Seirbhísí Dlí
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2019
 - An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2021
 
Tugann an tAonad um Sheirbhís Dlí comhairle don Aire agus don Roinn ar shaincheisteanna dlí agus cinntíonn siad bainistiú éifeachtach na dlíthíochta, rud a bhfuil an tAire ina pháirtí ann. Ní féidir le hAonad na Seirbhísí Dlíthiúla comhairle dlí a chur ar fáil do dhaoine ná do chomhlachtaí seachas an tAire agus an Roinn. Comhordaíonn an tAonad chlár reachtaíochta na Roinne.
Cad a dhéanaimid
- athbhreithniú ar thograí polasaí, go háirithe iad siúd a éilíonn reachtaíocht, d'fhonn réiteach a fháil ar aon saincheisteanna bunreachtúla nó dlí
 - comhairle a thabhairt ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta
 - idirchaidreamh a dhéanamh leis na soláthróirí seirbhíse a bhaineann le dlíthíocht agus comhairle a thabhairt ar an bpróiseas dlí
 
Teagmháil
Legal Services
- Seoladh:
 - Department of Education, Legal Services, Marlborough Street, Dublin, D01 RC96