Hildegarde Naughton
- Foilsithe: 2 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2025
Is í Hildegarde Naughton an tAire Oideachais agus Óige. Ceapadh í sa ról seo ar an 18 Samhain 2025.
Roimhe seo, bhí sí ina hAire Stáit ag freastal ar an gComh-Aireacht sa Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais le freagracht speisialta as Míchumas.
Bhí an tAire Naughton ina hAire Stáit roimhe seo i Roinn an Taoisigh mar Phríomh-Aoire an Rialtais; agus sa Roinn Oideachais le freagracht speisialta as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú. D’fhóin sí freisin mar Aire Stáit sna Roinn Iompair, Sláinte agus Dlí agus Cirt.
Ba mhúinteoir bunscoile í Hildegarde agus toghadh í chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe in 2009. Bhí sí ina méara ar an gcathair in 2011/2012.
Tar éis di fónamh i Seanad Éireann, toghadh Hildegarde den chéad uair chun ionadaíocht a dhéanamh ar thoghcheantar Ghaillimh Thiar in olltoghchán 2020. D’fhóin sí ar roinnt coistí Oireachtais, lena n-áirítear Todhchaí an Chúraim Sláinte, agus Grinnscrúdú Buiséadach. Ceapadh í ina cathaoirleach ar an gcoiste Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus an Chomhshaoil in 2016.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Ms Naughton ag hildegarde.naughton@oireachtas.ie.