Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An comhad tacaíochta scoláire a úsáid chun leanúnachas agus dul chun cinn san fhoghlaim a chur chun cinn i dtús na scoilbhliana: cinntí ó chigireachtaí teagmhasacha


Réamhrá

I mí Mheán Fómhair 2024, d’fhoilsigh an Chigireacht tuarascáil ilchodach ar cháilíocht an tsoláthair do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna [1].Bhí an tuarascáil sin bunaithe ar naoi gcigireacht is fiche a rinneadh i seacht mbunscoil déag agus in dhá iar-bhunscoil déag. Ceann de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil ba ea gur cheart do scoileanna úsáid níos éifeachtaí a bhaint as comhaid tacaíochta scoláire le haghaidh cláir foghlama a phleanáil agus a sholáthar do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Sheol an Chigireacht clár cigireachtaí teagmhasacha i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus díriú ar leith á leagan ar a mhéid a bhí scoileanna ag úsáid comhaid tacaíochta scoláire chun leanúnachas agus dul chun cinn i bhfoghlaim scoláirí a éascú i dtús na scoilbhliana.

Ba i sé scoil is nócha a rinneadh na cigireachtaí teagmhasacha: dhá bhunscoil is caoga agus ceithre iar-bhunscoil is daichead. Agus iad lonnaithe i gcúig chontae dhifriúla is fiche, áiríodh leis na scoileanna ceithre scoil is fiche a bhí sa chlár DEIS [2] agus naoi scoil lán-Ghaeilge. Cigireachtaí neamhfhógartha a bhí sna cigireachtaí uile, agus rinne cigire amháin iad thar aon lá amháin.

Scrúdaíodh na nithe seo a leanas le linn na gcigireachtaí:

  • cé acu a bhí nó nach raibh comhad tacaíochta scoláire i bhfeidhm ag scoileanna do na leanaí agus na daoine óga a bhí ar an leanúntas tacaíochta
  • cé acu a bhí nó nach raibh riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua ar áireamh sna comhaid tacaíochta scoláire
  • cé acu a bhí nó nach raibh spriocanna fiúntacha agus indibhidiúlaithe ar áireamh i bpleananna tacaíochta scoláire.

Cuirtear na cinntí cigireachta i láthair sa chaibidil seo.

[1] Ar fáil ag: https://assets.gov.ie/static/documents/i-dtreo-eispeiris-foghlama-ar-ardchaighdeain-do-chach-solathar-do-leanai-agus-do-dhaoi.pdf

[2] Leis an gclár um Chomhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS), soláthraítear acmhainní breise do scoileanna a bhfuil na leibhéil is airde mhíbhuntáiste acu, ar mhaithe le bacainní a laghdú agus ar mhaithe le leanaí agus daoine óga a chumasú barr a gcumais a bhaint amach.

Tacaíocht do leanaí agus daoine óga i dtús na scoilbhliana

Aistrithe

Déanann leanaí agus daoine óga roinnt aistrithe le linn a n-aistir oideachais. Áirítear leo sin aistrithe móra idir earnálacha, amhail an t-aistriú ó shuíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige chuig an mbunscoil agus an t-aistriú ón mbunscoil chuig an iar-bhunscoil. Áirítear leo aistrithe idir ranganna agus idir bliainghrúpaí chomh maith. Déanann leanaí agus daoine óga aistrithe laethúla freisin agus iad ag teacht chuig an scoil agus ag imeacht uaithi, agus iad ag aistriú idir gníomhaíochtaí foghlama, agus iad ag bogadh idir tréimhsí teagaisc agus tréimhsí áineasa.

Is minic a bhíonn athruithe ar ghnáthaimh, ar thimpeallachtaí agus ar phearsanra i gceist le haistrithe, agus is féidir leis sin strus agus imní a mhéadú do leanaí agus daoine óga, go háirithe iad sin a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbainisteodh múinteoirí aistrithe go héifeachtach chun leanúnachas, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a chinntiú idir timpeallachtaí foghlama agus ar fud na scoile.

Ar mhaithe le haistrithe éifeachtacha a chinntiú, ba cheart do scoileanna córais a bheith i bhfeidhm acu chun faisnéis a bhailiú faoi na húdair spéise, na láidreachtaí agus na riachtanais atá ag leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Agus an fhaisnéis sin á bailiú acu, téann scoileanna i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí, le baill foirne tacaíochta, le gairmithe ábhartha eile agus leis an leanbh nó an duine óg féin. Ba cheart do scoileanna a chinntiú freisin go dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis sin do na múinteoirí uile a bhfuil baint acu le foghlaim an duine óig. Tríd an bhfaisnéis sin a chomhroinnt le gach múinteoir ábhartha, cabhraítear lena chinntiú go mbíonn aistrithe ina n-eispéireas dearfach don leanbh nó an duine óg. I gcomhthéacs bunscoile, ciallaíonn sé sin go bhfuil rochtain ag an múinteoir ranga agus ag múinteoirí oideachais speisialta ar an bhfaisnéis sin agus, i gcomhthéacs iar-bhunscoile, ciallaíonn sé go bhfuil rochtain ag an múinteoir ábhair agus ag múinteoirí oideachais speisialta ar an bhfaisnéis. Trí fhaisnéis a chomhroinnt ar an mbealach sin, tacaítear le múinteoirí gníomhaíochtaí foghlama a fhorbairt atá curtha in oiriúint d’údair spéise, láidreachtaí agus riachtanais leanaí agus daoine óga.

An leanúntas tacaíochta

Is é atá sa leanúntas tacaíochta [3] creat atá ceaptha chun tacú le gach leanbh agus duine óg dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid foghlama. Is ann do thrí chéim ar an leanúntas; tacaíocht seomra ranga (tacaíocht do chách); tacaíocht scoile (tacaíocht do roinnt); agus tacaíocht scoile móide (tacaíocht do bheagán). Cuireann na trí chéim ar chumas múinteoirí tacaí incriminteacha a sholáthar, áit a mbogtar ó chéim ina soláthraíonn an múinteoir ranga nó ábhair idirghabhálacha scoile uile agus rangbhunaithe chuig céim ina soláthraítear tacaí níos indibhidiúlaithe ar leibhéal na tacaíochta do roinnt. Freagraítear leis an gcéim dheiridh, tacaíocht do bheagán, do leanaí agus daoine óga a bhfuil na riachtanais is mó acu.

Moltar do scoileanna an leanúntas tacaíochta a chur chun feidhme chun leanúnachas a chinntiú maidir leis an soláthar do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Tríd an leanúntas tacaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach, cinntítear freisin go ndéantar faireachán agus athbhreithniú ar dhul chun cinn leanaí agus daoine óga ar bhonn leanúnach i rith na bliana.

Agus plean tacaíochta scoláire ar áireamh ann, tá an comhad tacaíochta scoláire ina dhoiciméad tábhachtach maidir le tacú le múinteoirí an leanúntas tacaíochta a chur chun feidhme.

An comhad tacaíochta scoláire

Is é comhad tacaíochta scoláire [4] an modh a mholtar do scoileanna a úsáid chun pleanáil do dhul chun cinn daoine óga a fhaigheann tacaíocht bhreise, cibé acu laistigh den rang príomhshrutha nó i suíomhanna oideachais speisialta, agus chun an dul chun cinn sin a thaifeadadh. Tá sé deartha chun scoileanna a chumasú conair oideachais duine óig a rianú agus a d(h)ul chun cinn agus a riachtanais a thaifeadadh le himeacht ama. Is ionann an comhad tacaíochta scoláire agus taifead cuimsitheach ar an tacaíocht ar fad a sholáthraítear don duine óg. Áirítear leis pleananna, idirghabhálacha, comhairliúcháin, agus na torthaí ar athbhreithnithe. Nuair a choinnítear i gceart é, cinntítear leis an gcomhad tacaíochta scoláire leanúnachas ó thaobh tacaíochta de don duine óg, go háirithe le linn aistrithe idir ranganna, idir scoileanna, agus idir an t-oideachas bunscoile agus an t-oideachas iar-bhunscoile. Éascaítear le comhad éifeachtach tacaíochta scoláire freisin rannpháirtíocht tuismitheoirí agus gairmithe i bhfoghlaim an duine óig.

Doiciméad ríthábhachtach i ngach comhad tacaíochta scoláire is ea an plean tacaíochta scoláire. Is plean foghlama indibhidiúlaithe é sin, ina ndoiciméadaítear láidreachtaí, údair spéise agus riachtanais an duine óig, mar aon leis na riachtanais foghlama tosaíochta a comhaontaíodh mar bhunús do spriocanna agus d’idirghabhálacha. Agus na spriocanna sa phlean tacaíochta scoláire á gceapadh acu, ba cheart do mhúinteoirí leas a bhaint as sonraí éagsúla measúnaithe. Ba cheart na spriocanna sin a bheith ina léiriú ar riachtanais tosaíochta, agus áirítear leo uaireanta spriocanna sochmhothúchánacha, spriocanna iompraíochta, spriocanna teanga agus spriocanna foghlama. Ba cheart ról a bheith ag múinteoirí ábhartha, ag tuismitheoirí agus ag an duine óg sa phróiseas socrú spriocanna. Ba cheart faireachán agus athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann daoine óga maidir lena spriocanna foghlama a bhaint amach, agus na forbairtí uile á ndoiciméadú sa phlean tacaíochta scoláire.

[3] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/riachtanais-speisialta-oideachaisa-contanam-taca%C3%ADochta/

[4] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/bailiuchain/an-tseirbh%C3%ADs-n%C3%A1isi%C3%BAnta-s%C3%ADceola%C3%ADochta-oideachais-neps-acmhainn%C3%AD-foilseach%C3%A1in/#comhad-tacaiochta-dalta

Cinntí cigireachta

Cé acu a bhí nó nach raibh comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm ag scoileanna

I dtús na cuairte cigireachta, d’iarr an cigire liosta de na leanaí agus na daoine óga a bhí ar leanúntas tacaíochta na scoile. Roghnaigh cigirí ceathrar leanaí nó ceathrar óg a bhí ar an leanúntas ansin agus d’iarr siad na comhaid tacaíochta scoláire ábhartha a fheiceáil. Bhí an ceathrar roghnaithe comhdhéanta de bheirt leanaí nó beirt óga a bhí ag céim na tacaíochta do bheagán agus de bheirt leanaí nó beirt óga a bhí ag céim na tacaíochta do roinnt.

Chapt 10 Image 1 IRL
Fíor 1: An céatadán de bhunscoileanna a raibh comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm acu do leanaí a bhí ar an leanúntas tacaíochta
  • Bhí comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm ag ceithre bhunscoil is daichead (84.6%) do leanaí a bhí ag céimeanna na tacaíochta do roinnt agus na tacaíochta do chách. I gcás ocht mbunscoil (15.4%), ní raibh aon chomhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm acu do na leanaí ná na daoine óga.
Chapt 10 Image 2 IRL
Fíor 2: An céatadán d’iar-bhunscoileanna a raibh comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm acu
  • Bhí comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm ag daichead iar-bhunscoil (90.9%) do dhaoine óga a bhí ag céim na tacaíochta do bheagán den leanúntas, agus bhí na comhaid sin i bhfeidhm ag cúig iar-bhunscoil is tríocha (79.5%) dóibh sin a bhí ag céim na tacaíochta do roinnt.
  • Ní raibh aon chomhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm i gceithre cinn de na hiar-bhunscoileanna (9.1%).
Chapt 10 Image 5

Riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua a bheith ar áireamh i gcomhaid tacaíochta scoláire

Chapt 10 Image 3 IRL
Fíor 3: Cé acu a bhí nó nach raibh riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua ar áireamh i gcomhaid tacaíochta scoláire
  • I gcúig cinn is caoga (57.3%) de na sé scoil is nócha, bhí riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua ar áireamh sna comhaid tacaíochta scoláire. Bunscoileanna a bhí i seacht gcinn is fiche de na scoileanna sin, agus iar-bhunscoileanna a bhí in ocht gcinn is fiche díobh.
  • In aon scoil is daichead (42.7%), ní raibh riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua ar áireamh sna comhaid tacaíochta scoláire a ndearnadh athbhreithniú orthu. Mar sin féin, b’amhlaidh a bhí riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain roimhe ar áireamh sna comhaid i gceithre cinn is tríocha de na scoileanna sin (82.9%).
  • I seacht gcinn de na sé scoil is nócha (17.1%), ní raibh riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua ná don scoilbhliain roimhe ar áireamh sna comhaid tacaíochta scoláire. Iar-bhunscoileanna a bhí i ngach ceann de na seacht scoil sin.
Chapt 10 Image 6 IRL

Spriocanna fiúntacha agus indibhidiúlaithe i bpleananna tacaíochta scoláire

Chapt 10 Image 4 IRL
Tábla 1: Cé acu a bhí nó nach raibh na spriocanna i bpleananna tacaíochta scoláire fiúntach agus indibhidiúlaithe

  • Bhí na spriocanna foghlama sna pleananna tacaíochta scoláire fiúntach agus indibhidiúlaithe i sé scoil is fiche (27.1%). Tá an figiúr sin comhdhéanta de 25% den dá bhunscoil is caoga agus de bheagnach 30% de na ceithre iar-bhunscoil is daichead.
  • Bhí na spriocanna foghlama fiúntach agus indibhidiúlaithe ‘go méid éigin’ i dtrí scoil is caoga (55.2%). Tá an figiúr sin comhdhéanta de 61.5% de na bunscoileanna agus de 47.7% de na hiar-bhunscoileanna.
  • Níor shocraigh seacht gcinn déag de na scoileanna (17.7%) aon spriocanna foghlama fiúntacha agus indibhidiúlaithe sna pleananna tacaíochta scoláire. Tá an figiúr sin comhdhéanta de sheacht mbunscoil (13.5%) agus de dheich n-iar-bhunscoil (22.7%).
Chapt 10 Image 7 IRL

Mar fhocal scoir

Molann an roinn do scoileanna an leanúntas tacaíochta a úsáid mar threoirchreat agus tacaíocht á pleanáil acu do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu [5]. Tá an comhad tacaíochta scoláire ina chuid dhílis den chreat sin. Nuair a úsáidtear i gceart é, cinntítear leis an gcomhad tacaíochta scoláire leanúnachas ó thaobh tacaíochta de do dhaoine óga ar fud ranganna agus idir scoileanna.

Sna cinntí ó shé chigireacht theagmhasacha is nócha a rinneadh idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2024, tarraingítear aird ar roinnt gnéithe dearfacha i ndáil le comhaid tacaíochta scoláire a úsáid. Chomh maith leis sin, sainaithníodh réimsí lena bhfeabhsú i ndáil leis an dóigh a ndéanann scoileanna comhaid tacaíochta scoláire a fhorbairt agus a úsáid ar mhaithe le leanúnachas ó thaobh soláthair de a chinntiú do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Comhaid tacaíochta scoláire do gach leanbh agus duine óg atá ar an leanúntas tacaíochta

Bhí an comhad tacaíochta scoláire in úsáid i ní ba mhó ná 80% de scoileanna. Leis an gcomhad sin, soláthraítear cur chuige aonair uile-chórais i leith na húdair spéise, na láidreachtaí agus na riachtanais atá ag daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a thaifeadadh.

Ní raibh an comhad tacaíochta scoláire in úsáid ag gach scoil, áfach. Is cúis imní é nach raibh comhaid tacaíochta scoláire do leanaí a raibh an leibhéal is airde riachtanas acu i bhfeidhm ag ocht gcinn den dá bhunscoil is caoga a ndearnadh cigireacht orthu (15%) ná ag ceithre cinn de na ceithre iar-bhunscoil is daichead a ndearnadh cigireacht orthu (9%). Ba cheart do cheannairí scoile i ngach scoil a chinntiú go bhforbraítear comhaid tacaíochta scoláire do gach duine óg atá ar an leanúntas tacaíochta.

Riachtanais foghlama tosaíochta a shainaithint chun tacú le daoine óga i dtús na scoilbhliana

Cé go raibh comhaid tacaíochta scoláire i bhfeidhm i bhformhór na scoileanna, bhí gá le feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as na comhaid sin chun an teagasc agus an fhoghlaim a threorú i dtús na scoilbhliana. I mbeagán os cionn 40% de scoileanna, ní raibh na riachtanais foghlama tosaíochta a bhí ag daoine óga taifeadta sna comhaid i dtús na scoilbhliana. Cé gur shainaithin beagnach gach ceann de na scoileanna sin riachtanais foghlama tosaíochta sa scoilbhliain roimhe, ba chúis imní ar leith é nár shainaithin 17% de scoileanna aon riachtanais foghlama tosaíochta don scoilbhliain nua ná don scoilbhliain roimhe.

Tá sé tábhachtach riachtanais foghlama tosaíochta a shainaithint i dtús na scoilbhliana. Cabhraíonn sé sin le múinteoirí pleanáil d’fhoghlaim scoláirí agus leanúnachas agus dul chun cinn a sholáthar ina gcuid foghlama. Cabhraíonn sé freisin le straitéisí a roghnú agus a uainiú ar bhealach níos fearr chun tacú le daoine óga an t-aistriú tábhachtach chuig rang, bliainghrúpa nó scoil nua a bhainistiú. I gcomhar le múinteoirí ranga (bunscoil) nó le múinteoirí ábhair (iar-bhunscoil), ba cheart do mhúinteoirí oideachais speisialta a chinntiú go bhfuil riachtanais shainaitheanta foghlama tosaíochta ar áireamh i ngach plean tacaíochta scoláire, ar riachtanais iad is féidir a úsáid chun an tacaíocht a thabharfar do scoláirí i dtús gach scoilbhliana a threorú.

Spriocanna indibhidiúlaithe

Is iad riachtanais foghlama tosaíochta an bunús do spriocanna foghlama. Go bunúsach, is ionann sprioc foghlama agus ráiteas comhaontaithe ar an scil a fhorbróidh an leanbh nó an duine óg nó ar an eolas nó na meonta a ghnóthóidh sé/sí mar fhreagairt d’idirghabhái [6].

Léirítear sna cigireachtaí seo gur gá i bhformhór na scoileanna feabhas suntasach a chur ar an dóigh a shocraítear spriocanna indibhidiúlaithe atá fiúntach don duine óg agus atá ailínithe leis na húdair spéise, na láidreachtaí agus na riachtanais atá aige/aici. Ní raibh pleananna tacaíochta scoláire a raibh spriocanna foghlama fiúntacha agus indibhidiúlaithe ar áireamh iontu i bhfeidhm ach ag sé scoil is fiche (27%). Cé go ndearna múinteoirí i ní ba mhó ná leath na scoileanna (55%) iarracht spriocanna fiúntacha agus indibhidiúlaithe a fhorbairt, níor ghabh seacht scoil déag (18%) d’aon socrú éifeachtach spriocanna indibhidiúlaithe do leanaí agus daoine óga a bhí ar an leanúntas tacaíochta.

Ní leis an oideachas speisialta agus leis sin amháin a bhaineann na cinntí i ndáil leis an acmhainn atá ag múinteoirí spriocanna fiúntacha a shocrú. I dtuarascálacha a d’fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) [7] agus an Chigireacht [8] le déanaí, tarraingítear aird ar an dúshlán atá le sárú ag scoileanna maidir le spriocanna a shocrú chun tacú lena n-idirghabhálacha faoin gclár DEIS. Tá ríthábhacht ag baint le cur chuige cuimsitheach uile-chórais maidir le tacú leis an gcumas atá ag múinteoirí spriocanna foghlama fiúntacha agus indibhidiúlaithe a shocrú do dhaoine óga agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcumas sin agus é a fheabhsú.

Tosaíochtaí agus moltaí

Sainaithnítear sa chaibidil seo trí thosaíocht i ndáil le feabhas a chur ar leanúnachas agus dul chun cinn do dhaoine óga i dtús gach scoilbhliana:

  • Ceann de na tosaíochtaí i gcás múinteoirí is ea a chinntiú go sainaithnítear na riachtanais foghlama tosaíochta atá ag scoláirí i bpleananna tacaíochta scoláire chun tacú le scoláirí agus iad ag aistriú isteach i scoilbhliain nua.
  • Ceann de na tosaíochtaí i gcás scoileanna is ea a chinntiú go bhfuil comhad tacaíochta scoláire ag gach duine óg atá ar an leanúntas tacaíochta.
  • Ceann de na tosaíochtaí i gcás an chórais is ea cur chuige uile-chórais a ghlacadh i leith tacú leis an acmhainn atá ag múinteoirí spriocanna fiúntacha agus indibhidiúlaithe a shocrú do dhaoine óga atá ar an leanúntas tacaíochta agus i leith faireachán a dhéanamh ar an acmhainn sin agus í a fheabhsú.

Moltaí:

  • Ag deireadh gach scoilbhliana, ba cheart do mhúinteoirí oideachais speisialta, i gcomhar le múinteoirí ranga/ábhair, a chinntiú go bhfuil riachtanais shainaitheanta foghlama ar áireamh i ngach comhad tacaíochta scoláire lena n-úsáid chun an tacaíocht a thabharfar don duine óg i dtús na chéad scoilbhliana eile a threorú.
  • Ba cheart do cheannairí scoile a chinntiú go bhfuil comhad tacaíochta scoláire i bhfeidhm do gach duine óg atá ar leanúntas tacaíochta na scoile.
  • Ba cheart do pháirtithe leasmhara ábhartha comhoibriú le chéile le linn athbhreithniú a dhéanamh ar na tacaí atá á soláthar do scoileanna cheana chun cabhrú le socrú spriocanna, agus ba cheart dóibh pleanáil straitéiseach a dhéanamh le haghaidh cur leis an acmhainn atá ag múinteoirí ina leith sin. Áirítear leis na geallsealbhóirí sin SNSO, CNOS, Rannóg Oideachais Speisialta na roinne, Oide, soláthraithe Oideachais Tosaigh Múinteoirí (OTM) agus an Chigireacht.

[5] Treoirlínte do Bhunscoileanna: Ag Tacú le Leanaí i Ranganna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (2024); Treoirlínte d’Iar-bhunscoileanna: Ag Tacú le Leanaí i Ranganna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (2024) Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/treoirl%C3%ADnte-set-agus-doicim%C3%A9id-taca%C3%ADochta-chun-cabhr%C3%BA-le-scoileanna-taca%C3%ADocht-a-thabhairt-do-leana%C3%ADdaoine-%C3%B3ga-a-bhfuil-riachtanais-speisialta-oideachais-acu/

[6] Ar fáil ag:https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/treoirl%C3%ADnte-set-agus-doicim%C3%A9id-taca%C3%ADochta-chun-cabhr%C3%BA-le-scoileanna-taca%C3%ADocht-a-thabhairt-do-leana%C3%ADdaoine-%C3%B3ga-a-bhfuil-riachtanais-speisialta-oideachais-acu/#iar-bhunscoileanna

lch.49; https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/treoirl%C3%ADnte-set-agus-doicim%C3%A9id-taca%C3%ADochta-chun-cabhr%C3%BA-le-scoileanna-taca%C3%ADocht-a-thabhairt-do-leana%C3%ADdaoine-%C3%B3ga-a-bhfuil-riachtanais-speisialta-oideachais-acu/#bunscoileanna

lch.45

[7] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/oideachas-ecfe-do-shochaithe-cuimsitheacha-athbhreithni%C3%BA-ar-shol%C3%A1thar-acmhainn%C3%AD-do-scoileanna-chun-aghaidh-a-thabhairt-ar-mh%C3%ADbhunt%C3%A1iste-oideachais-in-%C3%A9irinn/

[8] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/foilseach%C3%A1in-na-cigireachta/#ionchuimsitheacht-shoisialta

www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/313927/80f12640-f031-4516-a303-f1c8b61aaaf4.pdf#page=null

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat