Beart costas maireachtála chun tacú le freastal ar an méadú i gcostais reatha scoile sa bhliain 2024

Cuardaigh ar fad gov.ie

Ciorcláin 0001/2024

Beart costas maireachtála chun tacú le freastal ar an méadú i gcostais reatha scoile sa bhliain 2024

0001/2024
Is é cuspóir an chiorcláin seo breac-chuntas a thabhairt ar na socruithe eile i ndáil leis an mbeart costas maireachtála ar fiú €60 milliún san iomlán é a íoc chun tacú le freastal ar an méadú i gcostais reatha scoile, ar beart é a fógraíodh mar chuid de na bearta costas maireachtála atá i mBuiséad 2024.
Amharc amharc

Maoiniú chun tacú le costais reatha scoile 2024

Tá sé fógartha ag an Aire Oideachais Norma Foley TD go mbainfidh bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta sa Scéim Saoroideachais tairbhe as €40 milliún i gcistiú breise in 2024.

Is é seo an dara tráinse de chiste breise €60 milliún dá bhforáiltear i mBuiséad 2024 chun cuidiú le scoileanna maidir le costais reatha laethúla amhail téamh agus leictreachas. Íocadh an chéad tráinse €20 milliún den chiste le scoileanna i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.

Beidh an méid a íocfar le scoileanna as an tráinse maoinithe €40 milliún is déanaí bunaithe ar líon na ndaltaí atá cláraithe i scoil. Gheobhaidh bunscoil le 60 dalta €1,980, agus ardófar sin go €19,800 do bhunscoil le 600 dalta.

Ar an dul céanna, beidh na deontais is déanaí maidir leis an gcostas maireachtála cothrom le €10,000 d’iar-bhunscoileanna le 200 dalta agus ardófar iad go €80,000 d’iar-bhunscoileanna le 1,600 dalta.

Mar a labhair an tAire Norma Foley, TD: “Mar Aire Oideachais, ba phríomhthosaíocht domsa i mBuiséad 2024 é tacaíochtaí breise a chinntiú do scoileanna chun cuidiú leo agus iad ag tabhairt aghaidh ar bhrúnna an bhoilscithe agus costais reatha ag ardú ó lá go lá. Tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil €40 milliún eile de mhaoiniú á chur ar fáil chun tacú le gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais.”

Cuireann an Roinn Oideachais maoiniú ar fáil do gach scoil aitheanta sa scéim saoroideachais trí dheontais per capita. Is iad an dá phríomhdheontas ná an Deontas Caipitíochta chun freastal ar chostais reatha ó lá go lá lena n-áirítear téamh agus soilsiú agus an Deontas Coimhdeach chun freastal ar an gcostas a bhaineann le foireann seirbhísí coimhdeacha a fhostú.

Ina theannta sin, tá bunmhaoiniú buan de €21 milliún, a fógraíodh i mBuiséad 2024 lena dtacaítear le hathbhunú buan an mhaoinithe do gach bunscoil agus iar-bhunscoil a aithnítear sa Scéim Saoroideachais. Leis sin, tabharfar an bunráta caipitíochta go €200 in aghaidh an dalta i mbunscoileanna agus go €345 in iar-bhunscoileanna .

Sector: C&C, ETB, Primary, Post-primary

Author: External Staff Relations

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat