Is é cuspóir an Chiorcláin seo scoileanna a chur ar an eolas faoi fhorbairtí de bhun cásanna cúirte le déanaí a bhaineann leis an bpróiseas AON. Tá róil agus freagrachtaí scoileanna agus na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) soiléirithe sa chiorclán freisin maidir le cúnamh a thabhairt don FSS trí mheasúnú a dhéanamh ar riachtanais oideachais leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna.