An chomhlántacht idir meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach, 2024: forbairtí agus na chéad chéimeanna eile
- Foilsithe: 17 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Samhain 2025
Réamhrá
Sa bhliain 2023-2024, bhunaigh an Chigireacht foireann chun breathnú ar conas a d’fhéadfaí feabhas a chur ar an gcomhlántacht idir meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach. Comhroinntear sa chaibidil seo na príomhthéamaí a d’eascair as cruinnithe a tionóladh leis na páirtithe leasmhara sa bhliain 2024 agus go luath sa bhliain 2025 [1]. Leagtar amach inti na tuairimí a bhí ag na páirtithe leasmhara ar na dúshláin a bhaineann le féinmheastóireacht scoile (FMS), mar aon lena léargais ar conas feabhas a chur ar an gcomhlántacht idir meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach. Cuirtear síos inti freisin ar an obair forbartha atá ar bun faoi láthair, lena n-áirítear Feabhsú, ar cur chuige nua é i leith gnéithe d’fheabhsú scoile.
Is é is FMS ann próiseas ina ndéanann scoileanna machnamh ar a gcáilíocht agus a gcleachtas féin, ina mbailíonn siad fianaise agus ina bpleanálann siad d’fheabhsú. De réir taighde, nuair a scrúdaíonn múinteoirí a gcleachtas aonair agus a gcleachtas comhchoiteann ar bhealach cuiditheach struchtúrtha, is amhlaidh is féidir leo feabhas suntasach a chur ar fhoghlaim scoláirí [2]. Le himeacht na mblianta, tá aird á tarraingt ag páirtithe leasmhara ar an ngá atá le feabhas a chur ar an ról atá ag na scoileanna féin i bhféinmheastóireacht agus le tuilleadh neamhspleáchais a thabhairt do scoileanna chun tosaíochtaí agus gníomhartha feabhsúcháin a shainaithint [3]. Aithnítear freisin nár éirigh leis na scoileanna uile an dul chun cinn céanna a dhéanamh ar a n-aistear féinmheastóireachta scoile, agus teastóidh tacaíocht chomhairleach sa bhreis ó roinnt scoileanna [4]. Áitíonn McNamara et al. (2022) [5] gur gá dul i mbun díospóireacht ar threo na féinmheastóireachta scoile in Éirinn de dheasca na mbealaí neamh-chomhsheasmhacha ina ndeachaigh scoileanna i mbun an phróisis.
Agus an tríú timthriall de FMS le teacht chun deiridh sa bhliain 2026, thapaigh an Chigireacht an deis chun caidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara, chun dearcthaí éagsúla a bhailiú, chun ailíniú a chinntiú le tosaíochtaí oideachais náisiúnta agus chun fís chomhroinnte a chomhchruthú don chéad chéim eile d’fhorbairt FMS.
Próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara maidir le FMS
Sa bhliain 2024, d’éascaigh an Chigireacht roinnt pléití fócasghrúpa le comhpháirtithe agus príomhpháirtithe leasmhara ar mhaithe leis an bpróiseas FMS a iniúchadh tuilleadh [6]. Áiríodh leis na seisiúin sin ionadaithe ó chomhlachtaí pátrúnachta agus bainistíochta, príomhoidí scoile, daoine den lucht ceannaireachta, ionadaithe ó sheirbhísí tacaíochta agus comhghleacaithe ó na trí phríomhcheardchumann múinteoirí ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Chabhraigh na léargais ar chomhroinn rannpháirtithe iad le forbairt an phróisis athshamhlaithe FMS a ghéarú agus a neartú. Tabharfar ról do scoláirí agus tuismitheoirí sa chéad chéim eile de chomhairliúcháin.
D’eascair cúig phríomhthéama as an bpróiseas comhairliúcháin:
- cur chun feidhme éigeantach FMS, agus cultúr comhoibríoch a chothú
- an próiseas sé chéim mar mhodh chun gabháil d’fhéinmheastóireacht
- an cur amach atá ag scoileanna atá sa chlár DEIS ar an bpróiseas FMS
- an t-ailíniú idir an próiseas FMS agus neamhspleáchas méadaithe scoile
- an ról comhairleach atá ag an gCigireacht agus tacaí eile
Cur chun feidhme éigeantach FMS, agus cultúr comhoibríoch a chothú
D’admhaigh rannpháirtithe gur rannchuidigh an próiseas FMS go mór le cultúr cleachtais mhachnamhaigh agus cumas chun féinmheastóireacht a dhéanamh agus chun obair go comhoibríoch a chothú. Mar thionscnamh scoile uile, cuirtear ionchuimsitheacht chun cinn leis an FMS trí ról a thabhairt do gach duine den phobal scoile agus trí bhaill foirne a chumhachtú nuálaíocht agus athrú oideolaíoch a threorú. Thug ceannairí scoile faoi deara méadú suntasach ar a thoilteanaí atá múinteoirí straitéisí éifeachtacha teagaisc agus foghlama a chomhroinnt le comhghleacaithe. D’fháiltigh siad freisin roimh an dóigh ar cuireadh tionscnaimh chomhaontaithe i bhfeidhm go praiticiúil i gcleachtas seomra ranga agus roimh an díriú traschuraclaim a ghabhann le FMS.
Tríd is tríd, chuir rannpháirtithe in iúl gur ag an gceanglas foirmiúil gabháil do FMS a bhí ról lárnach maidir leis an bpróiseas a leabú isteach i gcultúr na scoile. Is ann anois do thuiscint fhorleathan ar chroíphrionsabail na féinmheastóireachta i gcomhthéacs feabhsúcháin scoile, mar aon le glacadh forleathan leis na croíphrionsabail sin. Tá an dearcadh sin ag teacht le seasamh na Cigireachta, is é sin go gcomhlánaíonn meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach a chéile agus gur féidir leo feabhsú scoile níos inbhuanaithe agus níos fadtéarmaí a bhrú chun cinn nuair a chomhtháthaítear iad go héifeachtach le chéile.
An próiseas sé chéim mar mhodh chun gabháil d’fhéinmheastóireacht
Mheas rannpháirtithe go raibh an próiseas sé chéim FMS ag teacht chun bheith níos seanbhunaithe ar fud scoileanna. Rinne siad trácht ar an gcineál ionchuimsitheachta atá ag FMS, á rá gur féidir comhghleacaíocht, pleanáil straitéiseach agus cuspóir comhroinnte a chothú i measc baill foirne scoile léi. Tugtar leis an bpróiseas, creat struchtúrtha do scoileanna lena úsáid acu chun machnamh a dhéanamh ar dhul chun cinn sna réimsí tosaíochta ar shainaithin siad féin. Cuirtear ar chumas scoileanna freisin leis na bpróiseas cleachtais éifeachtacha a cheiliúradh, obair foirne a neartú agus díriú ar na nithe is tábhachtaí laistigh dá gcomhthéacs scoile uathúil.
An cur amach atá ag scoileanna atá sa chlár DEIS ar an bpróiseas FMS
Le linn na gcomhairliúchán, thug ceannairí scoile le fios go raibh scoileanna DEIS i riocht an-mhaith chun gabháil don phróiseas FMS, mar gheall ar iad a bheith ag tabhairt faoi phleanáil gníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin ón mbliain 2008 i leith. Thug siad faoi deara gur chosúil go raibh ag éirí go maith le comhtháthú foriomlán FMS laistigh den chreat DEIS. Bhí dúshláin le sárú ag roinnt bheag scoileanna go fóill maidir le tuiscint foirne a ailíniú, áfach, go háirithe maidir leis an bplean DEIS a aithint mar phlean FMS na scoile nó mar phlean feabhsúcháin scoile.
An t-ailíniú idir an próiseas FMS agus neamhspleáchas méadaithe scoile
Féachadh ar FMS mar rud lena dtacaítear leis an neamhspleáchas atá ag an bhfoireann agus í ag freagairt, de réir mar is gá, do threochtaí scoile atá ag teacht chun cinn agus d’aiseolas ó pháirtithe leasmhara. Bhí páirtithe leasmhara ar aon tuairim, den chuid ba mhó, go dtaitníonn le scoileanna an neamhspleáchas atá acu a dtosaíochtaí féin a chinneadh agus go bhfáilteodh siad roimh thuilleadh neamhspleáchais fós. Cé gur luaigh roinnt rannpháirtithe gur cuireadh srian ar neamhspleáchas na scoile mar thoradh ar an treoir ón roinn maidir le tosaíochtaí náisiúnta FMS, d’fháiltigh rannpháirtithe eile roimh an treoir a fuarthas.
Dar le rannpháirtithe, tá seans níos fearr ann go n-éireoidh le FMS nuair a chuirtear comhthéacs uathúil gach scoile san áireamh le linn fianaise a bhailiú, tosaíochtaí a shainaithint agus spriocanna a shocrú. Cruthaíodh deiseanna chun ceannaireacht, gníomhú agus neamhspleáchas múinteoirí a fhorbairt sna cásanna sin ina raibh múinteoirí i gceannas ar thionscnaimh agus inar thug siad an t-eolas is deireanaí ar dhul chun cinn ag cruinnithe foirne. Féachadh ar FMS mar rud lena dtacaítear leis an neamhspleáchas réalaíoch atá ag an bhfoireann agus í ag freagairt, de réir mar is gá, do threochtaí scoile atá ag teacht chun cinn agus d’aiseolas ó pháirtithe leasmhara.
An ról comhairleach atá ag an gCigireacht agus tacaí eile
Bhí comhaontú leathan ann maidir lena thábhachtaí atá tacaíocht sheachtrach do FMS. Aithníodh cuairteanna comhairleacha ó Oide [7] a bheith tábhachtach maidir le cabhrú le scoileanna tosaíochtaí a shainaithint agus pleananna feabhsúcháin fiúntacha a dhearadh. Measadh cuairteanna comhairleacha ón gCigireacht a bheith ina n-acmhainn thábhachtach do scoileanna freisin. Mheas rannpháirtithe an tacaíocht a fhaightear ó Oide agus ón gCigireacht a bheith comhlántach, agus mhol siad go leanfadh cuairteanna comhairleacha ar aghaidh.
Chuir na comhpháirtithe in iúl go bhfuil líon mór príomhoidí nua scoile ann sa chóras agus go bhfuil seans ann go dteastaíonn tacaíocht uathu chun tuilleadh inniúlachta a fhorbairt sa phróiseas FMS. Measadh go ngabhann deiseanna tacúla le pobail chleachtais a fhorbairt agus le cleachtais feabhsúcháin scoile agus cleachtais FMS a chomhroinnt trí thionscnaimh amhail Tionscadal na Scoileanna Foghlama [8]. Bhí fonn láidir ar rannpháirtithe tuilleadh deiseanna a fháil chun páirt a ghlacadh in imeachtaí piarchomhroinnte agus piarfhoghlama den sórt sin.
Chuir ceannairí scoile muinín in iúl as cáilíocht na treorach foilsithe agus na ndoiciméad tacaíochta foilsithe a chuir an Roinn ar fáil, agus iad ag rá go bhfuil siad éifeachtach maidir le tacú le feabhsú scoile. A bhuí leis an treoir agus na doiciméid sin, amhail Ag Breathnú ar an Scoil Againne, cabhraítear le baill foirne spriocanna uaillmhianacha a thiontú ina straitéisí fiúntacha praiticiúla a bhfuil acmhainneacht acu feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim sa seomra ranga. D’aithin ceannairí scoile freisin an t-ailíniú láidir atá ann idir doiciméid bheartais náisiúnta agus an próiseas FMS, go háirithe maidir leis an dóigh a sainítear agus a ndealaítear cleachtais éifeachtacha agus an-éifeachtach teagaisc, foghlama, cheannaireachta agus bhainistíochta sa doiciméad Ag Breathnú ar an Scoil Againne.
Dúshláin reatha maidir le FMS a chur chun feidhme i scoileanna
Shainaithin ceannairí scoile roinnt dúshlán a bhaineann le FMS a chur chun feidhme go héifeachtach ina bpobal scoile [9]. Is suntasach an rud é gur le dúshláin shonracha a bhain roinnt de na héachtaí atá luaite thuas. Ba iad seo na cúig phríomhdhúshlán:
- aitheantas a thabhairt don bhreisluach a bhaineann le FMS
- am chun gabháil don phróiseas FMS
- bainistiú sonraí, bailiú fianaise, socrú spriocanna, agus páipéarachas
- tosaíochtaí atá san iomaíocht le chéile
- ról a thabhairt don phobal scoile
Aitheantas a thabhairt don bhreisluach a bhaineann le FMS
Tháinig príomhoidí scoile ar dhúshláin maidir leis an réasúnaíocht is bun le gabháil don phróiseas FMS a chur ina luí ar mhionlach suntasach múinteoirí. Bhraith siad gur fhéach roinnt múinteoirí ar FMS mar chúram foirmleach, rud ar ghá é a dhéanamh. D’fhág sé sin gur caitheadh leis mar chleachtadh comhlíonta, agus ní mar uirlis fhiúntach le haghaidh feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim sa seomra ranga. Thug siad faoi deara go raibh ró-ualach tionscnaimh agus tuirse foirne i réim, rud a bhí taobh thiar den easpa tacaíochta don phróiseas. Cé gur chreid siad go bhféadfadh ceannaire scoile FMS a bhrú chun cinn laistigh de scoil, bheadh ríthábhacht ag baint le rannpháirtíocht foirne maidir le rath a bhaint amach.
Am chun gabháil don phróiseas FMS
Bhí comhdhearcadh ann go bhfuil sé tábhachtach am a chur i leataobh le haghaidh obair chomhoibríoch ar mhaithe le húinéireacht ar FMS a chothú i measc na foirne. Tháinig an comhthéacs scoile chun cinn mar thoisc ríthábhachtach le linn pléití. Thuairiscigh roinnt ardcheannairí agus meáncheannairí scoile gur beag deis a bhíonn acu bualadh le chéile go tráthrialta. Thuairiscigh roinnt díobh gur le linn sosanna lóin nó am pearsanta múinteoirí a tharlaíonn cruinnithe a bhaineann le FMS go minic.
Thug rannpháirtithe faoi deara freisin gur tháinig laghdú suntasach ar an méid ama a bhíonn ar fáil le haghaidh pleanáil chomhchoiteann FMS mar thoradh ar uaireanta Pháirc an Chrócaigh a ath-leithdháileadh ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach aonair.[10] Measadh gur tháinig caillteanas substaintiúil as an athrú sin, mar gheall ar an luach atá ar FMS mar chomhfhiontar gairmiúil.
Bainistiú sonraí, bailiú fianaise, socrú spriocanna, agus páipéarachas
Thug beagnach gach rannpháirtí faoi deara feabhas suntasach le himeacht ama ar an gcineál fianaise a bhailítear mar chuid den phróiseas FMS. Chuimhnigh cuid mhór díobh ar thréimhse inar bailíodh méid iomarcach sonraí, a raibh sé deacair iad a bhainistiú. Tá seans ann nach raibh an oiread sin fiúntais ag baint leis na sonraí sin ach oiread chun críocha feabhsúcháin cáilíochta. Maidir le suirbhéanna agus fócasghrúpaí, chomhaontaigh rannpháirtithe gur gá tuilleadh tacaíochta agus comhairle a thabhairt maidir le conas ceisteanna a cheapadh agus maidir le conas na sonraí a bhailítear a thaifeadadh, a anailísiú agus a thuairisciú.
Rinne ceannairí scoile trácht ar na dúshláin a bhaineann le sonraí a anailísiú agus le spriocanna atá sonrach, intomhaiste, inghnóthaithe, réalaíoch agus faoi cheangal ama a cheapadh, ar spriocanna iad atá fiúntach agus réalaíoch araon laistigh dá gcomhthéacsanna sonracha. Ghlac siad leis nach féidir gach sprioc a chainníochtú agus go bhfuil tuilleadh oiliúna ag teastáil chun tacú le scoileanna spriocanna éifeachtacha a shocrú. Cheap siad gur ghá cur leis an gcumas atá ag ceannairí scoile agus múinteoirí fianaise a shainaithint, sonraí a bhailiú agus a anailísiú, spriocanna a shocrú, agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn.
Bhraith roinnt rannpháirtithe gur ghá don lucht ceannaireachta scoile a bheith níos réalaíche faoin méid oibre is féidir a chríochnú laistigh de thimthriall FMS agus pleanáil do chreataí ama níos cuí chun cleachtais a leabú. Tá sé ríthábhachtach díriú a choimeád ar thionscnaimh feabhsúcháin scoile a mhaireann níos faide ná deireadh an timthrialla FMS. Tá sé ríthábhachtach freisin dóthain ama a chur i leataobh ionas go dtiocfaidh na gníomhartha straitéiseacha sin chun bheith leabaithe go hiomlán. Dar le príomhoide amháin, mar shampla: “Is róghearr atá an timthriall trí bliana. Is féidir go mbeidh tréimhse cúig bliana ag teastáil chun spriocanna áirithe a leabú, agus is féidir nach mbeidh an méid céanna ama ag teastáil i gcás cinn eile.”
Tosaíochtaí atá san iomaíocht le chéile
Rinne príomhoidí trácht ar na deacrachtaí a bhaineann le hualaí méadaitheacha oibre agus leis na freagrachtaí a bhaineann le FMS a chur chun cinn agus tacú le tosaíochtaí eile scoile a ghnóthú ag an aon am amháin. Thug siad le tuiscint go bhfuil tuilleadh tacaíochta ag teastáil chun scoileanna a chumasú na naisc atá ann idir FMS agus an teagasc agus an fhoghlaim a fheiceáil agus chun a léiriú conas is féidir FMS a úsáid ar bhealach fiúntach ionas go mbeifear in ann athchóiriú curaclaim a chur chun feidhme sna hearnálacha bunscoile agus iar-bhunscoile.
Rinneadh trácht freisin ar na dúshláin a bhaineann le tarmligean freagrachtaí, le hiomlaoid foirne agus le hathruithe ar róil ceannaireachta FMS. Ar leibhéal na bunscoile agus i scoileanna beaga, bhraith a lán príomhoidí gur orthusan atá an fhreagracht iomlán as FMS a threorú. In iar-bhunscoileanna, bhraith rannpháirtithe gur ghá comhordaitheoirí ábhair a chumasú a ranna ábhair féin a threorú. Mheas rannpháirtithe gur chruthaigh FMS dúshlán ar leith do scoileanna nuabhunaithe agus do scoileanna atá i mbéal forbartha. Mheas siad é sin toisc gur ghá an próiseas a bhunú as an nua agus go bhféadfadh sé iad a thraochadh.
Ról a thabhairt don phobal scoile
Beag beann ar an luach a chuir ceannairí scoile ar ról a thabhairt don phobal scoile, thuairiscigh a lán ceannairí bunscoile agus iar-bhunscoile gur tháinig siad ar dhúshláin shuntasacha maidir le tuismitheoirí agus scoláirí a chur ag gabháil don phróiseas FMS ar bhealach fiúntach. Ní bhfuarthas an oiread sin freagraí ó thuismitheoirí le linn suirbhéanna. Chomh maith leis sin, d’fhiafraigh roinnt rannpháirtithe faoi bhealaí éifeachtacha inar féidir ról a thabhairt do thuismitheoirí sa phróiseas agus conas is fearr is féidir tuairiscí ar dhul chun cinn a chomhroinnt leis an mórphobal scoile.
Agus an ról atá ag an mbord bainistíochta maidir le FMS á phlé, thug roinnt rannpháirtithe faoi deara gurbh fhairsing a bhí na cláir oibre do chruinnithe boird ina lán cásanna. D’fhág sé sin go raibh sé deacair dóthain ama a chur i leataobh le haghaidh plé fiúntach a dhéanamh ar FMS agus ar phleanáil le haghaidh feabhsú scoile. Luaigh roinnt rannpháirtithe freisin go gcruthaítear dúshláin mar thoradh ar uainiú an tuairiscithe ar an bplean feabhsúcháin scoile, a tharlaíonn de ghnáth ag an gcruinniú boird i mí an Mheithimh. Mar gheall ar an tuairisciú sin a bheith ar siúl i gcomhthráth leis an tréimhse saoire samhraidh, bíonn leibhéil laghdaithe dírithe agus rannpháirtíochta i gceist leis.
Feabhas a chur ar an gcomhlántacht idir meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach
Gné ríthábhachtach den chaidreamh le páirtithe leasmhara ba ea a bhreithniú conas a d’fhéadfaí feabhas a chur ar mheastóireacht inmheánach agus ar mheastóireacht sheachtrach. Rinne an grúpa páirtithe leasmhara breithniú ar an dóigh a bhféadfadh an Chigireacht samhail inbhuanaithe feabhsúcháin scoile a chur chun cinn, ar samhail í atá comhoibríoch agus fianaisebhunaithe agus lena dtugtar meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach níos gaire dá chéile. Chuir rannpháirtithe comhairliúcháin in iúl gur ghá na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- samhail ard-iontaoibhe a chruthú agus tuilleadh neamhspleáchais a thabhairt do scoileanna maidir lena dtosaíochtaí feabhsúcháin féin a chinneadh
- an tsamhail feabhsúcháin scoile a choinneáil simplí, agus díriú méadaithe á leagan ar an teagasc, ar an bhfoghlaim agus ar an measúnú
- tacaíocht chomhairleach a thabhairt do scoileanna
- an dea-chleachtas a chomhroinnt agus comhoibriú a éascú le scoileanna eile
- comhoibriú scoile uile agus braistint comhfhreagrachta a chur chun cinn.
[1] Tugtar tuilleadh faisnéise cúlra i gCaibidil 11, Machnamh ar pharaidím le haghaidh feabhsú scoile: an chomhlántacht a d’fhéadfadh a bheith idir meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach, de Tuarascáil na Cigireachta (2021–2023) agus Athbhreithniú Téamach.Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/tuarasc%c3%a1il-chigireachta-na-roinne-oideachais-2021-2023-agus-athbhreithni%c3%ba-t%c3%a9amach/
[2] Hislop, H. (2017). A co-professional approach to inspection for accountability and improvement: progress and prospects in the Irish context. The Irish Journal of Education / Iris Éireannach an Oideachais, 42, lgh 3–27. https://www.jstor.org/stable/26607238; 43.; Coolahan, J., Drudy, S., Hogan, P., Hyland, Á. and McGuiness, S. (2017). Towards a Better Future: A Review of the Irish School System. Corcaigh. Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann agus Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas-Phríomhoidí. lch 141
[3] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/machnamh-ar-pharaidim-le-haghaidh-feabhsu-scoile-an-chomhlantacht-a-dfheadfadh-a-bheit.pdf
[4] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/seirbhisi/f%C3%A9inmheast%C3%B3ireachta-scoile-fms/
[5] McNamara, G., Skerritt, C., O’Hara, J., O’Brien, S., agus Brown, M. (2021). For improvement, accountability, or the economy? Reflecting on the purpose(s) of school self-evaluation in Ireland. Journal of Educational Administration and History, 54(2), lgh 158–173. https://doi.org/10.1080/00220620.2021.1985439
[6] Sa bhliain 2022, rinne an Chigireacht suirbhé ar phríomhoidí scoile agus múinteoirí maidir le FMS. Tá na cinntí, agus iad dearfach den chuid is mó. Ar fáil ag: https://youtu.be/sLobAngbJRg
[7] Féach: https://oide.ie/ga/
[8] Bhí Tionscadal na Scoileanna Foghlama, ar chistigh Rannóg Oideachais Múinteoirí na roinne é, ina thionscadal taighde gníomhaíochta ar ghabh ionaid tacaíochta oideachais i gCorcaigh, i gCorcaigh Thiar, i gCiarraí, i Luimneach agus ar an gClár de láimh é ar mhaithe leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- feasacht mhéadaithe a fhorbairt ar cad is scoil foghlama ann
- tacú le gníomhaíochtaí scoilbhunaithe ina gcuirtear forbairt leanúnach na scoile foghlama chun cinn
- cur leis an gcumas atá ag múinteoirí aonair rannchuidiú leis an scoil foghlama, agus
- ceannaireacht múinteoirí a chothú laistigh de scoileanna.
[9] Sainaithníodh dúshláin den chineál céanna sa suirbhé a rinneadh ar phríomhoidí agus múinteoirí sa bhliain 2022 maidir lena n-eispéireas ar FMS: Ar fáil ag: https://youtu.be/sLobAngbJRg
[10] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/88a51eb9-00432014-.pdf; https://assets.gov.ie/static/documents/e8128a66-00422016-.pdf
Feabhsú
Tá cur chuige nua á fhorbairt ag an gCigireacht i leith bhainistíocht agus cháilíocht an fheabhsúcháin ar a dtugtar Feabhsú. Aithnítear le Feabhsú go mbraitheann rath oideachasúil ar rannpháirtíocht bhríoch chómhalartach idir iad siúd a bhíonn ag plé le meastóireacht sheachtach (an Chigireacht) agus iad siúd a bhíonn ag plé le meastóireacht inmheánach (scoileanna). Cuirtear chun tosaigh ann an gá le hailíniú idir próisis mheastóireachta sheachtracha agus próiseas FMS inmheánach de cuid na scoile.
Go bunúsach, féachtar le próisis agus torthaí meastóireachta inmheánaí agus seachtraí a chomhcheangal ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla le Feabhsú. Tá sé mar aidhm leis samhail inbhuanaithe feabhsúcháin scoile a chur chun cinn, ar samhail í atá comhoibríoch agus fianaisebhunaithe. Cuirfear san áireamh na tosca ar shainaithin páirtithe leasmhara iad. Beidh chleachtas idirnáisiúnta [11] agus aiseolas ó na pobail scoile ina bhfuil sé á thriail mar bhonn eolais faoi freisin.
Le linn meastóireacht scoile, tugann cigirí aiseolas ó bhéal don scoil nó don suíomh, agus aird á tarraingt ar láidreachtaí sa soláthar oideachais agus, i gcás gurb infheidhme, ar réimsí ina bhfuil feabhsuithe le déanamh; agus soláthraíonn siad tuairisc scríofa atá bunaithe ar a gcinntí. Cuireann an próiseas Feabhsú ar chumas lucht ceannaireachta na scoile machnamh a dhéanamh ar an tuairisc chigireachta agus tús áite a thabhairt do réimsí ábhartha lena bhfeabhsú, agus an méid sin fréamhaithe i gcomhthéacs uathúil gach scoile. Tá sé mar aidhm le Feabhsú gníomhú scoile a chur chun cinn agus treisiú leis an gcumas gairmiúil atá ag múinteoirí páirt a ghlacadh i dtionscnaimh fhiúntacha feabhsúcháin scoile a bhfuil tionchar acu, agus tacaíocht chomhairleach á fáil ón gCigireacht.
Mar chuid den phróiseas, tabharfaidh an cigire cuairt chomhairleach, nó cuairteanna comhairleacha, ar an scoil. Le linn na cuairte, pléifidh an cigire, ceannairí scoile agus múinteoirí na gníomhartha agus na réimsí eile lena bhfeabhsú ar shainaithin an scoil iad ó rinneadh an chigireacht roimhe. Pléifear socrú spriocanna na scoile agus an dóigh a ndéanann an scoil faireachán ar dhul chun cinn. Pléifear freisin an dóigh a ndéantar faireachán ar leibhéal na scoile ar na torthaí d’fhoghlaimeoirí agus ar thionchar na n-idirghabhálacha. Le linn an phlé, déanfar breithniú ar ghníomhartha breise atá le déanamh ag an scoil nó ar na tacaí atá ag teastáil.
Is féidir le Feabhsú cur lena ábhartha atá cinntí cigireachta seachtraí trí iad a ailíniú níos gaire do riachtanais forbartha an phobail scoile. Tá sé mar aidhm leis tuilleadh freagrachta a chur chun cinn i measc gach baill foirne, mar aon le haitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le dearcadh seachtrach a fháil trí mheastóireachtaí seachtracha a úsáid. Meabhraíonn Nevo (2001) dúinn go dtéann an dá chóras meastóireachta (inmheánach agus seachtrach) chun tairbhe dá chéile [12].
Triaileadh Feabhsú i dtrí scoil déag (ocht mbunscoil agus cúig iar-bhunscoil) sa chéad leath den bhliain 2025. Rinneadh cigireacht ábhair nó meastóireacht curaclaim ar gach ceann de na scoileanna díreach roimhe sin, agus tuairisc á foilsiú dá bun. Mheas rannpháirtithe gur phróiseas an-chomhoibríoch í an chéim trialach, ar lena linn a fuair ceannairí scoile, múinteoirí, baill foirne tacaíochta agus cigirí deiseanna chun obair le chéile.
Thug rannpháirtithe le fios go raibh Feabhsú ina eispéireas cumhachtaithe agus forbarthach dóibh. Mheas ceannairí scoile agus múinteoirí gur thug sé deis fhiúntach dóibh tuilleadh a fhoghlaim faoi chúrsaí feabhsúcháin scoile ó thaithí na gcigirí. Thug ceannairí scoile faoi deara gur éirigh go maith leis an rannpháirtíocht ón bhfoireann ceannaireachta agus ó mhúinteoirí eile araon le linn na cuairte Feabhsú agus gur chabhraigh sé sin le húinéireacht chomhroinnte ar fheabhsú a chothú. Thug an chuairt deis dóibh machnamh a dhéanamh ar chleachtais scoile uile, go háirithe cleachtais a bhaineann leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc. Dúirt ceannairí scoile freisin gur thug an chuairt muinín dóibh dul ar aghaidh lena gcuid pleananna le haghaidh feabhsú scoile.
Mar fhocal scoir: paraidím amach anseo le haghaidh feabhsúcháin scoile
Ina cuid oibre chun treisiú leis an gcomhlántacht idir meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach maidir le tacú le feabhsúcháin scoile, déanfaidh an Chigireacht breithniú cúramach ar an aiseolas a fuarthas le linn comhairliúchán agus cuirfidh sí leis na comhpháirtíochtaí dearfacha a bunaíodh le scoileanna agus le suíomhanna.
De réir mar a fhorbraítear Feabhsú, féachfar le scoileanna a inspreagadh, dúshlán a thabhairt dóibh agus tacú leo le linn dóibh próisis inbhuanaithe feabhsúcháin scoile a chur chun feidhme bunaithe ar a riachtanais shainaitheanta féin agus ar mholtaí meastóireachta seachtraí. Déanfar na nithe seo a leanas:
- aiseolas spriocdhírithe a thabhairt maidir le próisis feabhsúcháin scoile
- cúnamh a thabhairt do scoileanna a gcuid fianaise agus sonraí a léirmhíniú agus gníomhú de bhun na fianaise agus na sonraí sin
- pobail foghlama gairmiúla a éascú ar leibhéal na scoile nó ar fud cnuasaigh scoileanna a bhfuil riachtanais chomhchosúla acu
Le Feabhsú, cuirtear iontaoibh i scoileanna a dtosaíochtaí féin a shocrú, agus faisnéis ó thuairiscí cigireachta seachtraí agus ó fhéinmheastóireacht inmheánach á húsáid acu go fóill mar threoir. Tugtar deis le Feabhsú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oideachais uile-chórais agus ar réimsí lena bhfeabhsú ar shainaithin na scoileanna féin iad araon. Ar an tslí sin, féachann an tionscnamh le tosaíochtaí inmheánacha agus tosaíochtaí seachtracha a thabhairt níos gaire dá chéile ar mhaithe le tairbhí inbhraite a bhaint amach do leanaí agus daoine óga ina gcuid eispéireas agus torthaí foghlama. Tá sé beartaithe trialacha breise a dhéanamh ar Feabhsú sa bhliain 2025-2026.
[11] Rinne an fhoireann caidreamh le comhpháirtithe cigireachta ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin chun a fheiceáil conas a chomhcheanglaíonn siad meastóireacht inmheánach agus meastóireacht sheachtrach. Is i dtuarascáil bhliantúil na Cigireachta (2025) a thabharfar tuairisc ar na torthaí.
[12] Nevo, D. (2001). School evaluation: internal or external? Studies in Educational Evaluation, 27, lgh 95-106. http://lst-iiep.iiep-unesco.org/cgi bin/wwwi32.exe/[in=epidoc1.in]/?t2000=016690/ (100). 27. 10.1016/S0191-491X (01)00016-5 https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0191491X01000165