An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Seirbhís do Chustaiméirí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Roinn tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar ar mhodh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Freagraítear don tiomantas sin sa Ráiteas Straitéise. Sainaithnítear gur inniúlacht thábhachtach don fhoireann í seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí.
Is é is aidhm dúinn seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí, faoi mar a shonraítear inár gCairt Chustaiméirí, agus caighdeán na seirbhíse a sholáthraímid a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Cuirimid fáilte roimh do thuairimí faoi na seirbhísí sin. Trí bheith ag éisteacht le tuairimí ár gcustaiméirí agus freagairt dóibh, tugtar faisnéis thábhachtach dúinn a chabhróidh linn ár seirbhísí a fheabhsú. Má bhain tú sástacht ar leith as an tseirbhís a fuair tú, ba mhaith linn an fhaisnéis sin a bheith againn. Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl don fhoireann sa rannóg a sholáthraíonn an tseirbhís. Is féidir leat freisin do nótaí tráchta a chur trí ríomhphost do Customer_ServiceOffice@education.gov.ie.
Mar chustaiméir, d’fhéadfá a bheith míshásta leis an gcaighdeán seirbhíse a fuair tú ón Roinn. Aithnímid gur féidir meancóga a dhéanamh agus moilleanna a tharlú. Ceaptar ár nósanna imeachta gearán chun cabhrú leat gearán a dhéanamh ionas go bhféadfaimid freagairt agus, nuair is féidir, rudaí a cheartú.
Féach Freisin:
Teagmháil
An Oifig um Seirbhísí Custaiméara
- Seoladh:
- An Roinn Oideachas, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 RC96
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
(01) 889 6690