English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Rannóg do Chothromas Rochtana ar Ard-Oideachas

Tá an Rannóg do Chothromas Rochtana ar Ard-Oideachas agus Cáilíochtaí freagrach as forbairt an bheartais náisiúnta maidir le cothromas rochtana ar ardoideachas do gach mac léinn agus, go háirithe, do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht amhail mic léinn faoi mhíbhuntáiste, mic léinn lánfhásta agus mic léinn faoi mhíchumas.

Is é an príomhthacaíocht airgeadais atá ar fáil do mhic léinn incháilithe atá ag freastal ar chúrsaí lánaimseartha breisoideachais agus ardoideachais ná an deontas mac léinn a bhféadfadh deontas cothabhála agus deontas táillí a bheith i gceist leis, ag brath ar incháilitheacht.

Tá an Scéim Deontais do Mhic Léinn á riar ag na húdaráis áitiúla, ag Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus ag SUSI (Tacaíocht Uilechoiteann do Mhic Léinn in Éirinn) thar ceann na Roinne.

Soláthraíonn an suíomh Gréasáin tiomnaithe www.studentfinance.ienasc le háis iarratais ar líne SUSI, chomh maith le faisnéis chuimsitheach ar dheontais do mhic léinn agus foinsí eile cúnaimh airgeadais amhail an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn agus an Ciste do Mhic Léinn atá faoi Mhíchumas.


Cad a dhéanaimid

  • soláthar beartais maidir le cothromas rochtana ar ardoideachas
  • soláthar na Scéime Deontais do Mhic Léinn
  • maoirseacht a dhéanamh ar riaradh deontas do mhic léinn ag na húdaráis dámhachtana deontais
  • tacaíocht riaracháin a chur ar fáil don Bhord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn.
  • obair a dhéanamh i gcomhar leis an Oifig Náisiúnta Rochtana san Údarás um Ard-Oideachas maidir leis an bPlean Náisiúnta do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas 2015 - 2019 a chur i bhfeidhm
  • tacaíochtaí rochtana spriocdhírithe, amhail an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn agus an Ciste do Mhic Léinn atá faoi Mhíchumas, a chur ar fáil tríd an Oifig Náisiúnta Rochtana san Údarás um Ard-Oideachas chun leibhéil níos airde rannpháirtíochta oideachais ag grúpaí faoi ghannionadaíocht a éascú
  • bBainistíocht agus tuairisciú airgeadais i ndáil le caiteachas náisiúnta ar thacaíocht do mhic léinn
  • riaradh na Scéime Sparánachta agus na Scoláireachtaí.

Teagmháíl

Higher Education - Equity of Access

Seoladh:
Higher Education - Equity of Access Section,, Department of Education and Skills, Portlaoise Road, Tullamore,, R35 Y2N5
Teileafón:
(057) 932 5317