Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Ardoideachais - Polasaí agus Taighde

Tá freagracht ag Ardoideachas – Beartas agus Scileanna as creat beartais éifeachtach a áirithiú d’ardoideachas a thacaíonn le hinstitiúidí ardoideachais in Éirinn múinteoireacht, taighde agus rannpháirtíocht ardchaighdeánach a sholáthar. Folaíonn sé seo forbairt agus comhlíonadh na reachtaíochta a rialaíonn an earnáil. Tá an sainchúram beartais thábhachtaigh ar an rannóg soláthar ardoideachais agus oiliúna atá ábhartha le riachtanais scileanna an lucht oibre a áirithiú agus tacú le uasoiliúint daoine dífhostaithe.

Cad a dhéanaimid

  • obair leis an Údarás um Ard-Oideachas agus le gníomhaíochtaí ábhartha eile chun treoir éifeachtach beartais, maoirseacht agus tacaíocht a chur ar fáil don earnáil ardoideachais maidir le freastal ar riachtanais an fhoghlaimeora agus le spriocanna níos leithne beartais shóisialta agus eacnamaíoch
  • maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí arna sainaithint sa Phlean Cur Chun Feidhme a fheidhmiú don Straitéis Náisiúnta Ardoideachais go dtí 2030
  • tacú le cur chun feidhme na Straitéise Náisiúnta Scileanna, Bealaí chun Oibre agus an Plean Gníomhaíochta um Poist
  • cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Scileanna TFC a mhaoirsiú
  • obair leis an earnáil ardoideachais chun freagairtí do riachtanais sainscileanna a fhorbairt
  • obair leis an Údarás um Ardoideachas agus le gníomhaireachtaí eile maidir le forbairt a dhéanamh ar chláir nuálacha agus sholúbtha breisoiliúna agus athoiliúna do dhaoine dífhostaithe
  • ionadaíocht a dhéanamh don Roinn ar an Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí
  • ionadaíocht a dhéanamh don Roinn ar raon Coistí Idir-Rannacha agus comhlachtaí

Comhlíonadh forálacha éagsúla in Acht na nOllscoileanna, 1997, agus san Acht um Institiúidí Teicneolaíochta, 2006, a áirithiú, lena n-áirítear ceapacháin ar Chomhlachtaí Rialaithe.

Teagmháil

Higher Education Policy and Reseach

Seoladh:
Higher Education - Policy & Research, Department of Education and Skills, Marlborough Street, D01 RC96
Teileafón:
(01) 889 2338 / 2127

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat