An Chigireacht agus cigireacht 2024
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
Réamhrá
Tá an Chigireacht ina rannán de chuid na Roinne Oideachais agus Óige. Tá a cuid dualgas leagtha amach san Acht Oideachais, 1998, ina mionsonraítear na feidhmeanna meastóireachta, comhairleacha, taighde agus fothú acmhainneachta atá aici[1].
Tá neamhspleáchas reachtúil ag an gCigireacht i ndáil le cigireacht a dhéanamh ar scoileanna agus ar shuíomhanna eile oideachais. Is é an misean uileghabhálach atá aici meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus éifeachtacht chóras oideachais na hÉireann de réir mar a bhaineann sé do leanaí agus daoine óga. Ceann de na feidhmeanna lárnacha atá aici is ea comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon ní a bhaineann le beartas oideachais agus soláthar oideachais, lena n-áirítear an curaclam, measúnú agus modhanna múinteoireachta. Tá freagracht reachtúil uirthi meastóireacht a dhéanamh ar mhúineadh, fhorbairt, chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i scoileanna agus in ionaid oideachais agus tuarascáil a thabhairt don Aire maidir leis na nithe sin. Is croíchuspóirí in obair na Cigireachta iad cuimsiú, folláine agus cumhdach leanaí agus daoine óga.
Déanann an Chigireacht cigireacht ar raon suíomhanna oideachais éagsúla. Áirítear leo sin suíomhanna státchistithe fhoghlaim agus chúram na luath-óige, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna aitheanta, scoileanna speisialta, ionaid a sholáthraíonn an Clár Ógtheagmhála, coláistí talmhaíochta, coláistí Gaeilge, príosúin, agus suíomhanna eile oideachais. Tríd an bhfianaise a bhailítear le linn cuairteanna cigireachta, déanann an Chigireacht meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair oideachais chun torthaí agus eispéiris foghlama níos fearr a chur chun cinn do gach leanbh agus duine óg agus tugann sí tuairisc ina leith.
[1] Ar fáil ag: https://www.irishstatutebook.ie/eli/1998/act/51/section/13
Gníomhaíochtaí cigireachta
Úsáideann an Chigireacht raon cineálacha cigireachta chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair oideachais agus ar an dóigh a gcuirtear folláine, cothromas agus cuimsiú chun cinn. Ag deireadh gach meastóireachta, tugann cigirí aiseolas don suíomh nó don scoil a bhfuil cigireacht á déanamh air nó uirthi. Is é cuspóir an aiseolais sin gnéithe dearfacha cleachtais a dhearbhú agus comhairle a thabhairt maidir le haon fheabhsuithe is gá. Faigheann an suíomh nó an scoil aonair tuairiscí cigireachta scríofa ina leagtar amach na cinntí agus na moltaí cigireachta, agus foilsítear na tuairiscí sin ar shuíomh Gréasáin na Roinne.
Ina theannta sin, tiomsaíonn agus anailísíonn an Chigireacht cinntí cigireachtaí a mhéid a bhaineann le téamaí ar leith, agus is mar thuairiscí téamacha a fhoilsíonn sí iad sin. Is é an cuspóir atá le tuairiscí téamacha faisnéis agus léargais cothrom le dáta a thabhairt don Aire agus do gheallsealbhóirí ar fud an chórais oideachais, soláthraithe oideachais tosaigh múinteoirí san áireamh, ar cháilíocht agus feidhmíocht oideachais. D’fhoilsigh an Chigireacht aon tuairisc théamacha dhéag sa bhliain 2024.
Comhthéacs cigireachta
Cumhdaítear sna sonraí atá curtha i láthair sa rannán seo an tréimhse ón 01 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2024. Le linn na bliana 2024, rinneadh cigireachtaí i bhfianaise fás suntasach eile ar an soláthar do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ceadaíodh 408 rang speisialta nua agus osclaíodh ceithre scoil speisialta nua sa bhliain 2024.
Leanadh ar aghaidh le hathfhorbairt curaclaim freisin. Foilsíodh an leagan nuashonraithe de Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige agus Treoir don Dea-Chleachtas[2] an 5 Nollaig 2024. Leanadh ar aghaidh le hathfhorbairt churaclam na bunscoile, agus Curaclam nua Matamaitice na Bunscoile á chur i bhfeidhm sa bhliain 2024, tar éis é a fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2023.
Leanadh ar aghaidh le hathfhorbairt na Sraithe Sinsearaí sa bhliain 2024, agus obair ar siúl ar ábhair nua agus athbhreithnithe, ar fhoghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí, agus ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 a fhorbairt. Tugadh leagan nua de Ráiteas Chlár na hIdirbhliana [3] isteach. Foilsíodh naoi gcinn de shonraíochtaí ábhair Ardteistiméireachta sa bhliain 2024, lenar áiríodh sonraíochtaí do dhá ábhar nua.
D’fhoilsigh an roinn Bí Cineálta: Nósanna Imeachta chun Iompraíocht Bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna[4] i mí an Mheithimh 2024.
[2] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/early-childhood/aistear-2024/
[3] Ar fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/senior-cycle/transition-year/
Díriú cigireachta sa bhliain 2024
Leanadh le díriú ar an teagasc, ar an bhfoghlaim, ar an gceannaireacht agus ar an mbainistíocht ar fud sampla leathan de scoileanna agus de shuíomhanna le linn cigireachtaí sa bhliain 2024. Forbraíodh cineálacha nua cur chuige cigireachta lena leagtar díriú ar leith ar chuimsiú agus rochtain ar an oideachas freisin. Leathnaíodh an clár meastóireachtaí cúram lae iomláin i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Cuireadh tús le hathbhreithniú ar chineálacha cur chuige cigireachta freisin, agus é fós ar siúl sa bhliain 2025. Is é aidhm an athbhreithnithe sin cur lena shofhreagrúla agus lena éifeachtaí atá cineálacha cur chuige cigireachta maidir le tacú le feabhas ar an soláthar oideachais do chách.
An líon cigireachtaí
[5] Is cineál cigireachta leantaí é seo a sheoltar chun comhlíonadh a fhíorú i réimsí a sainaithníodh a bheith neamhchomhlíontach i dtuairisc fhoilsithe dheiridh CCCL.
[6] Áirítear leis an tábla seo mionsonraí faoi thuairiscí a foilsíodh ó mhí Eanáir 2024 go mí na Nollag 2024.