Treoracha RACE 2026 do Scoileanna
- Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2025
Tá tús á chur ag CSS anois le próiseas Iarratais RACE 2026 le foilsiú Threoracha RACE 2026 do Scoileanna ar líne chomh maith leis na foirmeacha iarratais d’iarrthóirí na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireacht Fheidhmeach, a bhfuil spriocdháta an 21 Samhain acu, agus iarrthóirí na Sraithe Sóisearaí, a bhfuil spriocdháta an 12 Nollaig 2025 acu.
Beidh na doiciméid seo ar fad i scoileanna i gcóip chrua díreach tar éis filleadh ar scoileanna ó bhriseadh lár téarma Dheireadh Fómhair agus tá siad ar fáil go leictreonach anseo.
Tá tús curtha ag CSS le hathbhreithniú cuimsitheach ar fud an chórais ar Scéim RACE a fhéachfaidh leis na saincheisteanna ábhartha agus an dea-chleachtas go hidirnáisiúnta a chur san áireamh.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le rialachas agus maoirseacht an athbhreithnithe, ballraíocht an Ghrúpa Stiúrtha agus na Téarmaí Tagartha don athbhreithniú a fháil ar shuíomh gréasáin an CSS; https://www.examinations.ie/RACEReview/
Níl aon choigeartuithe ar Scéim RACE do scrúduithe 2026 deimhnithe ag an CSS go dtí seo. Mar sin féin, tá CSS ag leanúint ar aghaidh ag obair ar mheasúnú a dhéanamh ar incháilitheacht do scéim leathnaithe ama breise ar bhonn píolótach a bhfuil sé ar intinn aige a bheith ar siúl do scrúduithe teastais 2026 d’iarrthóirí áirithe atá incháilithe cheana féin don Scéim RACE. Rachaidh CSS i dteagmháil tuilleadh le páirtithe leasmhara maidir leis na socruithe píolótacha seo lena n-áirítear, go háirithe, comhlachtaí bainistíochta scoile agus ceannaireachta, ag tabhairt faoi deara an ról fíorthábhachtach atá ag údaráis scoile i seachadadh rathúil na scrúduithe Stáit gach bliain.
Cuirfear aon athruithe a dhéanfar chun an scéim a leathnú i bhfeidhm ar na hiarrthóirí sin atá incháilithe cheana féin do thacaíochtaí RACE, agus a mheastar a bheith incháilithe bunaithe ar na critéir atá le forbairt. Mar sin, tá sé tábhachtach go rachadh scoileanna ar aghaidh le hiarratais ar scéim RACE 2026 de réir na n-amlínte atá leagtha amach sa doiciméad Treoracha RACE do Scoileanna 2026.