Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO


Cé sinn

Déanann Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO (ar a dtugtaí Bord Cláir BOO/SOLAS tráth) ionadaíocht do bhainisteoirí sinsearacha sa Roinn Oideachais, sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, sa tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS), sna Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ/ETBI).

Cad a dhéanaimid

Cuireann Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO rialachas agus treoir ar fáil i dtaca le seachadadh na punainne clár agus tionscadal de chuid Sheirbhísí Comhroinnte BOO.

Tá sé mar aidhm ag an ngasra bualadh le chéile ar bhonn ráithiúil.

Téarmaí Tagartha

  • Féachaint chuig ailíniú foriomlán leanúnach na gclár agus na dtionscadal le treoir straitéiseach na hearnála BOO mar a cuireadh i bhfriotal sna cáipéisí straitéise i dtaca leis an dá Roinn, SOLAS agus na Boird Oideachais agus Oiliúna.
  • Pleananna a fhaomhadh agus a chomhaontú i leith na punainne clár agus tionscadal de chuid sheirbhísí comhroinnte earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna.
  • Comhordú a chinntiú sna cláir agus le tionscnaimh eile chun an ailíniú straitéiseach agus beartú cuí na tosaíochta a áirithiú, ag féachaint sa tréimhse ón ngearrthéarma go dtí an meántéarma don mhaolú priacail, don chomhlíontacht reachtúil rialála, do chur i ngníomh mholtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus d'fhorbairt shamhail na seirbhísí comhroinnte.
  • Féachaint chuige go gcoinneofar an priacal bainisteoireachta Cláir agus Tionscadail faoi athbhreithniú agus go bhforbrófar gníomhartha cuí maolúcháin agus go gcuirfear na gníomhartha sin i bhfeidhm.
  • Comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Oifigeach Freagrach Sinsearach.
  • Tacú go gníomhach le seachadadh na punainne clár de chuid na seirbhísí comhroinnte.

I gcomhréir le prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, oibríonn Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO faoi na treoirlínte a leagtar amach sa Chód Trédhearcachta. Ciallaíonn sé seo go ndéantar ballraíocht an ghasra, an clár oibre agus miontuairiscí agus cláir ghnó na gcruinnithe ar fad a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin seo. Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí den Chód Trédhearcachta sa nasc seo a leanas: Faisnéis do Chomhlachtaí Poiblí - Cód Trédhearcachta .

Ballraíocht

Bernie McNally
Cathaoirleach, Ard-Rúnaí, An Roinn Oideachais agus Óige
*
Anne-Marie Sherkle 
Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige
*
Cliodhna O’Neill 
Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige
*
Martin Clohessy
Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige
 
Sally Cao 
Príomhoifigeach, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais Taighde nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE)
 
Paddy Lavelle
Ard-Rúnaí, BOOÉ/ETBI
 
Aileen Healy 
 
 
Martin G. O’Brien 
 
 
Andrew Brownlee
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, SOLAS
 
Micheál Lenihan
Príomhoifigeach, Oibríochtaí Párolla BOO ESBS
 
Siobhan Gaffey 
Príomhoifigeach, Seirbhísí Comhroinnte
 
  • =Oifigeach poiblí ainmnithe

Cáipéisí na gCruinnithe

Teagmháil

ETB/Shared Services Programme Board Secretary

Seoladh:
Department of Education and Youth, Dublin 1, Marlborough Street, D01 RC96
Ríomhphost:

PMO@education.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat