Príomhoifigeach, Aonad um Rialachas Corparáide agus Comhordú Straitéiseach
- Foilsithe: 7 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
Tá ceannasaíocht ag Aonad um Rialachas Corparáide agus Comhordú Straitéiseach ar fheidhmeanna Bhainistíocht Riosca agus Forbairt Straitéiseach na Roinne, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar a creat comhlíontachta. Ina theannta sin, déanann sé comhordú ar fhreagra na Roinne ar iarratais SF agus iarratais áirithe pharlaiminteacha.
Tá freagrachtaí rialachais agus maoirseachta ag an Aonad um Rialachas Corparáide agus Comhordú Straitéiseach chomh maith i leith Oifige an Ombudsman do Leanaí, déanann gníomhaíochtaí RLMC maidir le ceapacháin ar chomhlachtaí faoinár gcúram a chomhordú agus glacann ionadaíocht ar son na Roinne ar réimse Ghrúpaí Stiúrtha/Meitheal Idir-Rannach, áit a mbíonn ionchur trasranna de dhíth.
Déanann Aonad um Rialachas Corparáide agus Comhordú Straitéiseach maoirseacht chomh maith ar oibríochtaí ar mhaithe le hoifig an Aire, oifig Airí Stáit agus oifig an Ard-Rúnaí.