Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht: Faisnéis do Mhúinteoirí agus do Phríomhoidí
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
- Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
- Cad is ‘pátrún’ ann?
- Cad a tharlóidh nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?
- Tacaíochtaí do Bhaill Foirne agus do Bhoird Bhainistíochta roimh an aistriú agus i ndiaidh an aistrithe
- Múinteoirí – fostóir
- Príomhoidí agus Múinteoirí – ath-imlonnú
Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?
Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas seo níos mó bunscoileanna il-sainchreidmheacha a chruthú in Éirinn. Leis an bpróiseas, cuidítear le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (Eaglais) go pátrúin il-sainchreidmheacha, má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta).
Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.
Cad is ‘pátrún’ ann?
I ngach scoil tá pátrún, a cheapann bord bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Is é an pátrún a dhéanann cinneadh faoi éiteas na scoile. D’fhéadfaí oideachas nó teagasc reiligiúnach a chur ar fáil sa scoil i gcomhréir le héiteas na scoile.
Cad a tharlóidh nuair a aistrítear pátrúnacht scoile?
Nuair a athraítear pátrún i scoil, tugtar ‘aistriú pátrúnachta‘ air seo. Glacann an pátrún nua an fhreagracht as an scoil.
Nuair a aistrítear pátrún i scoil, d’fhéadfadh athrú san éiteas a bheith i gceist leis seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a bheith ina scoil il-sainchreidmheach. Le haghaidh aistrithe pátrúnachta go forais phátrúin il-sainchreidmheacha, athrófar an scoil go scoil il-sainchreidmheach. Is féidir athrú éiteas a bheith ann ag an am céanna leis an aistriú pátrúnachta, nó is féidir leis tarlú ar bhonn níos céimsí. Mar shampla, áit a leanann na naíonáin sóisir nua atá tagtha isteach clár il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar thréimhse ama, go bhfuil an clár il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí uile.
Tacaíochtaí do Bhaill Foirne agus do Bhoird Bhainistíochta roimh an aistriú agus i ndiaidh an aistrithe
Nuair a tharlaíonn aistriú pátrúnachta, d’fhéadfadh athruithe cultúrtha agus oibríochta a bheith ar shaol na scoile. D’fhéadfadh athruithe a bheith i gceist leis seo freisin maidir le conas a rialaítear an scoil. Maidir le haistriú pátrúnachta scoile, bíonn gá le ham agus le rannpháirtíocht fhiúntach ó phobal na scoile, le tacaíocht dhíreach ó phátrún na scoile.
Tá na pátrúin freagrach as éiteas a scoileanna a bhunú. Nuair a aistrítear pátrúnacht scoile, glacann an pátrún nua freagracht as an scoil a reáchtáil agus tugtar tacaíocht do phobal na scoile agus éiteas il-sainchreidmheach á bhunú.
Múinteoirí – fostóir
Is é bord bainistíochta na scoile fostóir na foirne teagaisc i mbunscoileanna sainchreidmheacha. Is í an Roinn Oideachais a íocann na tuarastail go díreach.
Nuair a aistrítear pátrúnacht scoile, leanann príomhoide agus foireann teagaisc na scoile ag obair sa scoil tar éis an aistriú pátrúnachta a bheith déanta agus ní bheidh aon athrú ar na coinníollacha pá ná fostaíochta ginearálta.
Más Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) é an pátrún atá ag teacht isteach, beidh an BOO sin mar fhostóir na múinteoirí le héifeacht ó dháta an aistrithe. Leanfaidh an Roinn Oideachais ag íoc tuarastail na múinteoirí.
Más cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é an pátrún atá ag teacht isteach ar nós An Foras Pátrúnachta nó Ag Foghlaim Le Chéile, Is é an bord bainistíochta fós fostóir na foirne teagaisc. Leanfaidh an Roinn Oideachais ag íoc tuarastail na múinteoirí.
Príomhoidí agus Múinteoirí – ath-imlonnú
D’fhéadfadh bá ar leith a bheith ag foireann teagaisc atá fostaithe faoi láthair i scoileanna sainchreidmheacha (reiligiúnacha) d’éiteas a scoile agus b’fhéidir nach mian leo leanúint ar aghaidh ag teagasc sa scoil atá faoi chineál éitis éagsúil.
Cuireadh an cur chuige thíos ar fáil chun na múinteoirí sin a éascú chun teagasc a dhéanamh i scoil dá rogha pátrúnachta agus éitis agus ag an am céanna bainistíocht a dhéanamh ar an tionchar ar fheidhmiú na scoile ina bhfuil an t-aistriú pátrúnachta agus an t-athrú ar an éiteas.
Nuair atá athchumrú á mheas, tá sé tábhachtach, ionas go bhfeidhmeoidh na nósanna imeachta atá leagtha amach thíos go héifeachtach, go nglacfar na cinntí deiridh maidir leis an athchumrú faoin 31 Nollaig den bhliain roimh an athchumrú ar a dhéanaí. Ba chóir go dtarlódh athchumruithe ar an 1 Meán Fómhair agus féachfar ar an scoilbhliain roimhe sin mar bhliain 1 den phróiseas.
Príomhoide
Tá ceannairí scoile freagrach as bainistíocht laethúil na scoile, lena n-áirítear an fhís treorach a chur in iúl don scoil agus a cur i gcrích a threorú i gcomhthéacs spiorad sainiúil na scoile. Dá réir sin, tá sé riachtanach go bhfuil príomhoide na scoile ina bhfuil aistriú pátrúnachta agus athrú éitis ar bun, tiomanta d’athrú a bhainistiú, a threorú agus a idirghabháil chun freagairt do riachtanais na scoile atá ag teacht chun cinn i gcomhthéacs na pátrúnachta agus an éitis nua.
D'fhéadfadh aon phríomhoide a cheapann nach bhfuil sé/sí in ann a bheith go hiomlán tiomanta chun an próiseas athraithe a threorú i scoil ina bhfuil aistriú pátrúnachta ar bun, rogha a dhéanamh le bheith ath-imlonnaithe go deonach, sula dtarlaíonn an t-aistriú pátrúnachta, go scoil iomchuí mar mhúinteoir (seachas mar phríomhoide) tríd an bpríomhphainéal ábhartha.
Ba chóir do phríomhoide ar mian leis/léi a bheith ath-imlonnaithe go deonach a leithéid a dhéanamh sula dtarlaíonn an t-aistriú pátrúnachta agus i gcomhréir leis an tréimhse ama don ath-imlonnú atá san áireamh sna ‘Socruithe Ath-imlonnaithe ag an Leibhéal Bunscoile do Bhuanmhúinteoirí agus do Mhúinteoirí CTÉ’.
Beidh duine ina leithéid de chás (‘sealbhóir liúntais ar bhonn pearsanta’) i dteideal a liúntas príomhoide a choinneáil ach beidh ceangal air/uirthi ról ceannaireachta agus bainistíochta a chomhlíonadh sa scoil ghlactha. Ba cheart ról dá leithéid a bheith ag teacht, tríd is tríd, le ról a shanntar do phost mar Phríomhoide Cúnta I. Déanfaidh an t-iarphríomhoide an liúntas a sheachligean i gcás go bhfágfaidh sé/sí an scoil ghlactha go deonach ina dhiaidh sin.
I gcás go ndéanfar iar-phríomhoide a ath-imlonnú ar an mbealach sin, beidh an éifeacht seo a leanas ann ar fholúntais Phoist Freagrachta ina scoil ghlactha:
- Príomhoide Cúnta II – cuirfear cosc ar phost Phríomhoide Cúnta II a líonadh.
Cuirfear an méid thuas i leataobh má rinneadh an sealbhóir poist ar bhonn pearsanta a ath-imlonnú isteach sa scoil sa tréimhse cúig bliana sular tháinig an folúntas chun cinn.
Tá an deis curtha ar fáil do phríomhoide ath-imlonnú a roghnú sula dtarlaíonn an t-aistriú pátrúnachta, is cuma faoi mhéid an leithdháilte teagaisc sa scoil ina bhfuil an t-aistriú pátrúnachta ar bun.
Múinteoirí
Ath-imlonnú deonach
Maidir le múinteoirí atá ag fónamh sa scoil ar dháta an aistrithe pátrúnachta, tabharfar deis dóibh ath-imlonnú deonach a iarraidh chuig scoil eile trí phríomhphainéal phátrún reatha (atá ag imeacht) na scoile.
Nuair is gá, glacfar cur chuige céimnithe i leith iarratas ar ath-imlonnú, agus teorainn á cur leis an líon múinteoirí a fhéadfaidh aistriú in aon bhliain ar leith. Maidir leo sin a dhéanfaidh iarratais den sórt sin, déanfar 33% ar a mhéad de chohórt na mball foirne teagaisc (an príomhoide ina measc) a ath-imlonnú i ngach ceann den chéad trí bliana .
Tabharfar an phríomhrogha don phríomhoide agus ansin do bhaill foirne teagaisc de réir sinsearachta. I gcás nach mbeidh ach beirt bhall foirne teagaisc ann i scoil, féadfar plé leis sin ar bhonn cás ar chás, agus aird á tabhairt ar imthosca áitiúla.
Ní mór iarratais ar an bpríomhphainéal a dhéanamh de réir na socruithe atá leagtha amach sa chiorclán ábhartha maidir le soláthar foirne agus maidir le hath-imlonnú don bhliain lena mbaineann.
Maidir leis an rogha a bheidh ag múinteoirí dul ar an bpainéal ábhartha, rachaidh sí in éag 2 bhliain tar éis an t-aistriú pátrúnachta a bheith déanta.
Maidir le múinteoirí a rinne iarratas ar ath-imlonnú agus a bheidh fós sa scoil agus ar feitheamh ath-imlonnú sa dara bliain agus sa tríú bliain3, ceanglófar orthu cloí le riachtanais an chomhlachta pátrúnachta nua i ndáil le seasamh le héiteas na scoile.
Maidir le múinteoirí a rinne iarratas ar ath-imlonnú ar dtús, féadfaidh siad an t-iarratas a tharraingt siar ina dhiaidh sin agus diúltú don ath-imlonnú, más mian leo é seo a dhéanamh.
I scoileanna ina mbeidh athchumrú céimnithe ar bun (áit a mbeidh aistriú pátrúnachta á dhéanamh agus ina dtabharfar an t-éiteas il-sainchreidmheach nua isteach ar bhonn céimnithe le himeacht ama – mar shampla, tabharfar an t-éiteas il-sainchreidmheach isteach i rang na naíonán sóisir agus coinneofar ar bun é sa rang sin de réir mar a théann na scoilbhlianta thart, i.e., fanfaidh na ranganna atá ann cheana féin faoi éiteas sainchreidmheach go dtí go bhfágfaidh siad an scoil tar éis rang 6), féadfar ath-imlonnú múinteoirí a bhainistiú de réir thréimhse ama an athchumraithe chéimnithe. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh scála ama níos faide a bheith i gceist le haghaidh ath-imlonnaithe.
Cé go mbeidh aon mhúinteoir a dhéanfar a ath-imlonnú de réir na bhforálacha seo i dteideal aon liúntais Phoist Freagrachta (i.e., liúntais Leas-Phríomhoide, Phríomhoide Cúnta I, Phríomhoide Cúnta II) a bhí acu ag dáta an aistrithe a choinneáil ar bhonn pearsanta (‘sealbhóir liúntais ar bhonn pearsanta’), ceanglófar air/uirthi ról ceannaireachta agus bainistíochta a chomhlíonadh sa scoil ghlactha.
Ba cheart ról den sórt sin a bheith ag teacht, tríd is tríd, le ról a shanntar do Phríomhoide Cúnta II. Déanfaidh an t-iarshealbhóir poist an liúntas a sheachligean i gcás go bhfágfaidh sé/sí an scoil ghlactha go deonach ina dhiaidh sin.
Ní chuirfidh sealbhóir poist ar bhonn pearsanta cosc ach ar cheapadh múinteoirí sa scoil ghlactha, de réir mhír 17 de Chiorclán 0044/2019 agus de réir aon leagain nuashonraithe den chiorclán sin.
Ath-imlonnú Éigeantach
I gcás go mbeidh baill foirne barrachais ann i leithdháileadh teagaisc na scoile atá ag aistriú pátrúnachta, oibreoidh na socruithe atá leagtha amach sa doiciméad ‘Socruithe Ath-imlonnaithe ag an Leibhéal Bunscoile do Bhuanmhúinteoirí agus do Mhúinteoirí CTÉ’)’ ar an ngnáthbhealach, ach amháin i gcás na nithe seo a leanas:
- Ar feadh tréimhse dhá bhliain ó dháta an aistrithe pátrúnachta, beidh deis ag múinteoirí barrachais a roghnú go gcuirfí iad ar phríomhphainéal an phátrúin atá ag imeacht nó ar phríomhphainéal an phátrúin nua.