Aitheantas Cáilíochta Luathbhlianta

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Aitheantas Cáilíochta Luathbhlianta

D’fhoilsigh an An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE) a chomhlíonann na riachtanais rialála atá ag teastáil chun obair in earnáil na Luathbhlianta in Éirinn.

Mura bhfuil do cháilíocht luathbhlianta ar an liosta, is féidir leat iarratas a chur isteach go gceadófar é. Chun é sin a dhéanamh, seol na cáipéisí seo a leanas chugainn:

  • Foirm iarratais atá comhlíonta go hiomlán. Is féidir é a híoslódáil thíos.
  • Cóip de theastas na dámhachtana a bhaineann le do cháilíocht.
  • Na tras-scríbhinní go léir a bhaineann le do cháilíocht.
  • Fianaise de chleachtas gairmiúil, mar shampla, teistiméireacht ó fhostóir, nó ó aon socrúchán cleachtais a rinne tú mar chuid den chúrsa. Ní mór go mbaineann an cleachtas seo leis na luathbhlianta.
Foirm Iarratais
Aitheantas cáilíochta i gcomhair oibre in earnáil Fhoghlaim agus Chúraim na Luath-Óige in Éirinn. Íoslódáil (i mBéarla, ár leithscéal – beidh leagan Gaeilge den fhoirm seo ag teacht go luath)
Amharc amharc

Tabhair faoi deara na rudaí a leanas:

  • Glacfar le hiarratais a thagann ón t-é lena mbaineann an cháiliocht amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a sheoladh ó thríú páirtí (mar shampla fostóir nó fostóir ionchasach).
  • Ní féidir eolas maidir le stádas an iarratais a thabhairt do thríú páirtí.
  • Cuir do shíniú agus an dáta ar an iarratas le do thoil (ní glacfar le hiarratais nach mbeidh sínithe).
  • Mura bhfuil an buncháipéis i nGaeilge nó i mBéarla, ní mór aistriúchán deimhnithe go Gaeilge nó Bearla a sheoladh léi.
  • Má eireoidh le d’iarratas, cuirfidh DCDE Litir Cháilitheachta chun Cleachtadh chugat.

Próiseas Iarratias I gcomhair mac léinn atá ag déanamh staidéir faoi láthair.

Níl ach dóibh siúd atá ag déanamh staidéir faoi láthair ar chúrsa ar liosta cáilíochta aitheanta de chuid na Roinne amháin iarratas a dhéanamh i gcomhair aithint cáilíochta. Is féidir teacht ar an liosta iomlán anseo.

Moltar go mbíonn mic léinn i dteagmháil lena comhordaitheoir cláir sular chuirtear tús le obair san earnáil Luathfhoghlama agus Cúraim chun a chinntiú go mbeidh déileáil go cothrom idir staideár agus obair.

Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh i gcomhair aithint cáilíochta mar mac léinn reatha.

Chun iarratas a dhéanamh ar aitheantas ar cháilíocht mar mhac léinn reatha beidh orthu iarratas iomlán a chur isteach chuig an Roinn lena n-áirítear na doiciméid seo a leanas:

  • Foirm Iarratais comhlánaithe agus sínithe (ní leor ainm clóscríofa). Féach ar an nasc chuig an bhfoirm thíos le do thoil: Cliceáil anseo.
  • Tras-Scríbhinní do gach bliain dá gcúrsa atá críochnaithe go dtí seo. Ní mór Bliain Amháin ar a laghad a bheith críochnaithe.
  • Litir ón gcoláiste/institiúid ag tabhairt le fios go bhfuil siad ag leanúint lena gcuid staidéir.
  • Fianaise ar chleachtas/thaithí oibre i suíomh Luathbhlianta le leanaí idir 0 – 6 bliana d’aois. Ní mór socrúchán cleachtais a bheith críochnaithe agat do na blianta staidéir a cuireadh isteach le haghaidh measúnaithe.

Mear rian do mhic léinn: Litir cead sealadach chun cleachtadh.

Chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú atá ar fhoireann faoi láthair laistigh de sheirbhísí na Foghlama agus Cúram na Luath Óige (ELC) agus na Seirbhísí Cúraim Leanaí in Aois Scoile (SAC), tá an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE), ar bhonn sealadach, ag cur próiseas aitheantais cháilíochta Mear-Chonair (luathaithe) i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar comhionnas leis an íosriachtanas cáilíochta Leibhéal 5. Baineann an próiseas imeachta mear seo go sonrach le daltaí atá cláraithe faoi láthair ar chlár luathbhlianta aitheanta Leibhéal 6, 7 nó 8.

Critéir cháilitheachta don Phróiseas Imeachta Mear

Tá an próiseas Mear-Thrial oscailte do mhic léinn a dhéanann na nithe seo a leanas:

  • Tá siad cláraithe faoi láthair ar chlár Leibhéal 6, 7 nó 8 atá liostaithe ar liosta Cáilíochtaí Aitheanta Luathbhlianta an DCDE; agus
  • Tá a gcéad bhliain staidéir críochnaithe go rathúil acu, lena n-áirítear an socrúchán cleachtais ghairmiúil riachtanach.

Toradh an mheasúnaithe Imeachta Mear

Beidh litir Cead Sealadach Cleachtaidh seolta do dhaltaí atá faofa tríd an bpróiseas Mear-Rian seo.Beidh an litir seo bailí go dtí an 1 Meán Fómhair 2026 agus aithníonn Tusla an litir a chomhlíonann ceanglais Alt 9(4) de na Rialacháin um Acht um Chúram Leanaí 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta) rialachán 2016.

Freagrachtaí an soláthróir cláraithe

I gcás ina bhfostaítear mac léinn faoi na socruithe sealadacha seo, leanann an Soláthraí Cláraithe de bheith freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais rialála go léir, lena n-áirítear:

  • Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
  • Oiliúint Insealbhú
  • Maoirseacht
  • Rialú agus maoirseacht leanúnach

Is féidir le mic léinn an fhoirm iarratais a fháil anseo (hipearnasc). Nuair a bheidh an fhoirm iarratais críochnaithe, ba chóir an fhoirm a sheoladh chuig EYQualifications@dcde.gov.ie.

De rogha air sin, Is féidir le mic léinn iarratas a dhéanamh ar litir aitheantais cáilíochtaí tríd an bPróiseas Iarratais Reatha do Mhic Léinn. Beidh an Litir Aitheantais Cáilíochtaí seo bailí ar feadh ré staidéir na mac léinn.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat