Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht: Faisnéis do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) agus do Bhaill Foirne Choimhdeacha


Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?

Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas seo níos mó bunscoileanna il-sainchreidmheacha a chruthú in Éirinn. Leis an bpróiseas, cuidítear le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (Eaglais) go pátrúin il-sainchreidmheacha, má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta. Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.

Cad is ‘pátrún’ ann?

I ngach scoil tá pátrún, a d’fhéadfadh an scoil a bhainistiú é féin nó trí bhord bainistíochta. Is é an pátrún a dhéanann cinneadh faoi éiteas na scoile. D’fhéadfaí oideachas nó teagasc reiligiúnach a chur ar fáil sa scoil i gcomhréir le héiteas na scoile.

Cad a tharlóidh nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?

Nuair a athraítear pátrún i scoil, tugtar ‘aistriú pátrúnachta‘ air seo. Glacann an pátrún nua an fhreagracht as an scoil.

Nuair a aistrítear pátrún i scoil, d’fhéadfadh athrú san éiteas a bheith i gceist leis seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a bheith ina scoil il-sainchreidmheach. Le haghaidh aistrithe pátrúnachta go forais phátrúin il-sainchreidmheacha, athrófar an scoil go scoil il-sainchreidmheach. Is féidir athrú éiteas a bheith ann ag an am céanna leis an aistriú pátrúnachta, nó is féidir leis tarlú ar bhonn níos céimsí. Mar shampla, áit a leanann na naíonáin sóisir nua atá tagtha isteach clár il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar thréimhse ama, go bhfuil an clár il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí uile.

Tacaíochtaí do Bhaill Foirne agus do Bhoird Bhainistíochta roimh an aistriú agus i ndiaidh an aistrithe

Nuair a tharlaíonn aistriú pátrúnachta, d’fhéadfadh athruithe cultúrtha agus oibríochta a bheith ar shaol na scoile. D’fhéadfadh athruithe a bheith i gceist leis seo freisin maidir le conas a rialaítear an scoil. Maidir le haistriú pátrúnachta scoile, bíonn gá le ham agus le rannpháirtíocht fhiúntach ó phobal na scoile, le tacaíocht dhíreach ó phátrún na scoile.

Tá na pátrúin freagrach as éiteas a scoileanna a bhunú. Nuair a aistrítear pátrúnacht scoile, glacann an pátrún nua freagracht as an scoil a reáchtáil agus tugtar tacaíocht do phobal na scoile agus éiteas il-sainchreidmheach á bhunú.

Stádas fostaíochta tar éis aistriú pátrúnachta

Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna)

Is é bord bainistíochta na scoile fostóir na CRSanna i mbunscoileanna sainchreidmheacha. Is í an Roinn Oideachais a íocann na tuarastail go díreach.

Más Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) é an pátrún atá ag teacht isteach, beidh an BOO sin mar fhostóir an CRS le héifeacht ó dháta an aistrithe. Leanfaidh an Roinn Oideachais ag íoc tuarastail na CRSanna.

Más cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é an pátrún atá ag teacht isteach ar nós An Foras Pátrúnachta nó Ag Foghlaim Le Chéile, fanann an bord bainistíochta mar fhostóir an CRS. Leanfaidh an Roinn Oideachais ag íoc tuarastail na CRSanna.

Baill foirne choimhdeacha

Is é bord bainistíochta na scoile fostóir na mball foirne coimhdeach (mar shampla, rúnaithe / glantóirí / feighlithe) i mbunscoileanna sainchreidmheacha. Íocann na scoileanna na tuarastail go díreach. Mar sin féin, tá roinnt scoileanna a fhostaíonn rúnaithe/feighlithe faoi scéimeanna 1978 agus tá na fostaithe seo íoctha ag an Roinn Oideachais.

Más Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) é an pátrún atá ag teacht isteach, beidh an BOO sin mar an fostóir. Ós rud é go bhfuil scálaí pá agus téarmaí agus coinníollacha ar leith ag BOOanna do bhaill foirne choimhdeacha a d’fhéadfadh a bheith éagsúil leis na cinn atá i bhfeidhm sa scoil, is féidir le baill foirne choimhdeacha machnamh a dhéanamh ar mhian leo a gcuid téarmaí agus coinníollacha atá ann cheana féin a choinneáil nó ar mhian leo aistriú go dtí téarmaí agus coinníollacha bhaill foirne choimhdeacha an BOO. Má roghnaíonn siad an dara rogha, aistreofar na baill foirne choimhdeacha go dtí scála pá iomchuí an BOO agus an t-aoisliúntas, saoire bhreoiteachta, socruithe saoire bhliantúil, etc. lena mbaineann. Beidh ar gach ball foirne coimhdeach cinneadh a dhéanamh maidir leis seo. Is féidir leis an BOO a chur in iúl do na baill foirne choimhdeacha faoi na socruithe pá agus coinníollacha ábhartha.

Más cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é an pátrún atá ag teacht isteach ar nós An Foras Pátrúnachta nó Ag Foghlaim Le Chéile, leanfaidh an bord bainistíochta mar fhostóir na mball foirne coimhdeach agus ní bheidh aon athrú ann mar thoradh ar an aistriú pátrúnachta.

Go ginearálta, ní thiocfaidh iomarcaíocht ball foirne choimhdeacha chun cinn mar gheall ar aistriú pátrúnachta mar go leanfaidh an scoil ag feidhmiú (cé go mbeidh sí faoi phátrúnacht agus éiteas éagsúil) agus fanfaidh an fhostaíocht do na baill foirne choimhdeacha i bhfeidhm.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat