Forbairt – Ráiteas Bliantúil ar Thosaíochtaí 2024
- Foilsithe: 29 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
Forbairt – Ráiteas Bliantúil ar Thosaíochtaí
Tagann an Ráiteas Bliantúil ar Thosaíochtaí i gcomharbas ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas, agus cuireann sé treo phlean ar fáil do sheachadadh na dtosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla atá leagtha amach in ár Ráiteas Straitéise 2023-2025.
Cuidíonn sé seo linn luas agus seicheamh an athraithe a bhainistiú i dtreo spriocanna straitéiseacha níos fadtéarmaí agus cuirtear ar ár gcumas athrú agus athchóiriú leanúnach san earnáil a léiriú agus dul chun cinn a thuairisciú. Léiríonn sé an raon gníomhaíochta lena bhfuilimid gafa agus an treo atá á leanúint againn chun na spriocanna atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise 2023-2025 a bhaint amach:
- Soláthar oideachais ar ardchaighdeán a éascú agus an t-eispéireas oideachais a fheabhsú chun riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga go léir a shásamh, i scoileanna agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige
- Cothromas deiseanna san oideachas a chinntiú agus go mbeadh tacaíocht á fáil ag na leanaí agus ag na daoine óga go léir chun barr a gcumais a bhaint amach
- In éineacht lenár gcomhpháirtithe, ceannaireacht straitéiseach agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar na gcóras agus an bhonneagair atá ceart don earnáil
- Barr Feabhais Eagraíochtúil agus Nuálaíocht
Chun ár ndul chun cinn a mhonatóireacht agus a chinntiú go bhfuil ár ngealltanais á gcomhlíonadh againn, eiseofar tuarascáil ar dhul chun cinn ag deireadh gach ráithe, ina dtabharfar nuashonrú ar na gníomhartha go léir.