Is rannán den Roinn Oideachais í an Chigireacht. Soiléirítear a cuid dualgais san Acht Oideachais 1998, áit a leagtar amach na feidhmeanna meastóireachta, comhairleachta, agus forbartha acmhainne atá aici. Feidhmíonn an Chigireacht le neamhspleáchas reachtúil agus cigireacht á déanamh i scoileanna agus suíomhanna oideachais eile. Is é misean uileghabhálach na Cigireachta ná soláthar a dhéanamh le haghaidh dearbhú cáilíochta chóras oideachais na hÉireann mar a bhíonn taithí ag leanaí agus daoine óga air ó bhreith go hocht mbliana déag d’aois. Is príomhchuspóirí in obair na Cigireachta iad ionchuimsiú, folláine agus cosaint leanaí agus daoine óga.
Déanann an Chigireacht meastóireacht ar raon suíomhanna oideachais. Áirítear orthu sin suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ) atá maoinithe ag an stáit, bunscoileanna, agus iar-bhunscoileanna aitheanta, ionad a sholáthraíonn an Clár Ógtheagmhála, coláistí talmhaíochta, agus suíomhanna oideachais eile. Tríd an bhfianaise a bailíodh le linn cuairteanna cigireachta, déanann an Chigireacht meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair oideachais chun torthaí agus eispéiris foghlama níos fearr a chur chun cinn do gach leanbh agus duine óg.
Gníomhaíochtaí Cigireachta
Baineann an Chigireacht úsáid as raon cineálacha cigireachta d’fhonn an soláthar oideachais i scoileanna agus suíomhanna oideachais eile a mheas. Clúdaítear an tréimhse idir 1 Eanáir 2021 agus 31 Nollaig 2023 leis na sonraí a chuirtear i láthair sa mhír seo.
Cuireadh isteach go mór ar obair scoileanna le linn na tréimhse seo le Covid-19. Ba ghá obair chomhairleach agus mheastóireachta na cigireachta a oiriúnú chun freagairt air. Léiríodh i ngníomhaíochtaí cigireachta na Roinne Oideachais leanúnachas na gcroí-iarrachtaí dearbhaithe cáilíochta agus teacht chun cinn tosaíochtaí nua mar fhreagra ar riachtanais oideachais athraitheacha. Mar shampla, leanadh le roinnt gníomhaíochtaí cigireachta le linn na tréimhse seo, dearadh gníomhaíochtaí eile go sonrach don tréimhse phaindéime, agus cuireadh gníomhaíochtaí eile ar sos ar feadh tamaill sular cuireadh tús leo athuair.
Rinneadh cigireachtaí go leanúnach ar shuíomhanna a bhí rannpháirteach sa Chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ). Tugadh isteach cigireachtaí ar an soláthar do naíonáin agus lapadáin faoi bhun trí bliana d’aois in suíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige (FCLÓ) sa tréimhse seo.
I mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, bhí tionchar ag srianta mar a bhain leis an bpaindéim ar chineálacha áirithe cigireachta in 2021, ach sna blianta ina dhiaidh sin tháinig fás ar chineálacha cigireachta, chomh maith le héagsúlú na gcineálacha cigireachta.
Bhí treocht fhoriomlán chomhchosúil ag earnáil na hiar-bhunscoile i dtreo tearnaimh agus leathnú gníomhaíochtaí cigireachta faoi 2023. Tháinig méadú suntasach ar chigireachtaí ábhair, rud a léirigh béim athnuaite ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama ar bhonn ábhair go sonrach de réir mar a tháinig scoileanna as cur isteach na paindéime.
Lean cigireachtaí um Chaomhnú agus um Chosaint Leanaí de bheith ina dtosaíocht i gcónaí le linn na tréimhse seo. Tugadh isteach meastóireachtaí mar a bhain leis an soláthar oideachais le haghaidh leanaí agus daoine óga ón Úcráin agus meastóireachtaí ar an mBéarla mar Theanga Bhreise in 2023, mar fhreagairt ar athrú déimeagrafaic na scoláirí i scoileanna.
In 2023, cuireadh deireadh le cuairteanna cigireachta d’fhonn Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta (TSSS) a bhí chun tosaigh in 2021 agus 2022, rud a léirigh aistriú an chórais oideachais ó bhearta géarfhreagartha paindéime.
Le linn na tréimhse seo, d’fhoilsigh an Chigireacht raon tuairiscí cigireachta aonair ar scoileanna, ar shuíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus ar shuíomhanna oideachais eile. Ina theannta sin, foilsíodh aon tuarascáil téamach is fiche. Cuireadh anailís ilchodach ar fáil leo seo ar thorthaí cigireachta aonair agus ar thuairiscí cigireachta thar raon téamaí. Dearadh iad chun faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara ar fud an chórais oideachais ar cháilíocht agus feidhmíocht scoileanna agus léargais orthu.
Líon na gcigireachtaí
Tábla 1: Achoimre ar ghníomhaíochtaí na Cigireachta
*
Achoimre ar chigireachtaí
2021
2022
2023
Cigireachtaí ar shuíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige a ghlacann páirt sa Chlár COLÓ* lena n-áirítear taighde
211
513
509
Cigireachtaí ar bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialta
Cigireachtaí, cuairteanna comhairleacha agus gníomhaíochtaí meastóireachta eile
408
411
301
Iomlán na gcigireachtaí/ gcuairteanna comhairleacha ar shuíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luath-óige, ar scoileanna, ar ionaid oideachais agus ar shuíomhanna oideachais eile
3369
3591
2717
(*) Clár Cúraim agus Oideachais na Luath-Óige
(**) Cineálacha cigireachta níos giorra a bhí i dtromlach na gcigireachtaí le linn thréimhse Covid, agus cuireadh tús arís leis an ngnáthchlár cigireachta in 2023.
Tábla 2: Cigireachtaí ar shuíomhanna um fhoghlaim agus chúram na luatha-óige rannpháirteach sa Chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ)
Cigireachtaí atá dírithe ar oideachas sna luathbhlianta
2021
2022
2023
Cigireacht atá dírithe ar oideachas sna luathbhlianta
168
490
429
Cigireacht atá dírithe ar an oideachas sna luathbhlianta: leantach
42
14
64
Cuairteanna ar shuíomhanna luathbhlianta mar chuid den obair thaighde agus forbartha
1
-
-
Cigireacht oideachais luathbhlianta: breith go sé bliana d’aois (triail)
-
7
-
Cigireacht oideachais luathbhlianta – breith go sé bliana d’aois
-
-
16
Iomlán na gcigireachtaí sna luathbhlianta
211
511
509
Tábla 3: Cigireachtaí ar bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialta
Cigireachtaí bunscoile agus scoile speisialta
2021
2022
2023
Meastóireacht scoile uile
0
0
0
Meastóireacht scoile uile - bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim
0
1
124
Meastóireacht ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i scoileanna DEIS*
0
0
4
Meastóireacht ar ranganna luath-idirghabhála do leanaí ar a bhfuil uathachas
-
-
15
Meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair do dhaltaí agus do scoláirí ón Úcráin
-
-
53
Meastóireacht ar an soláthar don Bhéarla mar theanga bhreise
-
-
56
Meastóireacht le haghaidh aitheantais mar scoil Ghaeltachta
-
32
58
Cigireacht theagmhasach
478
1135
383
Cigireacht leantach
0
7
4
Meastóireacht ar an soláthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu
0
8
17
Meastóireacht curaclaim
0
200
260
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí: tosaigh
36
21
11
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí: deiridh
30
35
15
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí in áiseanna cónaithe: tosaigh
-
-
0
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí in áiseanna cónaithe: deiridh
-
-
0
Cuairteanna Cigireachta ag Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta( 1)
1301
110
-
Iomlán na gcigireachtaí ar bhunscoileanna agus ar scoileanna speisialt
1845
1517
1000
(*) DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna): Plean Gníomhaíochta um Chuimsiú Oideachais
Tábla 4: Cigireachtaí ar iar-bhunscoileann
Cigireachtaí iar-bhunscoile
2021
2022
2023
Meastóireacht scoile uile - bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim
0
0
38
Cigireacht ábhair
5
132
269
Meastóireacht cláir
0
4
8
Meastóireacht le haghaidh aitheantais mar scoil Ghaeltachta (iar-bhunscoil)
-
4
10
Meastóireacht ar phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin i scoileanna DEIS*
0
0
5
Cigireacht theagmhasach
236
479
101
Cigireacht leantach
0
6
7
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí: Tosaigh
19
16
14
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí: Deiridh
15
27
12
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí in áiseanna cónaithe: Tosaigh
-
-
5
Cigireachtaí um chosaint agus um chumhdach leanaí in áiseanna cónaithe: Deiridh
-
-
3
Meastóireacht ar an soláthar do dhaltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu
0
10
12
Cuairteanna Cigireachta ag Tacú le Soláthar Sábháilte Scolaíochta