An Grúpa Comhairleach um Pleanáil Theagmhasach do na Scrúduithe Stáit in 2020
- Foilsithe: 28 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cé sinn
D'éirigh an grúpa as a chuid gníomhaíochtaí agus tháinig sé le chéile arís mar an Grúpa Comhairleach um Pleanáil do Scrúduithe Stáit.
Cad a dhéanamid
Bunaíodh an Grúpa Comhairleach chun socruithe athraithe a aithint maidir le reáchtáil na scrúduithe stáit in 2020, maidir le foghlaim scoláirí a dheimhniú in 2020, agus maidir le haon ghníomhartha iarmhartacha a thiocfadh chun cinn agus chun comhairle a chur ar fáil don Aire agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit ina leith sin.
Táthar ag súil go mbeidh an grúpa ag feidhmiú idir Aibreán 2020 agus Meán Fómhair 2020. Tiocfaidh an grúpa le chéile dhá uair sa tseachtain ag an tús.
Téarmaí Tagartha
- Na hiarrthóirí scrúduithe go léir a chumasú ionas go mbeidh siad ábalta a ngnóthachtálacha foghlama a léiriú chomh maith agus is féidir leo d’ainneoin an mhéid a chuir géarchéim Covid-19 as dá gcuid foghlama.
- Go bhfaigheadh na hiarrthóirí Ardteistiméireachta (AT) go léir aitheantas cóir as a ngnóthachtálacha foghlama ionas go mbeidh ar a gcumas na gráid a fuair siad san Ardteistiméireacht a úsáid chun cur isteach ar iontráil chuig an ardoideachas, chuig an mbreisoideachas nó chuig saol na hoibre i bhfómhar na bliana 2020
- An tionchar faoi leith a bhí ag dúnadh scoileanna ar fhoghlaim grúpaí scoláirí leochaileacha agus ar a gcuid feidhmíochta sna scrúduithe a mhaolú a oiread agus is féidir. Ina measc sin tá scoláirí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúlra de (lena n-áirítear scoláirí gan dídean, scoláirí i lóistín éigeandála, scoláirí i lóistín do dhídeanaithe/d’iarrthóirí tearmainn) scoláirí nár oibrigh an fhoghlaim ó chian go maith dóibh, agus scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
- Cúram a dhéanamh d’fholláine scoláirí trí laghdú a dhéanamh ar aon bhrú breise a d'fhéadfadh a bheith orthu de bharr ghéarchéim Covid-19, lena n-áirítear an brú a bhaineann le neamhchinnteacht, cur isteach ar an bhfoghlaim, strus eacnamaíoch, básanna teaghlaigh agus an brú a bhaineann le háiteanna a bhaint amach san ardoideachas agus sa bhreisoideachas
- Íoslaghdú a dhéanamh ar aon bhaol do shábháilteacht agus do shláinte scoláirí agus a dteaghlach, agus do shábháilteacht agus do shláinte na múinteoirí agus na mball eile d'fhoireann na scoile agus d’fhoireann CSS a chumasaíonn scoláirí chun páirt a ghlacadh i scrúduithe nó i measúnuithe eile.
Ballraíocht
- = Oifigigh Poiblí Ainmnithe (DPO)