Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Déan iarratas ar scoile


apply to school irish
Déan iarratas ar scoile

Forbhreathnú

Is córas nua ar líne é an córas píolótach applytoschool.ie do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar áit sa chéad bhliain d’iar-bhunscoil don bhliain scoile 2026/27 dá bpáiste.

Is tionscadal píolótach é seo, rud a chiallaíonn go bhfuil sé á thástáil i líon beag ceantar. Tá na scoileanna atá ag glacadh páirt ann suite i mBaile Átha an Rí, i gCill Droichid, i gCloich na Coillte, sna Clocha Liatha, agus sa Tulach Mhór/Coill an Átha.

Níl ach rogha scoileanna roghnaithe atá suite sna ceantair seo rannpháirteach sa chóras píolótach. Is féidir leat liosta iomlán na scoileanna rannpháirteacha a fháil sa chéad chuid eile.

Sula dtosaíonn tú ar d’iarratas, féach ar an liosta de na doiciméid riachtanacha thíos, le do thoil. Má tá teacht agat orthu seo, beidh an próiseas níos tapúla agus níos éasca.

Cad is gá duit a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh:

Ní mór do gach iarratasóir na nithe seo a leanas a uaslódáil:

  • Cóip de theastas breithe do linbh
  • Suas le dhá dhoiciméad éagsúla ina dtaispeántar do sheoladh reatha ( m.sh: billí fóntais, ráitis bhainc)

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar áit i rang speisialta nó ar áit i rang príomhshrutha agus ar rang speisialta do do pháiste, beidh na nithe seo a leanas uait freisin:

(i) Tuarascálacha gairmiúla ina leagtar amach diagnóis (tuarascáil síceolaí, síciatraí, ildisciplíneach)

Agus

  • Léiriú ar an tuiscint ar chastacht leibhéal foriomlán riachtana(i)s an pháiste de réir mar a léirítear sna tuarascálacha gairmiúla iad

Agus

  • Mar gheall ar dhéine nó ar chastacht riachtanais tacaíochta an pháiste, moladh soiléir gairmiúil i dtaca le cén cineál socrúchán oideachais b’iomchuí chun freastal ar riachtanais an pháiste, mar aon leis an réasúnaíocht leis an moladh céanna.

Agus

(ii) Litir ón CNOS ina ndeimhnítear go bhfuil aithne acu ar an leanbh agus go bhfuil an diagnóis agus an moladh riachtanach le haghaidh rang speisialta uathachais ag an leanbh.

Scoileanna Rannpháirteacha

Tá píolótú á dhéanamh ar an gCóras Iarratais Aonair sna ceantair seo a leanas:

  • Baile Átha an Rí
  • Cill Droichid
  • Cloich na Coillte
  • Na Clocha Liatha
  • An Tulach Mhór/Coill an Átha

Seo thíos liosta de na scoileanna a bheidh rannpháirteach sa tionscnamh píolótach:

Baile Átha an Rí

 

Ainm

Cinéal

Éiteas

Coláiste an Chláirín

Measctha

 IIchreidmheach

Coláiste an Eachréidh

Measctha

IIchreidmheach

Coláiste na Toirbhirte

Measctha

Caitliceach

 

Cill Droichid

Ainm

Cinéal

Éiteas

Coláiste Pobail Chill Droichid

Measctha

Ilchreidmheach

An Coláiste Sailéaiseach

Buachaillí

Caitliceach

Coláiste Pobail Naomh Ualstain

Cailíni

Idirchreidmheach

Cloich na Coillte

Ainm

Cinéal

Éiteas

Pobal choláiste Chloch na Coillte

Measctha

Idirchreidmheach

Meánscoil an Chroí Naofa

Cailíní

Caitliceach

Na Clocha Liatha

Ainm

Cinéal

Éiteas

Coláiste Pobail na gCloch Liath

Measctha

Ilchreidmheach

Meánscoil Chreidimh Naofa Naomh Dáibhí

Measctha

Caitliceach

Meánscoil Charraig an Teampaill

Measctha

Eaglais na hÉireann

An Tulach Mhór/Coill an Átha

Ainm

Cinéal

Éiteas

Coláiste Choilm

Buachaillí

Caiticeach

Meánscoil na Toirbhirte Choill an Átha

Measctha

Caitliceach

Méanscoil an Chroí Naofa

Cailíní

Caitliceach

Coláiste Thulach Mhór

Measctha

Ilchreidmheach

Critéir Iontrála

Faoin Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018, tá polasaí iontrála ag gach scoil. Tá an polasaí seo faofa ag pátrún na scoile agus roinntear le pobal na scoile é. Ní mór do scoileanna a mbeartas iontrála a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Tugann an tAcht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018 le fios go gcaithfidh gach polasaí iontrála a bheith cothrom agus soiléir.

Má tá níos mó iarratas ar scoil ná a bhfuil áiteanna inti (má tá ró-shuibscríobh i gceist), ní mór don scoili cloí leis na rialacha ina polasaí iontrála chun cinneadh a dhéanamh mar gheall ar cé a gheobhaidh áit. Ní mór do na rialacha seo

  • Cloí leis an dlí
  • Caitheamh go cothrom le cách
  • Gan leatrom a dhéanamh ar aon duine

Ní mór do scoileanna a rialacha roghnúcháin a mhíniú go soiléir ina bpolasaithe. Socraíonn gach scoil a critéir féin chomh maith leis an t-ord tosaíochta. Ní bhíonn baint ag an Roinn Oideachais leis na cinntí seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi pholasaí scoil aonair, féach ar bheartas iontrála na scoile a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin na scoile.

Amlínte le haghaidh an Phróisis Iontrála

Cloífaidh an córas píolótach le hamlínte réamhshocraithe, agus cuirfear iarratais isteach faoi spriocdháta réamhshocraithe agus tairgfear áiteanna thar roinnt babhtaí

Osclófar an fhoirm ar líne chun iarratais a chur isteach ar 1 Deireadh Fómhair 2025, agus is é an 21 Deireadh Fómhair 2025 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.

Leagtar amach na hamlínte ina dhiaidh sin thíos:

Dátaí agus Spriocdhátaí Tábhachtacha

Ceapadh an cur chuige struchtúrtha seo chun soiléireacht luath a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus do scoileanna maidir le stádas gach iarratais ar fud na scoileanna uile.

Is féidir sonraí iomlána na n-amlínte a fháil sna “Ceisteanna Coitianta do Thuismitheoirí agus do Chaomhnóirí” atá leis seo

Ceisteanna Coitianta do Thuismitheoirí
Ceisteanna Coitianta do Thuismitheoirí
Amharc amharc

Conas iarratas a dhéanamh ar áit sa chéad bhliain

Ón 1 Deireadh Fómhair 2025, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar áit scoile sa chéad bhliain do do pháiste gceann de na ceantair ina bhfuil an córas phíolótach ar bun tríd applytoschool.ie

Nasc leis an iarratas

Is féidir treoracha céim ar chéim maidir le conas an fhoirm iarratais a chomhlánú a fháil ar na naisc thíos.

Nóta: Sula dtosaíonn tú ag comhlánú an fhoirm iarratais, beidh ort roinnt doiciméad éigeantach a uaslódáil, atá liostaithe i Roinn 1.7 thíos.

QR code to access application system/ NÓ cód don chóras iarratais

Ag cur isteach ar Rang Speisialta

Tá ranganna speisialta do scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise acu, amhail Neamhord de chuid Speictream an Uathachais (NSU), ag formhór mór na scoileanna atá rannpháirteach sa chóras píolótach. Úsáideann scoileanna a gcritéir iontrála féin chun cinneadh a dhéanamh mar gheall ar cé ar féidir áit a thairiscint dóibh.

Beidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí doiciméid tacaíochta a sholáthar, amhail tuarascáil ghairmiúil agus moladh ón CNOS agus iarratas á dhéanamh acu.

Tríd an Córas Iarratais Aonair Ar Líne píolótach[ÓCM1] , is féidir le tuismitheoirí iarratas a dhéanamh ar áiteanna príomhshrutha agus ar ranganna speisialta tríd an bhfoirm chéanna. Mar sin féin, déanann na scoileanna féin gach cinneadh iontrála do ranganna speisialta bunaithe ar a gcritéir fhoilsithe agus na doiciméid a fhaightear.

Féach ar shuíomh gréasáin an CNOS le haghaidh tuilleadh eolais faoi Ranganna Speisialta Cliceáil anseo

Doiciméid Riachtanacha

Beidh an doiciméadacht seo a leanas ag teastáil mar chuid den phróiseas iarratais le haghaidh áit scoile sa chéad bhliain.

  • Cóip de theastas breithe do linbh
  • Suas le dhá dhoiciméad éagsúla ina dtaispeántar do sheoladh reatha (e.g. billí fóntais, ráitis bhainc)

Ina theannta sin, má roghnaigh tú rang speisialta nó an dá cheann, ní mór duit na doiciméid seo a leanas a uaslódáil:

(i) Tuarascálacha gairmiúla ina leagtar amach diagnóis (tuarascáil síceolaí, síciatraí, ildisciplíneach)

Agus

  • Léiriú ar an tuiscint ar chastacht leibhéal foriomlán riachtana(i)s an pháiste de réir mar a léirítear sna tuarascálacha gairmiúla iad

Agus

  • Mar gheall ar dhéine nó ar chastacht riachtanais tacaíochta an pháiste, moladh soiléir gairmiúil i dtaca le cén cineál socrúchán oideachais b’iomchuí chun freastal ar riachtanais an pháiste, mar aon leis an réasúnaíocht leis an moladh céanna

Agus

(ii) Litir ón CNOS ina ndeimhnítear go bhfuil aithne acu ar an leanbh agus go bhfuil an diagnóis agus an moladh riachtanach le haghaidh rang speisialta uathachais ag an leanbh.

Doiciméid a Uaslódáil

Más ríomhaire/ríomhaire glúine atá in úsáid agat, is féidir leat an comhad a uaslódáil ó do chomhaid shábháilte. Má tá fón póca in úsáid agat, tá sé de rogha agat freisin grianghraf nó gabhail scáileáin den doiciméad a thógáil go díreach le huaslódáil.

Cinntigh le do thoil go bhfuil an fhaisnéis go léir san íomhá den doiciméad le feiceáil go soiléir. Ní mór an doiciméad iomlán a bheith sofheicthe. Má tá na híomhánna doiléir nó má tá faisnéis ar iarraidh, d’fhéadfaí iarraidh ort an doiciméad a athsheoladh.

Chun cabhrú le scoileanna d’iarratas a phróiseáil go tapa, tabhair faoi deara na leideanna seo a leanas:

  • I gcás cáipéisí aon leathanaigh, tóg grianghraf soiléir den cháipéis agus uaslódáil é
  • I gcás doiciméid il-leathanaigh, cuir na leathanaigh go léir le chéile i gcomhad amháin sula n-uaslódálann tú iad
  • Cinntigh go bhfuil siad i dtreoshuíomh ingearach (portráid) ionas go mbeidh sé níos fusa iad a athbhreithniú
  • Is iad na cineálacha doiciméad a nglactar leo ná comhaid JPG, JPEG, PDF, PNG, TIFF, TIF agus BMP
  • Cinntigh le do thoil go n-uaslódálann tú an doiciméad ábhartha isteach sa bhosca uaslódála comhfhreagrach “Cuir comhad anseo”
  • Uasmhéid comhaid: 10MB

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do dhoiciméid a uaslódáil, féach ar an Treoir Úsáideora Córais do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí thíos.

Treoir d’Úsáideoirí an Chórais do Thuismitheoirí
Amharc amharc

Ró-shuibscríobh

Má fhaigheann scoil níos mó iarratas ná líon na n-áiteanna atá ar fáil, meastar go bhfuil ró-shuibscríobh sa scoil sin. I gcás ina bhfuil ró-shuibscríobh i scoileanna, ní mór dóibh a gcritéir ró-shuibscríofa foilsithe a úsáid mar atá leagtha amach ina bpolasaí iontrála chun an t-ord ina ndéantar tairiscintí a chinneadh.

Má tá níos mó daoine ag déanamh iarratais ar scoil ná mar atá áiteanna inti doibh, meastar go bhfuil an scoil ró-shuibscríofa.

Sa chás sin, ní mór don scoil na rialacha ina polasaí iontrála a úsáid chun cinneadh a dhéanamh cé a thairgfear áit dó/di ar dtús.

Mura bhfaigheann do leanbh áit mar gheall ar an scoil a bheith lán, cuirfear a (h)ainm ar liosta feithimh. Ní úsáidtear an liosta seo ach chun áiteanna a líonadh a thagann ar fáil le linn na scoilbhliana sin.

I gcás go bhfuil beirt scoláire nó níos mó cothrom le haghaidh áite nó áiteanna in aon cheann de na catagóirí critéir roghnúcháin, leagfar amach i mbeartais iontrála na scoileanna conas a leithdháilfear áiteanna.

Is féidir leat na polasaithe iontrála a fháil ar shuíomhanna gréasáin gach scoile.

Tairiscintí a Fháil

Eiseoidh scoileanna tairiscintí le haghaidh áiteanna sa chéad bhliain ar an 12 Samhain 2025.

Ag brath ar shocrúchán do linbh tar éis mheasúnú athbhreithnithe ar chritéir iontrála na scoile, féadfaidh tú níos mó ná tairiscint áite amháin a fháil (má tá iarratas déanta agat chuig scoileanna iolracha).

Beidh ort freagra a thabhairt ar an tairiscint laistigh de thréimhse ama shonrach.

Beidh faisnéis bhreise ag teastáil ón scoil ina nglacann tú le háit chun do leanbh a chlárú agus eiseoidh sí foirm chlárúcháin ar líne le comhlánú.

Molann an Roinn Oideachais agus Óige do thuismitheoirí/chaomhnóirí gan glacadh le háiteanna, agus gan ach foirm chlárúcháin amháin a chomhlánú don áit a bhfuil tú ag glacadh léi.

Liostaí Feithimh

Mura dtairgtear áit do do leanbh, cuirfear ar liosta feithimh é/í a bheidh á bhainistiú ag gach scoil aonair de réir a Polasaí Iontrála.

Rachaidh an Roinn Oideachais agus Óige i dteagmháil le scoileanna, pátrúin agus comhlachtaí bainistíochta má thagann brú rollaithe chun cinn i gceantar ar leith.

Tacaíocht

Má bhíonn aon fhadhb theicniúila agat, déan teagmháil leis an Roinn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: helpdesk_applytoschool@education.gov.ie

Féach le do thoil ar Threoir Úsáideora Córais do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí agus ar Cheisteanna Coitianta do Thuismitheoirí agus Chaomhnóirí – Iarratas Píolótach Aonair le haghaidh Iontrálacha Iar-Bhunscoile.

Ba chóir aon cheist a bhaineann le hiontrálacha (critéir roghnúcháin / liostaí feithimh etc.) a dhíriú chuig an scoil ábhartha.

Ceisteanna Coitianta do Thuismitheoirí
Ceisteanna Coitianta do Thuismitheoirí
Amharc amharc
Treoir d’Úsáideoirí an Chórais do Thuismitheoirí
Amharc amharc
Ceisteanna Coitianta le haghaidh Scoileanna
Ceisteanna Coitianta le haghaidh Scoileanna
Amharc amharc

Cosaint sonraí

Fógra Príobháideachais don Iarratas Aonair Ar Líne ar Scoil
Amharc amharc
iarratastoschool póstaer

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat