Filmmakers | €99,750 |
| Foróige | €49,829 |
| Localise, North Dublin City DEIS Banded Schools | €42,600 |
| NYCI, YMCA Ireland, Sphere 17 Regional Youth Service, Gaisce – The President’s Award, Concern Worldwide | €58,250 |
| Spunout | €49,056 |
| Voluntary Service International | €16,150 |
| Ógras | €14,405 |
| Youth Work Ireland | €44,544 |
| Youth Theatre Ireland | €24,400 |
| Scouting Ireland, the Herpetological Society of Ireland , TASC | €71,420 |
| Maoiniú Iomlán | €483,728 |