Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Aitheantas Cáilíochta Luathbhlianta

D’fhoilsigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) [link broken] (ár leithscéal nach bhfuil an acmhainn seo ar fáil i nGaeilge) a chomhlíonann na riachtanais rialála atá ag teastáil chun obair in earnáil na Luathbhlianta in Éirinn.

Mura bhfuil do cháilíocht luathbhlianta ar an liosta, is féidir leat iarratas a chur isteach go gceadófar é. Chun é sin a dhéanamh, seol na cáipéisí seo a leanas chugainn:

  • Foirm iarratais atá comhlíonta go hiomlán. Is féidir é a híoslódáil thíos.
  • Cóip de theastas na dámhachtana a bhaineann le do cháilíocht.
  • Na tras-scríbhinní go léir a bhaineann le do cháilíocht.
  • Fianaise de chleachtas gairmiúil, mar shampla, teistiméireacht ó fhostóir, nó ó aon socrúchán cleachtais a rinne tú mar chuid den chúrsa. Ní mór go mbaineann an cleachtas seo leis na luathbhlianta.
Foirm Iarratais
Aitheantas cáilíochta i gcomhair oibre in earnáil Fhoghlaim agus Chúraim na Luath-Óige in Éirinn. Íoslódáil (i mBéarla, ár leithscéal – beidh leagan Gaeilge den fhoirm seo ag teacht go luath)
Amharc amharc

Tabhair faoi deara na rudaí a leanas:

  • Glacfar le hiarratais a thagann ón t-é lena mbaineann an cháiliocht amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a sheoladh ó thríú páirtí (mar shampla fostóir nó fostóir ionchasach).
  • Ní féidir eolas maidir le stádas an iarratais a thabhairt do thríú páirtí.
  • Cuir do shíniú agus an dáta ar an iarratas le do thoil (ní glacfar le hiarratais nach mbeidh sínithe).
  • Mura bhfuil an buncháipéis i nGaeilge nó i mBéarla, ní mór aistriúchán deimhnithe go Gaeilge nó Bearla a sheoladh léi.
  • Má eireoidh le d’iarratas, cuirfidh DCEDIY Litir Cháilitheachta chun Cleachtadh chugat.