Athchumrú don Éagsúlacht: Faisnéis maidir le Pátrúin Il-sainchreidmheacha
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
- Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
- Cad is ‘pátrún’ ann?
- Cad a tharlaíonn nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?
- Cad iad na cineálacha éagsúla bunscoileanna?
- Cad is scoil il-sainchreidmheach ann?
- Cé hiad na príomhfhorais phátrúin il-sainchreidmheacha?
- Tuilleadh faisnéise
Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha a mhéadú. Cuidíonn an próiseas le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (reiligiúnach) go pátrúin il-sainchreidmheacha (neamh-reiligiúnach), má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Is scoil le pátrún reiligiúnach í scoil shainchreidmheach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta).
Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.
Cad is ‘pátrún’ ann?
I ngach scoil tá pátrún, a d’fhéadfadh an scoil a bhainistiú é féin nó trí bhord bainistíochta. Is é an pátrún a dhéanann cinneadh faoi éiteas na scoile. D’fhéadfaí oideachas nó teagasc reiligiúnach a chur ar fáil sa scoil i gcomhréir le héiteas na scoile.
Cad a tharlaíonn nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?
Nuair a athraítear pátrún i scoil, tugtar ‘aistriú pátrúnachta‘ air seo. Glacann an pátrún nua an fhreagracht as an scoil.
Nuair a aistrítear pátrúnacht i scoil, d’fhéadfadh athrú san éiteas a bheith i gceist leis seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a bheith ina scoil il-sainchreidmheach. Le haghaidh aistrithe pátrúnachta go forais phátrúin il-sainchreidmheacha, athrófar an scoil go scoil il-sainchreidmheach. Is féidir athrú éitis a bheith ann ag an am céanna leis an aistriú pátrúnachta, nó is féidir leis tarlú ar bhonn níos céimsí. Mar shampla, áit a leanann na naíonáin sóisir nua atá tagtha isteach clár il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar thréimhse ama, go bhfuil an clár il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí uile.
Nuair a tharlaíonn aistriú pátrúnachta, d’fhéadfadh athruithe cultúrtha agus oibríochta a bheith ar shaol na scoile. D’fhéadfadh athruithe a bheith i gceist leis seo freisin maidir le conas a rialaítear an scoil.
Cad iad na cineálacha éagsúla bunscoileanna?
Féadfaidh bunscoileanna a bheith ina scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla nó gaelscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Áirítear i measc na mbunscoileanna:
- Bunscoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta aitheanta, agus
- Bunscoileanna príobháideacha nach bhfaigheann maoiniú ón Stát.
Áirítear i measc na mbunscoileanna a fhaigheann maoiniú ón Stát:
- scoileanna sainchreidmheacha (scoileanna le pátrún reiligiúnach – is bunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach a bhformhór, mar shampla scoileanna paróiste ina bhfuil an t-easpag Caitliceach áitiúil mar phátrún);
- scoileanna il-sainchreidmheacha (scoileanna faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Foghlaim le Chéile agus scoileanna An Foras Pátrúnachta). Ní sholáthraíonn scoileanna dá leithéid ranganna teagasc reiligiúnach/múnlú creidimh i rith an lae scoile);
agus
- scoileanna idir-shainchreidmheacha (scoileanna faoi phátrúnacht níos mó ná pátrún reiligiúnach amháin).
Cad is scoil il-sainchreidmheach ann?
Déanann bunscoileanna il-sainchreidmheacha an curaclam náisiúnta a sheachadadh ar an tslí chéanna leis na scoileanna uile, is cuma faoin bpátrún, agus tá siad faoi réir rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais. Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi na creidimh agus na córais chreidimh uile mar chuid den lá scoile. I scoileanna il-sainchreidmheacha, ní bhíonn ranganna teagasc reiligiúnach/cruthú creidimh ar siúl i rith an lae scoile.
Mar thuismitheoirí, beidh ort an teagasc reiligiúnach a phlé le d’eaglais áitiúil. Mar shampla, don teagasc reiligiúnach Caitliceach, beidh ort labhairt le do shagart paróiste nuair atá ullmhúchán á dhéanamh don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú.
D’fhéadfadh na cleachtais a bheith difriúil do gach scoil.
Cé hiad na príomhfhorais phátrúin il-sainchreidmheacha?
Áirítear iad seo a leanas mar shamplaí de na príomh phátrúin il-sainchreidmheacha:
- an16 bhord oideachais agus oiliúna (BOO);
- Oideachas Le Chéile; agus
- An Foras Pátrúnachta (an pátrún atá ag roinnt scoileanna lán-Ghaeilge).
- Déanann Pobalscoileanna Náisiúnta il-sainchreidmheacha de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna curaclam oideachais ilchreidimh agus il-luachanna a theagasc dar teideal “Maitheas Mise, Maitheas Thú! (Goodness Me, Goodness You!)”. Changing School Patronage.
- Déanann bunscoileanna il-sainchreidmheacha de chuid Oideachas Le Chéile curaclam morálta agus eiticiúil a theagasc dar teideal “Ag Foghlaim Le Chéile (Learn Together).
- Scoile
- Tá éiteas déach ag scoileanna faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta (pátrún roinnt scoileanna lán-Ghaeilge):
- an Ghaeilge a chothú, agus
- éiteas spioradálta (d’fhéadfadh éiteas sainchreidmheach, il-sainchreidmheach nó idir-shainchreidmheach a bheith i gceist leis seo). Leanann na scoileanna lán-Ghaeilge il-sainchreidmheacha faoi phátrúnacht An Fhorais Pátrúnchta an clár Croí na Scoile (atá scríofa ag an scoil i gcomhar leis An bhForas Pátrúnachta) www.foras.ie
Tuilleadh faisnéise
(insert details of reconfiguration e-mail address and helpline)
Tá suíomhanna gréasáin na bpríomhfhoras pátrúin il-sainchreidmheach thíos.