An Bille um Scéim Ghinearálta na dTacaíochtaí do Mharthanóirí de Dhrochúsáid in Institiúidí Cónaithe
- Foilsithe: 22 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis fhaomhadh an Rialtais, d’fhoilsigh an tAire Oideachais Norma Foley an Bille um Scéim Ghinearálta na dTacaíochtaí do Mharthanóirí de Dhrochúsáid in Institiúidí Cónaithe 2023.
Tá an Scéim Ghinearálta iomlán ar fáil chun amharc uirthi nó lena híoslódáil ag bun an leathanaigh seo.
Cruthóidh an Bille an bunús dlí chun soláthar a dhéanamh do phríomhthacaíochtaí éagsúla dóibh siúd a fuair dámhachtain faoin Scéim um Shásamh i leith Foras Cónaithe nó dámhachtain cúirte nó socrú den chineál céanna. Cuimsíonn na tacaíochtaí seo pacáiste feabhsaithe tacaíochtaí agus seirbhísí sláinte agus tacaíocht bhreise airgeadais dóibh siúd ar mian leo dul i ngleic le cúrsaí oideachais. Déanfaidh an Bille foráil freisin do dhíscaoileadh Bhord an Chiste Reachtúil Foras Cónaithe (Caranua).
Dúirt an tAire Foley: “Tá an-áthas orm gur fhaomh an Rialtas an dréacht den Bhille um Thacaíochtaí do Mharthanóirí de Dhrochúsáid in Institiúidí Cónaithe cosúil leis an Scéim Ghinearálta. Go sonrach, déanfaidh sé foráil do chéim nua de thacaíochtaí dóibh siúd a d’fhulaing drochúsáid i scoileanna saothair, scoileanna ceartúcháin agus institiúidí gaolmhara. Is tosaíocht í domsa dréachtú na reachtaíochta seo agus tá súil agam í a chur trí Thithe an Oireachtais chomh luath agus is féidir”.
Teideal fada
Bille dar teideal Achta chun foráil a dhéanamh do sholáthar tacaíochtaí do mharthanóirí de dhrochúsáid i institiúidí cónaithe, díscaoileadh Bhord an Chiste Reachtúil Foras Cónaithe, chun feidhmeanna áirithe a aistriú chun an Aire Oideachais, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid sin.
Nóta mínithe
Déanann Teideal Fada an Bhille foráil gurb é cuspóir na reachtaíochta seo foráil a dhéanamh do sholáthar na dtacaíochtaí do mharthanóirí de dhrochúsáid in institiúidí cónaithe, do dhíscaoileadh Bhord an Chiste Reachtúil Foras Cónaithe, a bunaíodh faoi fhorálacha an Achta um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe 2012, agus chun feidhmeanna áirithe a aistriú chun an Aire Oideachais.
Ceann 1: Gearrtheideal agus tosach feidhme
Déantar foráil:
1. (1) Féadfar an tAcht um Thacaíochtaí do Mharthanóirí de Dhrochúsáid in Institiúidí Cónaithe 2023 a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
Nóta mínithe
Déanann an Ceann seo foráil:
- do ghearrtheideal an Achta
- go dtiocfaidh tosach feidhme an Achta seo i ngníomh le hOrdú ón Aire agus go bhféadfar páirteanna éagsúla den Acht a thabhairt i ngníomh le hOrduithe éagsúla