English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifigigh Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 9 Lúnasa 2023


An tAcht um Míchumas 2005

Tá sé mar aidhm ag an Roinn a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais a gcustaiméirí go léir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus go seastar le cearta chun caitheamh cothrom nuair atá seirbhísí á seachadadh. Leis an Acht um Míchumas 2005, tugtar bonn reachtúil chun seirbhísí poiblí a dhéanamh inrochtana. Le hAlt 25, le hAlt 26, le hAlt 27 agus le hAlt 28 den Acht, cuirtear oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí a gcuid foirgnimh phoiblí, seirbhísí poiblí agus faisnéis phoiblí a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.


Oifigigh Rochtana faoin Acht um Míchumas 2005

Tá Oifigigh Rochtana ceaptha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005. Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus as treoir a chur ar fáil, a eagrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a thagann ar sheirbhísí arna gcur ar fáil ag ár n-oifigí.

Má tá aon deacracht agat doiciméid a íoslódáil ón suíomh seo, déan teagmháil le webmaster@education.gov.ie

Rochtain Mhíchumais do Cuairteoirí chuig Oifigí na Roinne:

Sráid Maolbhríde, Baile Átha Cliath:

Access Officer - Dublin Complex

Ríomhphost:

peter_carroll@education.gov.ie

Teileafón:
(01) 889 6506
Achoimre:
Peter Carroll

Baile Átha Luain:

Access Officer - Athlone Office

Ríomhphost:

Jonathon_Sweeney@education.gov.ie

Teileafón:
(090) 648 3920
Achoimre:
Jonathon Sweeney

Tulach Mhór:

Access Officer - Tullamore Office

Ríomhphost:

kenneth_fagan@education.gov.ie

Teileafón:
(057) 9325414
Achoimre:
Kenneth Fagan

Rochtain Mhíchumais i scoileanna

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta


Oifigeach Fiosrúcháin faoin Acht um Míchumas 2005

Tá Oifigeach Fiosrúcháin ceaptha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar faoi alt 38 den Acht um Míchumas. Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh chuig an Oifigeach Fiosrúcháin más rud é nach bhfuil alt 25, alt 26, alt 27 nó alt 28 den Acht um Míchumas 2005 comhlíonta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is féidir gearán a dhéanamh go pearsanta, i scríbhinn, ar an teileafón, trí fhacs, trí r-phost nó le cúntóir. Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin iniúchtaí go príobháideach agus cuirfidh sé/sí tuarascáil le chéile ina luafar:

cé acu atá nó nach bhfuil do ghearán bailí,

cé acu a bhí nó nach raibh mainneachtain ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a bhaineann le do ghearán.

Sa chás go raibh mainneachtain, leagfar amach na céimeanna a bheidh le glacadh chun comhlíonadh amach anseo a chinntiú. Cuirfear an tuarascáil seo ar fáil d’Ard-Rúnaí na Roinne agus don duine a rinne an gearán


Teagmháíl

Office of the Secretary General

Seoladh:
Office of the Secretary General, Department of Education, Marlborough Street, Dublin 1, D01 RC96
Ríomhphost:

secgen@education.gov.ie

Teileafón:
(01) 8892218/2226/6432