Grúpa Comhairleach ar Phleanáil do Scrúduithe Stáit
- Foilsithe: 1 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2025
Cé sinn
Grúpa Comhairleach ar Phleanáil do Scrúduithe Stáit.
Tá an grúpa seo anois tar éis bogadh anonn go dtí Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Cad a dhéanaimid
Ag leanúint dá ról comhairleach tosaigh i bpleanáil do scrúduithe stáit 2020 tugann an Grúpa Comhairleach ar Phleanáil do Scrúduithe Stáit:
- ag aithint rún an Aire agus Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) na scrúduithe stáit a reáchtáil chomh gar don ghnáth agus is féidir, ag cur comhairle sláinte poiblí san áireamh, agus socruithe teagmhasacha iomchuí i bhfeidhm;
- comhairle don Aire agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) maidir le socruithe do na scrúduithe stáit agus aon ghníomhartha iarmhartacha, ag tarraingt, mar is iomchuí, ar na heispéiris agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó chomhairle a thabhairt ar scrúduithe 2020, agus bunaithe ar thaighde ábhartha nuair is féidir;
Beidh an grúpa ag bualadh le chéile chomh minic agus is gá.
Téarmaí Tagartha
- Aitheantas a thabhairt do na bearta a rinneadh cheana féin faoi na socruithe measúnaithe coigeartaithe in 2021, ina n-aithnítear an cur isteach a rinneadh ar eispéireas foghlama na scoláirí agus tógáil air sin trína chinntiú go bhféadfar na Gnáth-Scrúduithe Ardteistiméireachta, lena n-áirítear na comhpháirteanna measúnaithe go léir, a reáchtáil in 2021, faoi réir riachtanais sláinte poiblí a bheith á gcomhlíonadh agus na bearta teagmhasacha oiriúnacha a bheith i bhfeidhm.
- Soiléireacht agus deimhneacht a bheith ann do scoláirí agus don chóras oideachais i dtaca leis na socruithe do na scrúduithe in 2021 agus cinntí a dhéanamh a luaithe agus is féidir chun an tseasmhacht agus an mhuinín a bhfuil géarghá leo a thabhairt don chóras.
- Na hiarrthóirí scrúduithe go léir a chumasú ionas go mbeidh siad ábalta a ngnóthachtálacha foghlama a léiriú chomh maith agus is féidir leo ainneoin an méid a chuir géarchéim Covid-19 as dá gcuid foghlama
- Go bhfaigheadh na hiarrthóirí Ardteistiméireachta go léir aitheantas cóir as a ngnóthachtálacha foghlama ionas go mbeidh ar a gcumas na gráid a fuair siad san Ardteistiméireacht a úsáid chun cur isteach ar iontráil chuig an ardoideachas, chuig an mbreisoideachas nó chuig saol na hoibre i bhfómhar na bliana 2021
- A chinntiú go mbeidh an chumarsáid maidir leis na socruithe do na Scrúduithe Stáit in 2021 soiléir, go háirithe do scoláirí, chun an strus atá orthu de bharr neamhchinnteachta agus mífhaisnéise a laghdú a oiread agus is féidir.
- Sa chomhthéacs ina ndéanfar iarracht na scrúduithe a reáchtáil ar an ngnáthbhealach a oiread agus is féidir, an tionchar a bhí ag dúnadh scoileanna ar fhoghlaim na scoláirí a íoslaghdú a mhéid is indéanta. Ina measc sin tá scoláirí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúlra de (lena n-áirítear scoláirí gan dídean, scoláirí i lóistín éigeandála, scoláirí i lóistín do dhídeanaithe/d’iarrthóirí tearmainn) agus scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu lena n-áirítear scoláirí atá go mór i mbaol agus iad ag foghlaim ó chian faoi AEP.
- Cúram a dhéanamh d’fholláine scoláirí trí laghdú a dhéanamh ar aon bhrú breise a d'fhéadfadh a bheith orthu de bharr ghéarchéim Covid-19, lena n-áirítear an brú a bhaineann le neamhchinnteacht, le cur isteach ar an bhfoghlaim, le strus eacnamaíoch, agus an brú a bhaineann le háiteanna a bhaint amach san ardoideachas agus sa bhreisoideachas.
- Aon bhaol do shábháilteacht agus do shláinte scoláirí agus a dteaghlach a mhaolú, agus do shábháilteacht agus do shláinte na múinteoirí agus na mball eile d'fhoireann na scoile agus d’fhoireann CSS a chumasaíonn scoláirí chun páirt a ghlacadh i scrúduithe nó i measúnuithe eile.
Ballraíocht
- = Oifigigh Poiblí Ainmnithe (DPO)
Cruinnithe
Teagmháil
Rúnaí
Paul Keating
- Seoladh:
- Department of Education and Youth, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
- Ríomhphost: