Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2026
Cé sinn
An Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta.
Cad a dhéanaimid
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta i Márta 2017 chun tacú le cur i bhfeidhm céimnithe an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
Tionóladh an cruinniú deiridh den Choiste Comhairleach ar an 10 Nollaig 2025. Tá Coiste Comhairleach nua le bunú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, an Pholasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an Phlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.
Téarmaí Tagartha
Is éard a dhéanann an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta:
- príomhpháirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun comhairle a thabhairt ó raon leathan tuairimí d’fhonn tacú le hobair an Aonaid um Oideachas Gaeltachta
- comhpháirtíochtaí a thógáil agus páirtithe leasmhara a ghríosú
- fóram a sholáthar don phlé faoi chur i bhfeidhm an pholasaí, treoir a thabhairt agus tosaíochtaí a aithint de réir mar is cuí
- monatóireacht ar an dul chun cinn i dtaca le gnéithe/gníomhartha polasaí
- teacht roimh dhúshláin agus deiseanna, agus iad a shainaithint, chun tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach an Pholasaí agus chun comhairle a chur maidir leis an mbealach is fearr le freagairt dóibh
- déileáil le saincheisteanna ar bith eile i dtaca le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a thagann chun cinn ó am go ham.
Is ball de Bhord Bainistíochta na Roinne Oideachais agus Óige a bheidh mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta.
Buailfidh an Coiste Comhairleach um Polasaí Oideachas Gaeltachta lena chéile suas le ceithre huaire sa bhliain.
Ballraíocht
| Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais agus Óige |
| An Chigireacht, An Roinn Oideachais agus Óige |
| An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais |
| Údarás na Gaeltachta |
| Gaeloideachas |
| Conradh na Gaeilge |
| An Foras Taighde ar Oideachas |
| Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) |
| An Chomhairle Mhúinteoireachta |
| An Foras Pátrúnachta |
| Comhchoiste na mBainisteoirí |
| Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann |
| Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha |
| Comhar Naíonraí na Gaeltachta |
| Luath-óige Éireann |
| Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) |
| Aontas Múinteoirí Éireann |
| Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire |
| Aontas Mac Léinn na hÉireann |
| Institiúid Oideachais Marino |
| Ollscoil na Gaillimhe |
| Coláiste Mhuire Gan Smál |
| Coláiste na Tríonóide |
| An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí |
| Tuismitheoirí na Gaeltachta |
| Oidhreacht Chorca Dhuibhne |
| Muintearas |
| Oide |
| Líonra Phríomhoidí Bunscoile Éireann |
| Foras na Gaeilge |
Cáipéisí na gCruinnithe
Sonraí Teagmhála
An tAonad um Oideachas Gaeltachta
- Seoladh:
- An Roinn Oideachais agus Óige, An tAonad um Oideachas Gaeltachta, Seomra S7, Teach Thír Eoghain, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 RC96, Baile Átha Cliath, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6408