Príomhoifigeach, Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide
- Foilsithe: 27 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
Tá freagracht iomlán ag Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide as feidhmiúlacht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht thimpeallacht oifige na Roinne, trí sheirbhísí ionaid oibre fisiciúla a phleanáil agus a bhainistiú ar son na Roinne agus a baill foirne.
Déanann Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide treoracha cóiríochta na Roinne a bhainistiú, lena n-áirítear leithdháiltí na ndeasc agus soláthar stáisiún oibre na hoifige agus an bhaile.Bíonn roinnt freagrachtaí laethúla ar Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide, lena n-áirítear Deasc Taistil na Roinne, Córas Ordaithe Ceannaigh (PO), Foirmeacha Údaraithe Íocaíochta ginearálta (PAF), an príomh-lasc-chlár, agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin maidir le saoráidí agus sláinte trí Dheasc Cabhrach na Roinne. Tacaíonn Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide le rannpháirteachas pháirtithe leasmhara ar bhonn seachtrach agus inmheánach araon, trí iarratais lónadóireachta inmheánacha, Foirmeacha Suiteála Halla an Bhaile agus Foirmeacha Iarratais Cuairteora.
Déanann Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide gnásanna sábháilteachta dóiteáin agus aslonnaithe na Roinne a bhainistiú, mar chuid dá fheidhm sláinte agus sábháilteachta. Déanann Oibríochtaí agus Gníomh ar son na hAeráide comhordú ar oiliúint le haghaidh maor dóiteáin agus freagróirí garchabhrach a bhainistiú freisin, chomh maith le feasacht bhall foirne maidir le rioscaí sláinte agus sábháilteachta a mhéadú.