Grúpa comhairleach DEIS
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 30 Deireadh Fómhair 2025
Cé sinn
Áirítear leis an nGrúpa Comhairleach DEIS ionadaíocht ó aonaid ábhartha sa Roinn Oideachais agus Óige, na páirtithe oideachais agus páirtithe leasmhara eile sa réimse a bpléitear le míbhuntáistí san oideachas.
Cad a dhéanaimid
Is é príomhról an ghrúpa faoi láthair ná forbairt agus cur chun feidhme an Phlean DEIS agus na scéime DEIS Móide nua a chur chun cinn.
Téarmaí Tagartha
Is é cuspóir an ghrúpa seo ná struchtúr a sholáthar chun:
- forbairt agus cur chun feidhme an Phlean DEIS nua a chur chun cinn
- comhairle a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoin bplean, go háirithe:
- áisitheoirí a aithint chun cabhrú le cur chun feidhme.
- comhairle a thabhairt maidir le haon roghanna ar an gcaoi gur cóir an cur chun feidhme a dhéanamh.
- próiseas a chur ar bhun chun athbhreithniú a dhéanamh ar aon fhadhbanna a tháinig chun cinn agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an gcur chun feidhme chomh maith le réitigh fhéideartha ar na fadhbanna sin
- aird a tharraingt ar aon rud a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcur chun feidhme nó ar an amlíne
- uasdátaithe a sholáthar do Ghrúpa Stiúrtha an Chlár agus iad a fháil uathu
- meithleacha a chur ar bun i gceantair a bhfuil tuilleadh taighde ag teastáil iontu agus/nó i gceantair a thagann chun cinn le linn na hoibre ina léirítear go mbeidh taighde breise ag teastáil iontu
- moltaí a scrúdú agus a dhéanamh atá bunaithe ar thuarascálacha a tháirgeann na meithleacha chuig Grúpa Stiúrtha an Chláir
- comhairle a sholáthar maidir le Creatlach Mhonatóireachta agus Mheastóireacht a bhunú.
- cur chuige comhordaithe maidir lena chur chun feidhme a chinntiú.
Ballraíocht
Cáipéisí na gCruinnithe
Teagmháil
Rúnaí
Micheál Killilea
Seoladh:
Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co na hÍarmhí, N37 X659.
Ríomhphost: social_inclusion@education.gov.ie