Próiseas comhairliúcháin chun polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2022
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 27 Deireadh Fómhair 2022
- dúnadh na haighneachtaí: 30 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Tá an Comhairliúchán dúnta
- An próiseas comhairliúcháin poiblí
- Coiste Stiúrtha
- Tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Tuarascálacha ilchodacha ar chigireachta i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Athbhreithniú ar thaighde ar an oideachas trí theangacha mionlacha
- Tuairiscí ar an gcomhairliúchán
- Cad a dhéanann muid le do chuid eolais?
- Sonraí teagmhála
Foilsíodh an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an 6 Samhain 2025.
An próiseas comhairliúcháin poiblí
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 go mí Iúil 2023 reáchtaigh an Roinn Oideachais agus Óige próiseas comhairliúcháin phoiblí, ag lorg tuairimí ó pháirtithe leasmhara, chun eolas a sholáthar d’fhonn polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Tugadh cuireadh do bhaill an phobail agus do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine óga, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí/oideoirí luathbhlianta, ceannairí scoile, baill bhoird bhainistíochta scoileanna, eagraíochtaí bainistíochta scoileanna, páirtithe leasmhara oideachais agus páirtithe leasmhara na Gaeilge, a n-ionchur a bheith acu ar an topaic thábhachtach seo.
Bhí trí thréimhse idirghaolmhara i gceist sa chomhairliúchán:
- Tréimhse 1: Comhairliúchán ar-líne – ceistneoirí agus aighneachtaí scríofa
- Tréimhse 2: Grúpaí fócais le daltaí bunscoile, scoláirí iar-bhunscoile agus le tuismitheoirí/caomhnóirí, oideoirí agus páirtithe leasmhara eile
- Tréimhse 3: Cruinnithe déthaobhacha le páirtithe leasmhara.
Bhí na léargais agus an t-eolas ar phríomhcheisteanna a bailíodh le linn an phróisis seo ina fhoinse luachmhar chun treoir a thabhairt agus an polasaí á fhorbairt.
Coiste Stiúrtha
Bhunaigh an Roinn Oideachais agus Óige Coiste Stiúrtha chun maoirseacht a dhéanamh agus treoir a thabhairt maidir le forbairt an pholasaí.
Tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Foilsíodh tuarascáil ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar fhoinse tagartha tábhachtach don phróiseas comhairliúcháin agus d’fhorbairt an pholasaí.
Tuarascálacha ilchodacha ar chigireachta i scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige dhá thuarascáil ilchodacha ar thorthaí cigireachta ar chaighdeán an tsoláthair oideachais i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in earrach 2021. Clúdaíonn na tuarascálacha an tréimhse 2017 go 2020.
Athbhreithniú ar thaighde ar an oideachas trí theangacha mionlacha
Choimisiúnaigh an Roinn Oideachais agus Óige Sealbhú, an lárionad taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chun athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde ar an oideachas trí mheán na Gaeilge agus ar an oideachas trí theangacha mionlacha eile le bheith mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí. Cuimsíonn an tuairisc torthaí an taighde maidir le cleachtas éifeachtach i ndeich ndlínse éagsúla ina gcuirtear oideachas ar fáil trí theangacha mionlacha.
Tuairiscí ar an gcomhairliúchán
Léiríodh leibhéal suntasach spéise sa chomhairliúchán poiblí. Comhlánaíodh líon ard ceistneoirí, fuarthas aighneachtaí scríofa ó réimse leathan páirtithe leasmhara, agus bhí leibhéal ard rannpháirtíochta sna fócasghrúpaí éagsúla. De bharr líon ard na bhfreagraí a fuarthas, coimisiúnaíodh Sealbhú chun anailís a dhéanamh ar na príomhcheisteanna a d'eascair as an gcomhairliúchán. Iarradh ar na taighdeoirí na príomhthreochtaí agus na príomhthéamaí a aithint, agus achoimre a dhéanamh ar an raon tuairimí, dearcthaí agus moltaí a roinneadh leis an roinn tríd an gcomhairliúchán poiblí.
Cad a dhéanann muid le do chuid eolais?
Pléitear le haon fhaisnéis phearsanta a chuirtear chuig an roinn i gcomhréir dhlúth leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2016/67 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Is féidir teacht ar Pholasaí um Chosaint Sonraí na roinne anseo. Is féidir teacht ar an bhFógra Príobháideachta anseo .
Sonraí teagmhála
Má tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas comhairliúcháin ag teastáil, nó faoi fhorbairt an pholasaí, déan teagmháil ar ríomhphost le POLG@education.gov.ie nó ar an nguthán ar (01) 889 6408.