Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht: Faisnéis do Phátrúin Scoileanna


Cad atá i gceist le hAthchumrú Scoileanna don Éagsúlacht?

Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha a mhéadú. Cuidíonn an próiseas le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (reiligiúnach) go pátrúin il-sainchreidmheacha (neamh-reiligiúnach), má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Is scoil le pátrún reiligiúnach í scoil shainchreidmheach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta). Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.

Tá sé beartaithe ag an rialtas go mbeidh 400 bunscoil il-sainchreidmheacha ar a laghad ann faoi 2030.

Cad atá le cur san áireamh nuair atá pátrúnacht á haistriú

Tá gnéithe éagsúla de shaol na scoile nach mór a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh pátrúnacht scoile a athrú. Tá a héiteas agus cúinsí ar leith ag gach scoil. D’fhéadfadh mianta bhaill foirne na scoile, na dtuismitheoirí agus an phobail a bheith éagsúil ó scoil go scoil. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cur chuige solúbtha a ghlacadh i dtreo aistriú pátrúnachta ar bith.

D'fhéadfadh rudaí eile is cóir a chur san áireamh freisin nach bhfuil tugtha fúthu sna leathanaigh ghréasáin seo.

Comhaontú idir na pátrúin atá ag imeacht agus ag teacht isteach

Beidh ar an bpátrún atá ag imeacht agus an pátrún atá ag teacht isteach plé agus comhaontú a dhéanamh ar chuid mhór ábhar mar chuid den aistriú pátrúnachta.

Glacfaidh sé am do na pátrúin comhaontú a dhéanamh ar na hábhair seo. Glacfaidh sé am freisin do na pátrúin na hábhair seo a phlé le pobal na scoile. Sa liosta thíos, leagtar amach roinnt de na príomhábhair atá le cur san áireamh. D’fhéadfadh ábhair eile a bheith ann nach bhfuil ar an liosta seo.

Tréimhse ama

Ba chóir don phátrún atá ag imeacht agus don phátrún atá ag teacht isteach sceideal a chomhaontú don aistriú pátrúnachta.

Sa sceideal seo, ba chóir am a ghlacadh don mhéid seo a leanas:

  • dul i gcomhairle le pobal na scoile faoin aistriú pátrúnachta;
  • fógraí dlí fostaíochta a eagrú, lena n-áirítear rialacháin um Ghnóthais a Aistriú (Cosaint Fostaíochta) (nuair is iomchuí); agus
  • painéal ath-imlonnaithe múinteoirí a shocrú.

I roinnt scoileanna, b’fhéidir go mbeidh am roimh ré de roinnt blianta ag teastáil sula dtarlaíonn an t-aistriú pátrúnachta. Beidh sé seo ag brath ar chúinsí áitiúla. I gcásanna eile, b’fhéidir go mbeidh am níos giorra oiriúnach roimh ré.

Cumarsáid a dhéanamh le pobail scoileanna

Tá sé tábhachtach go bhfaigheann pobail scoileanna faisnéis shoiléir agus chomhsheasmhach.

Ba chóir don phátrún atá ag imeacht agus don phátrún atá ag teacht isteach comhaontú a dhéanamh ar am agus formáid na cumarsáide. Tá sé seo an-tábhachtach maidir le preasráitis nó aon fhógraí poiblí sula dtarlaíonn an t-aistriú pátrúnachta.

An próiseas um aistriú pátrúnachta

An clár um ag athrú pátrún de chuid na Roinne Oideachais

Nuair atá na socruithe praiticiúla a pléadh thuas comhaontaithe ag na pátrúin atá ag imeacht agus ag teacht isteach (agus aon ábhair eile a bhaineann go sonrach lena scoil), is é seo a leanas an próiseas maidir le socrú a dhéanamh faoin bhfaomhadh riachtanach agus faoin leasú ar chlár na bpátrún atá faoi sheilbh na Roinne Oideachais.

Ní mór don phátrún atá ag imeacht scríobh go dtí an Roinn Oideachais chun iarratas a dhéanamh ar aistriú pátrúnachta faoi Alt 8 den Acht Oideachais 1998. In iarratas an phátrúin atá imeacht, ba chóir go mbeadh sonraí san áireamh faoin bplé a bhí aige agus an foras pátrúin ar mian leis an bpátrún atá ag imeacht aistriú pátrúnachta a dhéanamh chuige a shainaithint agus iarratas a dhéanamh go ndéantar clár na bpátrún a leasú dá réir sin.

Scríobhfaidh an Roinn go dtí an pátrún molta atá ag teacht isteach ina n-iarrfar deimhniú foirmiúil go bhfuil an pátrún toilteanach a bheith mar phátrún na scoile agus go bhfuil an pátrún sásta go bhfuil tús curtha leis na socruithe iomchuí i dtaca leis seo. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna socruithe seo:

  • saincheisteanna praiticiúla agus dlíthiúla;
  • gur pléadh agus gur comhaontaíodh na tréimhsí ama agus an chumarsáid le pobal na scoile áitiúil;
  • na socruithe atá i bhfeidhm do cheapadh bord bainistíochta nua nó bainisteoir aonair mar chéim eatramhach;
  • ainm oiriúnach don scoil; agus
  • na socruithe atá i bhfeidhm ionas gur féidir (nó a mhalairt) le páirtithe eile leanúint ar aghaidh agus áitreabh na scoile a úsáid.

Nuair atá an deimhniú faighte ón bpátrún molta atá ag teacht isteach, d’fhéadfadh an tAire a bheith toilteanach clár na bpátrún a leasú. Déanfar é seo a dheimhniú i litir chuig na pátrúin atá ag imeacht agus ag teacht isteach.

Ceapann an pátrún atá ag teacht isteach bord bainistíochta nua

Sa Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023-2027, leagtar amach na nósanna imeachta atá le leanúint chun bord bainistíochta a cheapadh i mbunscoil. I Mír 3.7.3 den lámhleabhar, tá cur síos ar a dtarlaíonn nuair a aistrítear pátrúnacht scoile. Tá breac-chuntas cabhrach den mhéid seo a leanas sa lámhleabhar freisin:

  • ról an bhoird; agus
  • rialacha faoi chomhdhéanamh agus faoi fheidhmiú na mbord.

Nuair a tharlaíonn aistriú pátrúnachta, ba chóir do phátrún na scoile atá ag teacht isteach socruithe a dhéanamh chun bord bainistíochta nua a cheapadh.

Tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige den bhord atá ag feidhmiú faoin bpátrún atá ag imeacht an lá roimh an gcéad lá ar a bhfuil an scoil le hoscailt le daltaí a ghlacadh isteach faoin bpátrún nua.

Le linn na tréimhse go dtí go mbunaítear an bhoird nua déanfaidh an pátrún nua bainistíocht ar an scoil nó ceapfar bainisteoir chun feidhmeanna an bhoird a chomhlíonadh i gcomhréir le halt 14 den Acht Oideachais 1998.

Más bord oideachais agus oiliúna (BOO) é an pátrún il-sainchreidmheach atá ag teacht isteach, beidh an BOO sin mar fhostóir bhaill foirne na scoile agus is é coiste de Bhord an BOO é an bord bainistíochta. Beidh an fhreagracht fós ar an mbord bainistíochta as cúrsaí nach mbaineann le cúrsaí fostaíochta, mar shampla:

  • polasaithe na scoile;
  • cosaint leanaí; agus
  • pleanáil scoile.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa Lámhleabhar Rialachais do Bhunscoileanna 2023–2027.

Beidh ar an mbord bainistíochta seasamh le spiorad sainiúil na scoileanna mar atá socraithe ag an bpátrún atá ag teacht isteach i gcomhréir leis an Acht Oideachais.

Is féidir fiosruithe maidir le bord bainistíochta, nó bainisteoir a cheapadh go dtí go mbunaítear an bord, a chur ar aghaidh ar ríomhphost go dtí schoolgovernance@education.gov.ie

Saincheisteanna airgeadais agus cuntasaíochta

I gcomhréir le hAlt 18 den Acht Oideachais 1998:

  • ní mór do bhord bainistíochta na scoile cuntais a choinneáil d’ioncam agus caiteachas uile na scoile;
  • ní mór don bhord a chinntiú go ndéantar cuntais na scoile a iniúchadh de réir an chleachtais chuntasaíochta is fearr; agus
  • ní mór don bhord cuntais na scoile a bhaineann leis an Stát agus le maoiniú eile a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an Aire agus ag tuismitheoirí mac léinn sa scoil.

Is gá don phátrún atá ag imeacht agus don phátrún atá ag teacht isteach a ndícheall cuí a dhéanamh maidir le cúrsaí a bhaineann le hairgeadas, ioncam agus caiteachas agus cuntais bhainc na scoile. Cuimsíonn sé seo aon fhiachais agus dliteanais atá ag an scoil. Ba chóir go dtiocfadh an pátrún atá ag imeacht agus an pátrún atá ag teacht isteach teacht ar chomhaontú maidir leis seo.

Ní mór na sonraí seo a leanas a chur ar fáil don phátrún atá ag teacht isteach agus don bhord:

  • cuntais bhliantúla na scoile le sé bliana anuas;
  • conarthaí fostaíochta d’fhostaithe an bhoird uile, iad siúd atá ar saoire san áireamh;
  • conarthaí le soláthraithe seirbhíse, mar shampla, cuideachtaí glantóirí agus conarthaí lónadóireachta;
  • sonraí faoi aon chásanna dlí nó aon saincheisteanna cúitimh atá ag leanúint ar aghaidh a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an bpátrún nua;
  • sonraí faoi aon chásanna dlí nó aon saincheisteanna cúitimh a d’fhéadfadh a bheith ann a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an bpátrún nua;
  • sonraí faoi aon chomhaontuithe dlí le tríú páirtithe, mar shampla, gníomhaíochtaí réamhscoile nó i ndiaidh scoile atá lonnaithe i bhfoirgneamh na scoile agus aon chomhaontuithe ceadúnais atá i bhfeidhm; agus
  • sonraí faoi aon iasachtaí/áiseanna rótharraingthe atá tógtha amach ag an mbord.

Sócmhainní:

Ní mór don phátrún atá ag imeacht a chinntiú go ndéantar sócmhainní uile an bhoird bhainistíochta a áirithiú agus a chaomhnú ar mhaithe le bord bainistíochta an phátrúin atá ag teacht isteach.

Sainordú bainc:

Ba chóir don phátrún atá ag imeacht a chinntiú go socraíonn na baill dá bhord bainistíochta go ndéantar an sainordú bainc do chuntas bainc na scoile a leasú ar an gcaoi ina dtreoraíonn an pátrún atá ag teacht isteach (agus/nó a bhord bainistíochta) leis na baill nua den bhord bainistíochta atá ceaptha ag an bpátrún nó oifigigh BOO atá ag teacht isteach le teacht in áit bhaill an bhoird bhainistíochta atá ag imeacht, mar na sínitheoirí údaraithe ar an sainordú bainc, áit a mbaineann le hábhar.

Fiachais:

Ba chóir na fiachais agus éilimh uile a thabhaíonn an pátrún atá ag imeacht nó a bhord bainistíochta atá ag imeacht i rith an ama nó i dtaca le pátrúnacht/bainistíocht na scoile a bheith socraithe go pras sula n-aistrítear an phátrúnacht. Ní mór na creidiúnaithe agus na fabhruithe uile a dhearbhú lena chinntiú go bhfuil dóthain airgid ann chun iad a chlúdach.

Conarthaí:

Le linn na tréimhse sula dtarlaíonn an t-aistriú pátrúnachta, níor chóir aon chonarthaí de chuid an bhoird bhainistíochta a chur ar ceal ná a athrú gan cead a fháil roimh ré i scríbhinn ón bpátrún atá ag teacht isteach.

Síntiúis:

Má aistríonn tríú páirtí aon airgid go dtí an pátrún/ bord bainistíochta atá ag imeacht nó má bhronntar aon airgid ar an bpátrún/ ar an mbord bainistíochta atá ag imeacht i dtaca le leanúint ar aghaidh le pátrúnacht/ bainistíocht na scoile, tar éis an t-aistriú pátrúnachta a bheith déanta, ní mór socruithe a dhéanamh chun é seo a seo a aistriú go dtí an pátrún atá ag teacht isteach/ an bord bainistíochta atá ag teacht isteach/cuntas na scoile de réir mar is cuí.

Cruinniú aistrithe:

Ní mór do na pátrúin atá ag imeacht agus atá ag teacht isteach a chinntiú go socraítear cruinniú aistrithe idir na boird bainistíochta atá ag imeacht agus atá ag teacht isteach. Ag an gcruinniú sin, ba chóir doiciméad aistrithe agus seicliosta ina bhfuil na hábhair phraiticiúla san áireamh atá sínithe ag an mbord atá ag imeacht a bheith curtha ar fáil ionas go mbeidh aistriú éasca ann.

Airgid sa chuntas bainc

Táthar ag súil go gcoinneofar an maoiniú uile i gcuntas bainc na scoile, nó an chuid is mó de, chun tairbhe leanúnach na scoile tar éis an t-aistriú pátrúnachta a bheith déanta, ach amháin má tá cúiseanna an-soiléir agus ar leith ann gan é seo a dhéanamh.

Maoiniú ón Stát

Fanfaidh maoiniú uile an Stáit atá curtha ar fáil do dhaltaí na scoile leis an scoil nó déanfar é a aistriú go

dtí an BOO áit a mbaineann sé le hábhar.

Ní mór maoiniú a bailíodh go háitiúil a phlé

Beidh ar an bpátrún atá ag imeacht agus an pátrún atá ag teacht isteach breathnú ar an staid faoi aon iarmhéid de mhaoiniú a bailíodh go háitiúil. Beidh an cur chuige feiliúnach maidir leis seo ag brath ar ghnéithe, mar shampla, an cuspóir dár reáchtáladh an bailiú airgid. Bheadh gá le haon bailiú airgid a rinneadh chun críche ar leith a bheith caite chun na críche ar leith sin agus b’fhéidir nach mbeidh sé seo riachtanach/oiriúnach faoi phátrún nua.

Má tá sé beartaithe úsáid airgead do chuspóir ar leith a athrú (ar a dtugtar freisin cistí srianta / cistí ainmnithe)

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le faomhadh ón Rialálaí Carthanas má tá sé beartaithe airgid a atreorú a bailíodh chun críche atá éagsúil leis an gcuspóir dár bailíodh na hairgid. Téigh i dteagmháil le hoifig an Rialálaí Carthanas: info@charitiesregulator.ie nó 01 6331500.

Tá iarratas rialála i gceist leis an bpróiseas formheasa a bhféadfadh go n-áireofaí leis iarraidh ar an Rialálaí Carthanas feidhmeanna reachtúla lánroghnacha a fheidhmiú. Is é an rogha eile seachas iarratas rialála ná iarratas Ard-Chúirte, agus dá réir sin teastaíonn doiciméadú iarratais ar chaighdeán comhchosúil. Tá treoir fhairsing ag an Rialálaí Carthanas ar a shuíomh Gréasáin, lena n-áirítear Treoir maidir le Cúlchistí Carthanachta a dhéileálann le cistí sainchuspóra.

Aonad Tacaíochta Seirbhísí Airgeadais na Roinne Oideachais

Ní mór faisnéis airgeadais uile na scoile a choinneáil do na sé bliana roimhe seo agus don bhliain reatha. Má bhogtar an scoil go hearnáil eile, mar shampla, más Pobalscoil Náisiúnta atá ann faoin BOO, ní mór don scoil a thuairisciú chuig an Aonad Tacaíochta Seirbhísí Airgeadais (ATSA) suas go dtí an dáta a bogadh chun críocha na gcuntas ag deireadh na bliana.

Is foinse thábhachtach comhairle agus tacaíochta é an ATSA do bhainistíocht na scoile agus don phearsanra airgeadais maidir le cúrsaí rialachais airgeadais. Má tá ceist agat faoi shocruithe airgeadais don aistriú pátrúnachta, cuir ríomhphost chuig an ATSA le do thoil: primary@fssu.ie (do bhunscoileanna) nó info@fssu.ie(d’iar-bhunscoileanna).

Tuarascáil Bhliantúil a Athbhreithniú agus a Chur Isteach

Ba cheart don phátrún atá ag dul amach a chinntiú go gcomhdaítear an Tuarascáil Bhliantúil chuig an Rialálaí Carthanas in am.

Tá dualgas ar gach eagraíocht charthanais tuairisc a thabhairt ar a ngníomhaíochtaí airgeadais don Rialtóir Carthanas. Chun scoileanna a éascú, roinneann an ATSA an fhaisnéis airgeadais riachtanach leis an Rialálaí Carthanas. Tá an fhaisnéis seo réamhlíonta ar fhoirm thuarascáil bhliantúil an Rialtóra Carthanas do do scoil. Ní mór do scoileanna logáil isteach ar MyAccount a Rialtóra Carthanas tríd an tairseach ar líne, athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis réamhdhaonra lena chinntiú go bhfuil sé ceart, agus an Tuarascáil Bhliantúil a chur isteach faoin 30 Meitheamh gach bliain. Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar shuíomh gréasáin FSSU

Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Ní mór na leabhair agus taifid iomchuí agus ábhartha uile a bhaineann le tréimhse ama an phátrúin atá ag imeacht a chur ar fáil don phátrún atá ag teacht isteach. San áireamh anseo atá an méid seo a leanas:

  • aon taifid a raibh ar an bpátrún atá ag imeacht a choinneáil de réir dlí (ina cháil mar phátrún na scoile); agus
  • na leabhair agus taifid ábhartha uile den bhord bainistíochta atá ag imeacht a bhaineann le bainistíocht na scoile.

Ba chóir don phátrún atá ag imeacht, an pátrún atá ag teacht isteach agus na boird bainistíochta iomchuí cloí leis na dlíthe uile um chosaint sonraí. Cuimsíonn sé seo bunús dleathach soiléir a bheith ann chun sonraí pearsanta a chomhroinnt agus a fháil, nuair atá na taifid seo á gcomhroinnt.

Ní mór do na pátrúin atá ag imeacht agus ag teacht isteach agus do na boird bhainistíochta na polasaithe agus nósanna imeachta cuí a bheith i bhfeidhm acu a bhaineann le sonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid, a stóráil, a choinneáil agus a choinneáil sábháilte.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat