Aonad Iniúchta Inmheánaigh agus AE
- Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 15 Meán Fómhair 2025
Ról an Aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí agus AE
Tá dhá phríomhfhreagracht ar an Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí agus AE. Ar an gcéad dul síos, tá Iniúchadh Inmheánach freagrach as dearbhú a thabhairt don Oifigeach Cuntasaíochta (Ard-Rúnaí) maidir le leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht bhainistíocht riosca, córais rialaithe inmheánaigh agus próisis rialachais na Roinne. Tugann sé faoina chuid oibre de réir clár oibre bliantúil, atá faofa ag Coiste Iniúchóireachta na Roinne. Tuairiscíonn Iniúchadh Inmheánach go díreach don Oifigeach Cuntasaíochta, déanann sé a chuid oibre de réir a Chairte agus déanann sé iniúchtaí córas ar aonaid na Roinne. Rianaíonn an Iniúchadh Inmheánach, ar bhonn ráithiúil, dul chun cinn maidir le cur chun feidhme moltaí a eascraíonn as tuarascálacha iniúchóireachta.
Ar an dara dul síos, is é Iniúchóireacht AE an tÚdarás Iniúchóireachta don Chiste Sóisialta Eorpach (CSE)/Ciste Sóisialta Eorpach Plus (CSE+), agus déanann sé iniúchtaí faoi Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, agus Airteagal 77 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle araon. Déanann sé iniúchtaí ar chláir atá maoinithe ag an AE mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún Eorpach.
Buaileann Ceannasaí an Aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí agus AE leis an Oifigeach Cuntasaíochta gach mí chun saincheisteanna ábhartha sa réimse a phlé.
Ról an Choiste Iniúchóireachta
Tuairiscíonn an Coiste Iniúchóireachta go díreach don Oifigeach Cuntasaíochta (Ard-Rúnaí), agus níl aon chumhachtaí feidhmiúcháin aige. Leagtar amach a róil agus a fhreagrachtaí i gCairt an Choiste Iniúchóireachta, atá faofa ag an Oifigeach Cuntasaíochta.
Déanann an Coiste Iniúchóireachta a chuid oibre de réir a Chairte agus cuireann sé comhairle neamhspleách ar fáil don Oifigeach Cuntasaíochta maidir le rialú inmheánach, an timpeallacht bainistíochta riosca agus cúrsaí iniúchóireachta, agus déanann sé maoirseacht ar obair na hIniúchóireachta Inmheánaí.
Tá cúigear ball ar Choiste Iniúchóireachta na Roinne, triúr ionadaithe seachtracha, duine acu atá ina c(h)athaoirleach, agus beirt ionadaithe inmheánacha. Is é an tOifigeach Cuntasaíochta a cheapann baill an Choiste Iniúchóireachta. De ghnáth bíonn cúlraí agus poist éagsúla ag na daoine a roghnaítear, agus baineann siad leas as a réimse leathan taithí, scileanna agus eolais mar chuid dá gcuid oibre, i réimsí atá tábhachtach don Roinn.
Buaileann Cathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta leis an Oifigeach Cuntasaíochta uair sa bhliain ar a laghad, agus cuireann sé/sí tuarascáil bhliantúil an Choiste maidir lena gcuid oibre os a comhair.
Teagmháil
Internal and EU Audit Unit
- Seoladh:
- Internal and EU Audit Unit, Department of Education and Youth, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96