An tAonad Caidrimh na Foirne Seachtraí

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An tAonad Caidrimh na Foirne Seachtraí

Déanann Aonad Caidrimh na Foirne Seachtraí bainistiú ar Chaidreamh Tionsclaíoch don earnáil oideachais níos leithne. Is í feidhm an Aonaid dea-chleachtas caidrimh thionsclaíoch a chur chun cinn ar fud na hearnála oideachais agus spreagadh agus tacú a dhéanamh ar nuachóiriú na hearnála.

Cad a dhéanaimid

Tá an t-aonad freagrach as:

  • géilliúlacht do bheartas pá an Rialtais ar fud na hearnála oideachais a chur chun cinn
  • maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gComhaontuithe Seirbhíse Poiblí mar a bhaineann siad leis an earnáil oideachais
  • córas ceadaithe pá agus liúntas a oibriú i dtaca le gach grád san earnáil oideachais i gcoitinne
  • an earnáil oideachais a ionadú ag cainteanna pá poiblí
  • cur i bhfeidhm na reachtaíochta fostaíochta & na reachtaíochta maidir le pá seirbhíse poiblí san earnáil oideachais ghinearálta a éascú
  • ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh an taoibh oifigiúil ag cruinnithe den Chomhairle Eadrána agus ag socrúcháin idirbheartaíochta
  • struchtúir agus próisis a idirbheartú agus a aontú le ceardchumainn agus forais bhainistíochta
  • scéimeanna réitigh agus eadrána a oibriú d’fhoirne scoile nach bhfuil teacht acu ar an gCúirt Oibreachais
  • idirbheartaíocht éileamh a sheirbhísiú tríd an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus tríd an gCúirt Oibreachais
  • éilimh i dtaca le pá agus coinníollacha seirbhíse agus saincheisteanna eile caidreamh oibreachais a phróiseáil trí na struchtúir aontaithe
  • comhairle a chur ar institiúidí agus ar rannóga líne i dtaobh na struchtúr agus na bpróiseas cuí chun déileáil le saincheisteanna caidreamh oibreachais
  • rannpháirtíocht i ngrúpaí oibre trasrannacha
  • dea-chleachtas caidreamh oibreachais a chur chun cinn san earnáil oideachais i gcoitinne

Féach Freisin:

Teagmháil

External Staff Relations

Seoladh:
Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
Teileafón:
(01) 889 6400

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat