Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí – Cad a chiallaíonn sé seo domsa?


Fís d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí

Thar na chéad chúig bliana eile, tá an tSraith Shinsearach – a ndéanfadh roinnt daoine tagairt di mar bhlianta na hArdteistiméireachta – á huasdátú agus á feabhsú do scoláirí na hÉireann. Baineann sé le gach gné den tSraith Shinsearach: An Ardteistiméireacht Sheanbhunaithe, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Gairmchlár na hArdteistiméireachta, an Idirbhliain, agus Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de chuid na Sraithe Sinsearaí a thabhairt isteach.

Ar an leathanach seo, léirítear an tionchar a bheidh ag an bhfógra ar scoláirí reatha, ag brath ar cathain a thosaíonn siad sa chúigiú bliain.

Thosaigh mé sa chúigiú bliain i 2025

Má thosaigh tú sa chúigiú bliain in 2025, baineann na hathruithe seo a leanas leatsa:

  • Beidh curaclam athbhreithnithe ann do na hábhair seo a leanas (ar a dtugtar ‘sonraíochtaí’): Gnó, Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Araibis, Laidin agus Sean-Ghréigis (Ábhair Thráinse 1).
  • Beidh comhpháirt(eanna) sna hábhair seo ar a ndéanfar measúnú seachtrach.
  • Ní scrúdú scríofa traidisiúnta a bheidh sa chomhpháirt bhreise/sna comhpháirteanna breise.
  • Déanfaidh scrúdaitheoirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú seachtrach ar an gcomhpháirt bhreise/ na comhpháirteanna breise.
  • Tabharfar dhá ábhar nua isteach i roinnt scoileanna in 2025. Do bhlianta ina dhiaidh sin, tabharfar iad isteach chuig scoileanna breise ar bhonn céimnithe. Is iad na hábhair seo (1) Staidéar Drámaíochta, Scannánaíochta agus Amharclannaíochta agus (2) Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain mar scoláire ATF, féach an chuid “Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí atá thíos.
  • Tá na sonraíochtaí deiridh, chomh maith le treoirlínte leis an gComhpháirt Mheasúnaithe Bhreise a chur i gcrích, ar fáil anseo.
  • Tá scrúdpháipéir shamplacha le haghaidh na n-ábhar nua agus nuashonraithe ar fáil anseo.

Tá mé le tosú sa chúigiú bliain in 2026 nó ina dhiaidh sin

Má tá tú le tosú sa chúigiú bliain in 2026, nó ina dhiaidh sin, baineann na hathruithe seo a leanas leatsa:

  • Tabharfar isteach ábhair Thráinse 2 sa churaclam le haghaidh na scoileanna uile in 2026: Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Tíreolaíocht, Nascmhodúil GCAT, agus Corpoideachas. Tá moill bliain amháin ar a laghad curtha le Béarla agus Cuntasaíocht, a bhí le tabhairt isteach anseo i dTráinse 2. Tá sin amhlaidh mar gheall ar scrúdú breise a dhéanamh, i gcomhairle le scoileanna, ar na gnéithe pleanála, forfheidhmithe agus achtaithe den dá ábhar.
  • Tabharfar ábhair Thráinse 3 isteach sa churaclam le haghaidh na scoileanna uile in 2027: Eolaíocht Talmhaíochta, Ríomheolaíocht, Grafaic Dhearaidh agus Chumarsáide, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Matamaitic, Ceol, Fisic agus Ceimic.
  • Tabharfar ábhair Thráinse 4 isteach sa churaclam le haghaidh na scoileanna uile in 2028: Ealaín, Eacnamaíocht, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Iodáilis, Polaitíocht agus Sochaí, Spáinnis, Teicneolaíocht.
  • Tabharfar ábhair Thráinse 5 isteach sa churaclam le haghaidh na scoileanna uile in 2029: Matamaitic Fheidhmeach, Léann Clasaiceach, Seapáinis, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis, Oideachas Reiligiúnach*, Rúisis.
  • Beidh comhpháirt(eanna) sna hábhair seo ar a ndéanfar measúnú seachtrach.
  • Ní scrúdú scríofa traidisiúnta a bheidh sa chomhpháirt bhreise/sna comhpháirteanna breise.
  • Déanfaidh scrúdaitheoirí Choimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú seachtrach ar an gcomhpháirt bhreise/ na comhpháirteanna breise.

Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain mar scoláire ATF, féach an chuid “Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí atá thíos.

Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid na hArdteistiméireachta Feidhmí

Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain mar scoláire na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF), baineann an méid seo a leanas leatsa:

  • Féadfaidh tú Matamaitic ATB agus Nuatheanga Iasachta (NTI) ATB a rochtain anois, faoi réir amchlárú do scoile.
  • Féadfaidh tú staidéar a dhéanamh ar Mhatamaitic ATB mar aon le Feidhmeanna Matamaitice ATF, nó in ionad Feidhmeanna Matamaitice ATF.
  • Féadfaidh tú NTI ATB a dhéanamh mar aon leis an gclár ATF.
  • Tá Ráiteas Cláir ATF nuashonraithe a léiríonn na hathruithe seo ar fáil ar curriculumonline.ie.

Tá do scoil freagrach as amchlárú na n-athruithe thuas agus na cláir Ardteistiméireachta reatha is fearr a oireann duit a aithint in éineacht leat féin agus le do thuismitheoirí/chaomhnóirí.

Beidh do chumas a bheith gafa le Matamaitic ATB agus/nó le NTI ATB lárnach do chinntí a bhaineann le do rochtain ar an ábhar.

Táim faoi láthair, nó beidh mé, i mo scoláire de chuid Ghairmchlár na hArdteistiméireachta

Má tá tú ag dul isteach sa chúigiú bliain de Ghairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT), baineann an méid seo leatsa:

  • Is féidir leat Nascmhodúil GCAT (Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontair) a rochtain anois gan na critéir um ghrúpáil ábhar gairmoideachais nó riachtanais na Nuatheanga Iasachta (NTI) a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach i gCiorclán 0040/2013.
  • Tá gach riachtanas eile maidir le rannpháirtíocht i GCAT i bhfeidhm i gcónaí, riachtanas na Gaeilge san áireamh. Tá Ráiteas Chlár GCAT nuashonraithe a léiríonn na hathruithe atá ar fáil ar: curriculumonline.ie.

Tá do scoil freagrach as amchlárú na n-athruithe thuas agus na cláir Ardteistiméireachta reatha is fearr a oireann duit a aithint in éineacht leat féin agus le do thuismitheoirí/chaomhnóirí.

Má tá tú le dul isteach sa chúigiú bliain in 2025 nó ina dhiaidh sin mar scoláire GCAT, beidh athruithe breise ar an Ardteistiméireacht a bhainfidh leatsa. Féach na codanna “Tá mé le tosú sa chúigiú bliain in 2025”“Tá mé le tosú sa chúigiú bliain in 2026 nó ina dhiaidh sin” den leathanach gréasáin seo, mar is infheidhme.

Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2

Tá forbairt déanta anois ar Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 de chuid na Sraithe Sinsearaí agus is féidir iad a chur ar fáil do scoileanna. Is cláir phearsantaithe iad na cláir, ina ndírítear ar riachtanais foghlama ar leith den duine óg. Trí na cláir, ullmhaítear na scoláirí le haghaidh an tsaoil tar éis na scoile, ionas go mbeidh siad ina bhfoghlaimeoirí ar feadh an tsaoil agus le bheith níos neamhspleáiche.

Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dheimhneoidh na cláir.

Is féidir teacht ar Ráiteas Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2, chomh maith leis na réimsí agus ábhair roghnacha curaclaim, anseo.

Ceisteanna ó dhaltaí ar Athchóiriú na Sraithe Sinsearaí

Cuireann Iar-Uachtarán Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ADIÉ), Shari Irfan, agallamh ar an Leas-Phríomhchigire, Orlaith O’Connor maidir le cad a chiallaíonn na hathruithe ar an tSraith Shinsearach do na scoláirí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat