Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht: Gluais Téarmaí A-Z
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
- Bord Bainistíochta/bainisteoir aonair
- Spiorad sainiúil
- Pobalscoileanna Náisiúnta
- Pátrúnacht shainchreidmheach
- An tAcht Oideachais 1998
- An tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006
- Éiteas
- An tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (ASTA)
- Gaelscoileanna
- Pátrúnacht Idir-shainchreidmheach
- Comhdháil Easpagóideach na hÉireann (CEÉ)
- Pátrúnacht il-sainchreidmheach
- An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
- Pátrún
- An Próiseas um Dhífheistiú Pátrúnachta
- Athchumrú céimnithe
- Bunscoileanna
- Clár an Rialtais
- Athchumrú
- An Próiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht
- Scoil iomchuí
- Gnóthais a Aistriú (Cosaint Fostaíochta) (TUPE)
- Aistriú pátrúnachta
D’fhéadfadh sé gur téarmaí nua iad roinnt de na téarmaí ar na leathanaigh ghréasáin seo. D’fhéadfadh go mbeadh brí éagsúil le roinnt de na téarmaí seo, ag brath ar an gcaoi a úsáidtear iad. Insítear duit anseo cad is brí nuair a úsáidimid na téarmaí seo ar na leathanaigh ghréasáin seo.
Is mar eolas amháin a thugtar na bríonna anseo. Ní chiallaíonn sé gur bríonna dlíthiúla iad. Má luaitear téarma nach bhfuil ar eolas agat i gceann amháin de na mínithe, is é is dóichí ná go bhfuil sé mínithe in áit éigin eile sa ghluais A-Z seo.
Bord Bainistíochta/bainisteoir aonair
Is ionann an Bord Bainistíochta nó an bainisteoir/na bainisteoirí agus an grúpa daoine nó an duine/na daoine atá ceaptha ag an bpátrún chun scoil a bhainistiú thar ceann an phátrúin scoile “ar mhaithe leis na daltaí agus a dtuismitheoirí agus oideachas cuí a sholáthar nó a chur faoi deara é a sholáthar do gach dalta ar an scoil a bhfuil freagracht ar an mbord sin ina leith”. Ní mór don bhord spiorad sainiúil na scoile a chosaint agus tá sé freagrach don phátrún as an méid sin a dhéanamh. Tá feidhmeanna an bhoird bhainistíochta leagtha amach in alt 15 den Acht Oideachais 1998. Tá bord bainistíochta Phobalscoil Náisiúnta ina choiste de Bhord Oideachais agus Oiliúna an BOO agus tá sé freagrach as nithe nach mbaineann le fostaíocht, mar shampla, polasaithe scoile, cosaint leanaí agus pleanáil scoile.
Spiorad sainiúil
Féach éiteas
Pobalscoileanna Náisiúnta
Is ionann Pobalscoileanna Náisiúnta (PSN) agus scoileanna il-sainchreidmheacha atá á bhfeidhmiú ag an Stát agus a ghlacann le gach leanbh ó na pobail áitiúla ar a bhfreastalaíonn siad. Oibríonn Pobalscoileanna Náisiúnta faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna), ar údaráis reachtúla iad.
Pátrúnacht shainchreidmheach
Tagraíonn sé seo do scoil atá faoi phátrúnacht pobail reiligiúnaigh aonair. Is scoil le pátrún reiligiúnach í scoil shainchreidmheach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Soláthraíonn scoileanna sainchreidmheacha oideachas reiligiúnach de réir thraidisiúin, chleachtais agus chreidimh an phobail reiligiúnaigh lena mbaineann. I bhformhór scoileanna dá leithéid sin, pléitear le cruthú creidimh agus le hullmhúchán do na sacraimintí mar chuid den lá scoile. B’fhéidir go soláthróidh an scoil oideachas níos leithne maidir leis an reiligiún agus go bhfreastalóidh sí ar thuismitheoirí/caomhnóirí ó thraidisiúin chreidimh eile chun gur féidir leo solathar a dhéanamh don oideachas reiligiúnach ina gcóras creidimh féin. D’fhéadfadh cleachtais éagsúla a bheith i bhfeidhm ina leith sin.
An tAcht Oideachais 1998
Cinntítear leis an Acht Oideachais, 1998 (arna leasú le hAchtanna ina dhiaidh sin), go ndéanfar socrú foirmiúil maidir le hoideachas “gach duine sa Stát, lena n-áirítear aon duine ar a bhfuil míchumas nó ag a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais”. Rialaítear leis an Acht “bunoideachas, iar-bhunoideachas, oideachas aosach agus leanúnach, agus gairmoideachas agus gairmoiliúint”. Leagtar amach ann feidhmeanna agus freagrachtaí na bpríomh-chomhpháirtithe uile sa chóras scolaíochta. Leagtar amach san Acht na cearta atá ag tuismitheoirí chun a leanaí a chur chuig aon scoil dá rogha féin. Tá freagrachtaí an phátrúin leagtha amach sa dlí faoin Acht Oideachais, 1998, mar shampla, is le halt 8(3) den Acht a dhéantar foráil d’aistrithe pátrúnachta.
An tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006
Tá feidhm ag an Acht seo maidir le gach cuideachta, comhpháirtíocht, cumann carthanachta, ceardchumann agus comhlacht poiblí. Leis an Acht, ceanglaítear ar fhostóirí a chomhlíonann an tairseach riachtanach faisnéis a sholáthar d’fhostaithe faoi fhorbairtí (reatha agus todhchaí) a bhfuil tionchar acu ar staid eacnamaíoch agus ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta. Ceanglaítear ar fhostóirí freisin fostaithe a chur ar an eolas, agus dul i gcomhairle leo, faoi fhorbairtí a bhfuil tionchar acu ar fhostaíocht san áit oibre agus, go háirithe, faoi chinntí ar dócha go dtarlóidh athruithe substaintiúla mar thoradh orthu in eagrú oibre nó i gcaidreamh conarthach.
I gcomhthéacs bunscoileanna, ciallaíonn “fostóir” an t-údarás cuí scoile. I gcás bunscoileanna (seachas pobalscoileanna náisiúnta atá faoi phátrúnacht Boird Oideachais agus Oiliúna), is ionann an bord bainistíochta nó an bainisteoir/na bainisteoirí agus an fostóir. I gcás pobalscoileanna náisiúnta, is ionann an Bord Oideachais agus Oiliúna agus an fostóir.
Éiteas
Socraíonn an pátrún scoile éiteas agus spiorad sainiúil na scoile. Is minic a úsáidtear na téarmaí sin go hidirmhalartach, agus baineann siad leis na luachanna agus na creidimh is bun leis an scoil. Foráiltear leis an Acht Oideachais, 1998, go mbeidh Bord Bainistíochta na scoile cuntasach don phátrún as spiorad sainiúil na scoile a chosaint “mar a chinntear é de réir na luachanna agus na dtraidisiún cultúrtha, oideachais, morálta, creidimh, sóisialta, teangeolaíocha agus spioradálta is bun le cuspóirí agus stiúradh na scoile agus is saintréithe den chéanna”. Féadfar oideachas nó teagasc reiligiúnach a sholáthar ag an scoil ar aon dul lena héiteas.
An tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (ASTA)
Cistíonn an Roinn Oideachais an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais FSSU, atá óstáilte ag Rúnaíocht na Meánscoileanna agus a thacaíonn le boird bhainistíochta le forálacha an Achta Oideachais, 1998, a chomhlíonadh, a mhéad a bhaineann le trédhearcacht, cuntasacht agus freagracht airgeadais ó thaobh cistiú Stáit agus cistiú eile de. Tacaíonn an ASTA le boird bhainistíochta freisin cloí leis na ceanglais chomhlíonta atá orthu i leith comhlachtaí eile rialála agus reachtúla agus is foinse thábhachtach comhairle agus tacaíochta é do phearsanra bainistíochta agus airgeadais scoile maidir le cúrsaí rialachais airgeadais.
Gaelscoileanna
Tagraíonn sé seo do bhunscoileanna a theagascann trí Ghaeilge. Tá éiteas sainchreidmheach (reiligiúnach) ag roinnt de na scoileanna sin, tá éiteas idir-shainchreidmheach ag roinnt eile díobh agus tá éiteas il-sainchreidmheach ag roinnt eile díobh.
Pátrúnacht Idir-shainchreidmheach
Tagraíonn sé seo do scoil atá faoi phátrúnacht, nó atá faoi iontaobhas, de níos mó ná pobal creidimh reiligiúnaigh amháin. Déanann scoil dá leithéid socrú d’éagsúlacht deiseanna oideachais reiligiúnaigh.
Comhdháil Easpagóideach na hÉireann (CEÉ)
Tá Comhdháil Easpaig Chaitliceacha na hÉireann comhdhéanta d’Easpaig 26 deoise na hÉireann agus Easpag cúnta amháin. Is í Comhairle Oideachais na Comhdhála a chuireann an beartas agus an fhís in iúl don oideachas caitliceach in Éirinn, ó Thuaidh agus ó Dheas thar ceann an CEÉ.
Pátrúnacht il-sainchreidmheach
Tagraíonn sé seo do scoileanna atá faoi phátrúnacht pátrúin il-sainchreidmhigh. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta). Tá éiteas il-sainchreidmheach ag scoileanna den sórt sin agus ní sholáthraíonn siad oideachas reiligiúnach mar chruthú le linn an lae scoile. Ina ionad sin, soláthraíonn siad oideachas faoi reiligiúin agus faoi chreidimh. I scoileanna il-sainchreidmheacha, ní dhéantar aon ranganna cruthú creidimh le linn an lae scoile. Tá socruithe éagsúla i bhfeidhm chun na ranganna sin a éascú lasmuigh d’uaireanta scoile. Tá cleachtais éagsúla i bhfeidhm ag gach scoil agus is féidir cleachtais ar leith a bheith ar bun ar an leibhéal áitiúil.
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
Comhlacht reachtúil atá faoi choimirce na Roinne Oideachais is ea an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnacht don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Forbraítear an chomhairle sin trí thaighde, trí bhreithniúchán, trí chomhairliúchán agus trí líonraí.
Pátrún
Is ionann an pátrún scoile agus an duine/an comhlacht atá aitheanta mar phátrún ag an Aire de réir alt 8 den Acht Oideachais 1998. I gcás go bhfeidhmeoidh beirt nó níos mó na feidhmeanna de chuid pátrúin, féadfar iad a chlárú mar chomhphátrúin. Ceapann pátrún scoile an bord bainistíochta chun feidhmiú aon scoile atá faoina phátrúnacht a bhainistiú. Socraíonn an pátrún éiteas agus spiorad sainiúil na scoile. Féadfar oideachas nó teagasc reiligiúnach a sholáthar ag an scoil ar aon dul lena héiteas. Tá freagrachtaí an phátrúin leagtha amach sa dlí faoin Acht Oideachais 1998.
I gcás go n-úsáidfear na téarmaí seo a leanas sna leathanaigh ghréasáin seo, is iad seo a leanas na bríonna a bheidh leo:
- Pátrún Reatha - Duine/Comhlacht ar a bhfuil na freagrachtaí thuas faoi láthair
- Pátrún atá ag Imeacht - Duine/Comhlacht atá ag éirí as na freagrachtaí thuas
- Pátrún atá ag Teacht Isteach– Duine/Comhlacht atá ag glacadh leis na freagrachtaí thuas.
An Próiseas um Dhífheistiú Pátrúnachta
Eascraíonn an Próiseas um Dhífheistiú Pátrúnachta as na moltaí a rinneadh sa tuarascáil ón nGrúpa Comhairleach don Fhóram um Pátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bunscoile, a foilsíodh sa bhliain 2012
Ina dhiaidh sin, thug an Roinn Oideachais faoi shuirbhéanna ar shainroghanna pearsanta tuismitheoirí i 43 limistéar daonra chobhsaí sna blianta 2012 agus 2013 chun a fháil amach cén leibhéal éilimh a bhí ann i measc tuismitheoirí ar rogha níos leithne a bheith acu maidir le pátrúnacht bunscoileanna laistigh de na limistéir sin. San anailís ar na sainroghanna pearsanta a chuir tuismitheoirí in iúl i ngach limistéar a ndearnadh suirbhé orthu, tugadh le fios go bhfuil éileamh dóthanach ann i measc tuismitheoirí chun tacú le hathruithe i bpátrúnacht scoile in 28 limistéar. Faoin bpróiseas um dhífheistiú pátrúnachta, féadfar scoil a oscailt in áit inar tháinig foirgneamh scoile chun bheith ar fáil, nó ina bhfuil foirgneamh scoile chun teacht chun bheith ar fáil, mar thoradh ar scoil atá ann cheana féin a chónascadh/a dhúnadh. Agus í ag freagairt don éileamh ar an éagsúlacht i roinnt limistéar nach raibh na pátrúin atá ann cheana in ann réadmhaoine scoile a chur ar fáil iontu, rinne an Roinn scrúdú ar réadmhaoine atá faoi úinéireacht phoiblí a úsáid freisin.
Athchumrú céimnithe
Tagraíonn sé seo do chás ina mbeidh aistriú pátrúnachta á dhéanamh agus ina dtabharfar an t-éiteas il-sainchreidmheach nua isteach ar bhonn céimnithe le himeacht ama, in ionad an t-éiteas a bheith á athrú chuig éiteas il-sainchreidmheach láithreach bonn do gach dalta. Mar shampla, tabharfar an t-éiteas il-sainchreidmheach isteach i rang na naíonán sóisir agus coinneofar ar bun é sa rang sin de réir mar a théann na scoilbhlianta thart, i.e., fanfaidh na ranganna atá ann cheana féin faoi éiteas sainchreidmheach go dtí go bhfágfaidh siad an scoil tar éis rang 6.
Bunscoileanna
Áirítear leis an earnáil bunoideachais bunscoileanna Státchistithe, scoileanna speisialta agus bunscoileanna príobháideacha. Tá an t-oideachas bunscoile comhdhéanta de shraith 8-mbliana: na naíonáin shóisearacha, na naíonáin shinsearacha agus rang 1 go rang 6. Is ag gach bunscoil Státchistithe in Éirinn atá pátrún a leagann an t-éiteas don scoil síos. Áirítear le bunscoileanna Státchistithe scoileanna sainchreidmheacha (reiligiúnacha), scoileanna idir-shainchreidmheacha, scoileanna il-sainchreidmheacha agus Gaelscoileanna (scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge), ar féidir leo éiteas sainchreidmheach (reiligiúnach), éiteas idir-shainchreidmheach nó éiteas il-sainchreidmheach a bheith acu. Cloíonn gach bunscoil Státchistithe le curaclam náisiúnta coiteann agus tá siad faoi réir an aon tacair rialacha agus rialachán de chuid na Roinne.
Clár an Rialtais
Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.
Is é aidhm an phróisis athchumraithe scoileanna cuidiú le scoileanna pátrúnacht a aistriú, má tá sé seo ag teastáil ó phobail na scoileanna, agus líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha in Éirinn a mhéadú
Sa tábla thíos, taispeántar éiteas na mbunscoileanna in Éirinn sa lá atá inniu ann:
| Caitliceach | 88.3% | |
| Reiligiúin eile, Eaglais na hÉireann go príomha | 6.2% | |
| Ilsainchreidmheach | 5.5% |
Athchumrú
Chun críche na leathanach gréasáin seo, tagraíonn sé seo d’athrú pátrúin agus d’athrú chuig éiteas il-sainchreidmheach.
An Próiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht
Tá sé mar aidhm leis an bpróiseas um Athchumrú Scoileanna don Éagsúlacht líon na mbunscoileanna il-sainchreidmheacha a mhéadú. Cuidíonn an próiseas le scoileanna pátrúnacht a aistriú ó phátrúin shainchreidmheacha (Eaglais) go pátrúin il-sainchreidmheacha, má tá sé seo ag teastáil ó phobal na scoile. Is scoil le pátrún reiligiúnach í scoil shainchreidmheach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Scoil il-sainchreidmheach is ea scoil faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile agus An Foras Pátrúnachta).
Scoil iomchuí
I gcás go n-úsáidfear an téarma seo sna leathanaigh ghréasáin seo, tagraíonn sé do scoil eile atá faoin bpátrúnacht chéanna le pátrún na scoile atá ag imeacht.
Scoil iomchuí
I gcás go n-úsáidfear an téarma seo sna leathanaigh ghréasáin seo, tagraíonn sé do scoil eile atá faoin bpátrúnacht chéanna le pátrún na scoile atá ag imeacht.
Gnóthais a Aistriú (Cosaint Fostaíochta) (TUPE)
Tá feidhm ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003, maidir le haon aistriú gnóthais, gnólachta nó cuid de ghnólacht ó fhostóir amháin chuig fostóir eile mar thoradh ar aistriú dlíthiúil (lena n-áirítear léas a shannadh nó léas a fhorghéilleadh) nó ar chumasc.
I gcomhthéacs bunscoileanna, ciallaíonn “fostóir” an t-údarás cuí scoile. I gcás bunscoileanna (seachas pobalscoileanna náisiúnta atá faoi phátrúnacht Boird Oideachais agus Oiliúna), is ionann an bord bainistíochta nó an bainisteoir/na bainisteoirí agus an fostóir. I gcás pobalscoileanna náisiúnta, is ionann an Bord Oideachais agus Oiliúna agus an fostóir.
Aistriú pátrúnachta
Nuair a athraítear pátrún i scoil, tugtar ‘aistriú pátrúnachta‘ air seo. Glacann an pátrún nua an fhreagracht as an scoil.
Nuair a aistrítear pátrún i scoil, d’fhéadfadh athrú san éiteas a bheith i gceist leis seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scoil shainchreidmheach (reiligiúnach) a bheith ina scoil il-sainchreidmheach. Le haghaidh aistrithe pátrúnachta go forais phátrúin il-sainchreidmheacha, athrófar an scoil go scoil il-sainchreidmheach. Is féidir athrú éiteas a bheith ann ag an am céanna leis an aistriú pátrúnachta, nó is féidir leis tarlú ar bhonn níos céimsí. Mar shampla, áit a leanann na naíonáin sóisir nua atá tagtha isteach clár il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna go leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar thréimhse ama, go bhfuil an clár il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí uile.
Más mian le pobal scoile go n-athróidh an pátrúnacht scoile go pátrún il-sainchreidmheach, is féidir le pobal na scoile dul i mbun plé go díreach leis an bpátrún scoile reatha agus aistriú pátrúnachta a lorg. Ní féidir an t-athrú a chomhaontú ach amháin má tá an pátrún scoile toilteanach, mar, faoin Acht Oideachais 1998, is é an pátrún scoile reatha atá freagrach as an athrú ó thaobh dlí de, sa chéad dul síos.