Cad é Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS)?
- Foilsithe: 20 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2026
- Acmhainní do scoileanna maidir le táirgeadh PGSS
- PGSS: Socrú maidir le Rialaitheoir Comhpháirteach Sonraí
- Tuiscint a Fháil ar do Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe ÓISEARAÍ (PGSS)
Mar chuid den Chreat don tSraith Shóisearach (2015) is é buaicphointe an phróisis tuairiscithe sa tsraith shóisearach an PGSS a bhronnadh ar dhaltaí. Bronnadh an PGSS den chéad uair ar dhaltaí a chríochnaigh an tsraith shóisearach in 2017.Is i 2022 a tugadh isteach, don chéad uair, na sonraíochtaí nua uile don tSraith Shóisearach agus tá gnóthachtálacha i leith na sonraíochtaí sin san áireamh sa PGSS ón mbliain seo ar aghaidh. Beidh ar an scoil an PGSS a phriontáil do gach dalta. Beidh ar an scoil an PGSS a phriontáil do gach dalta. Tuairisceoidh sé ar ghnóthachtáil daltaí thar réimse leathan foghlama sa tSraith Shóisearach. Leis an PGSS, chomh maith le socruithe tuairiscithe eile sa tsraith shóisearach, tairgfear pictiúr leathan, soiléir do scoláirí/múinteoirí/tuismitheoirí maidir le haistear foghlama linbh sna trí bliana den tsraith shóisearach.
Tugtar cuntas, leis an PGSS, ar ghnóthachtáil daltaí i ngnéithe measúnaithe éagsúla a dhéantar i gcaitheamh na trí bliana den tsraith shóisearach, lena n-áirítear na gráid sna scrúduithe deiridh stát-deimhnithe ag deireadh na trí bliana. Tuairisceofar freisin ar ghnóthachtáil daltaí i Measúnú Rang-Bhunaithe (MRBanna) in ábhair agus i ngearrchúrsaí, agus i gCláir Foghlama Leibhéal 2 (CFL2anna) agus gnóthachtálacha i gCláir Foghlama Leibhéal 1 (CFL1anna). Tuairisceofar ar an bhFolláine freisin san PGSS.
Tabharfar deis do scoileanna, leis an PGSS, tuairim a thabhairt ar ghnóthachtáil daltaí, a rannpháirtíocht nó a ndul chun cinn i réimsí eile foghlama a bhí san áireamh i gclár Sraithe Sóisearaí na scoile.
I bhformhór na gcásanna, tabharfar tuairisc sa PGSS ar ghnóthachtáil daltaí maidir le hábhair agus gearrchúrsaí atá ag teacht go ginearálta le Leibhéal 3 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC).
I gcásanna áirithe, féadfaidh an PGSS tuairisciú ar ghnóthachtáil do dhaltaí a bhfuil míchumais foghlama ginearálta acu sa réimse íseal éadrom go dtí ard measartha sa chás go gcuirfeadh riachtanais oideachais na ndaltaí sin cosc orthu rochtain a fháil ar chuid de na hábhair agus gearrchúrsaí Leibhéal 3 sa tsraith shóisearach, nó orthu go léir. Féadfaidh na daltaí sin bheith rannpháirteach i gCláir Foghlama Leibhéal 2, nó i gcuid díobh, atá ag teacht go ginearálta le Leibhéal 2 den CNC.
Tá Cláir Foghlama Leibhéal 1 ar fáil anois do scoileanna agus tabharfaidh siad aghaidh ar riachtanais foghlama líon an-bheag daltaí a bhfuil míchumais foghlama ginearálta acu sa réimse íseal measartha, dian agus trom. I mbeagnach gach cás, beidh na daltaí sin rollaithe i scoileanna speisialta seachas i scoileanna príomhshrutha. Bronnfar na chéad PGSSanna do dhaltaí a thugann faoi Chláir Foghlama Leibhéal 1.
Acmhainní do scoileanna maidir le táirgeadh PGSS
PGSS: Socrú maidir le Rialaitheoir Comhpháirteach Sonraí
Tuiscint a Fháil ar do Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe ÓISEARAÍ (PGSS)
Taifeadann an Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí seo gnóthachtáil na ndaltaí in ábhair agus i ngearrchúrsaí atá ailínithe go ginearálta le Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), agus in Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATFanna) agus i ngearrchúrsaí atá ailínithe go ginearálta le Leibhéal 2 agus Leibhéal 1 de CNC.
| Leibhéal | Tuairisceoir Grád | Banda Grád Athbhreithnithe (2025) | Banda Grád Roimhe Seo (2017 - 2024) |
|---|---|---|---|
| Ardleibhéal, Gnáthleibhéal, Comhleibhéal | Gradam | ≥ 85 go 100 | ≥ 90 go 100 |
| Ardtuillteanas | ≥ 70 agus < 85 | ≥ 75 agus < 90 | |
| Tuillteanas | ≥ 55 agus < 70 | ≥ 55 agus < 75 | |
| Gnóthaithe | ≥ 40 agus < 55 | ≥ 40 agus < 55 | |
| Páirtghnóthaithe | ≥ 20 agus < 40 | ≥ 20 agus < 40 | |
| Neamhghrádaithe | ≥ 0 agus < 20 | ≥ 0 agus < 20 |
Tuairisceoirí MRB
Thar barr ar fad
Os cionn na n-ionchas
Ag teacht leis na hionchais
Níor chomhlíon na hionchais go fóill
I gcás nach bhfaigheann mac léinn tuairisceoir
le haghaidh MRB, úsáidtear an téarma ‘gan tuairisciú’.
I gcás na ngrúpaí mac léinn a chríochnaigh an tSraith Shóisearach idir 2022 agus 2027, tugadh isteach socruithe measúnaithe athbhreithnithe chun measúnuithe rangbhunaithe a chríochnú mar thoradh ar an gcaillteanas foghlama a tharla de bharr phaindéim COVID-19. Bhí ar gach mac léinn MRB amháin ar a laghad a dhéanamh i ngach ábhar seachas an dá cheann de na gnáth-shocruithe measúnaithe seo.
Aonaid Tosaíochta Foghlama
Tuairisceoir ATF Leibhéal 2 agus an Ghearrchúrsa
Gnóthaithe
Tuairisceoirí ATF Leibhéal 1 agus an Ghearrchúrsa
Críochnaithe go rathúil
Rinneadh dul chun cinn
Réimsí Eile Foghlama
Sa chuid seo, tugtar deis do scoileanna tuairisciú a dhéanamh ar ghnóthachtáil i réimsí eile foghlama ina bhfuil na daltaí páirteach