English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An tAonad Beartas um Oideachas sna Luathbhlianta

Tá an tAonad Beartas um Oideachas sna Luathbhlianta sa Roinn Oideachais agus Scileanna comhlonnaithe leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA) chun a áirithiú go ndéantar forbairt ar fhorbairtí beartais in earnáil na luath-óige laistigh de chreat foriomlán straitéiseach beartais do leanaí.


Cad a dhéanaimid

Tá an tAonad Beartas um Oideachas sna Luathbhlianta freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas Luath-Óige, a chur chun feidhme
  • An Plean Forbartha Lucht Oibre a chur chun feidhme d’Earnáil an Chúraim agus an Oideachais Luath-Óige (ECCE)
  • Idirghabhálacha spriocdhírithe luathbhlianta do leanaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear Clár an Túis Luaith agus Tionscadal Shráid Rutland
  • Comhairle maidir le beartas agus ionadaíocht a sholáthar do thionscnaimh náisiúnta agus idirnáisiúnta um fhorbairt bheartas ECCE.

Teagmháil

Social Inclusion Unit

Seoladh:
Department of Education, Early Start, Social inclusion Unit, Block 3 Marlborough Street, Dublin, D01 RC96.