Rúnaí Cunta, An Rannóg um Beartas Leanaí agus Rialachas Tusla

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Rúnaí Cunta, An Rannóg um Beartas Leanaí agus Rialachas Tusla

Freagracht ag leibhéal an Rúnaí Chúnta maidir le:

  • beartas, forbairtí reachtaíochta, caighdeáin oibriúcháin agus feidhmíocht a bhaineann le sochar agus cosaint leanaí, cúram malartach agus cearta leanaí.
  • Maoirseacht agus forbairt a dhéanamh Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach; agus Ionad Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh.
  • Tacaíocht teaghlaigh agus tuismitheora, tionscnaimh chosanta agus idirghabháil luath, oibriúcháin idirghníomhaireachta agus ceannasaíocht ar nuálaíochtaí leathana chun tacú le torthaí do leanaí, daoine óga, teaghlaigh agus pobail.
  • Comhordú ar cheisteanna idirnáisiúnta a bhaineann leis an Roinn agus freagra na hÉireann maidir le Ráthaíocht Leanaí an AE.
  • Forbairt agus comhordú ar chur chun feidhme na Creata Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga 2023

Cuimsíonn freagracht ag leibhéal an Rúnaí Chúnta agus an Stiúrthóra:

  • spriocanna a bhaint amach atá ábhartha don réimse (mar atá sainaitheanta i Ráiteas Straitéis 2016-2019 na roinne agus na cinn a tháinig/a thagann i gcomharba air) agus obair a bhainistiú ina leith seo
  • maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht laethúil ghnó sa réimse seo
  • comhairle a chuir ar fáil do bhainistíocht na roinne agus don Aire nó Rialtas maidir le treo straitéiseach, forbairt beartais agus cur i bhfeidhm bheartais an Rialtais go ginearálta
  • feidhmíocht foriomlán an réimse a bhainistiú, lena n-áirítear cur chun feidhme Chóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta sa réimse
  • bainistíocht ghinearálta na foirne sa réimse
  • gnéithe ábhartha an Ráitis Straitéise agus tuarascálacha dul chun cinn gaolmhara a ullmhú chun críocha ceaduithe ag bainistíocht na roinne agus an Aire
  • pleanáil straitéiseach le haghaidh an réimse Rúnaí Cúnta/Stiúrthóir de réir spriocanna straitéiseacha an Rannáin agus na roinne
  • ag cur le plé le roinn eile, comhlachtaí ionadaíocha (lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta), agus eagraíochtaí leasmhara, chomh maith le plé ag fóraim AE agus idirnáisiúnta maidir le ceisteanna eacnamaíocha agus sóisialta agus forbairtí straitéiseacha
  • úsáid chuí acmhainní a chinntiú sa réimse, lena n-áirítear rialachas éifeachtach agus bainistíocht airgeadais agus seirbhísí poiblí cost-éifeachtúla atá ábhartha den réimse a sholáthar, lena n-áirítear na comhlachtaí/gníomhaireachtaí atá ansin
  • maoirseacht a dhéanamh ar shannadh sainról ar oifigigh aonair nó grúpaí oifigeach laistigh den réimse
  • a chinntiú go bhfuil na córais agus struchtúir chuí á gcothú chun tacú leis an obair sa réimse seo
  • na céimeanna cuí a thógáil chun a chinntiú go bhfuil bainistíocht éifeachtacht maidir le riosca sa réimse agus ag cur le rioscaí ar leibhéal corpráide a shainaithint agus a bhainistiú
  • a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí an réimse á n-ailíniú agus á gcomhordú leo siúd ag réimsí eile laistigh de Rannán agus idir Rannáin, mar is cuí
  • rannpháirtíocht ar MB agus grúpaí bainistíochta inmheánacha eile, lena n-áirítear an Fhoireann Ardbhainistíochta a chuimsíonn gach ball bord Bainistíochta agus POnna/Ceannasaithe Aonaid

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat