Cad a tharlóidh anois?
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Má d’aistrigh tú do sheoladh le déanaí nó má d’athraigh tú d’Eircode déan deimhin le do thoil go bhfuil do thaifead nuashonraithe agat sa scoil chun a chinntiú go ndéanfar do roghanna a thaifeadadh i leith do scoile.
Cé leis a ndéanfaidh tuismitheoirí teagmháil más mian leo plé a dhéanamh ar sholáthar riachtanas speisialta oideachais dá leanbh/leanaí?
Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar na seirbhísí oideachais a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le béim ar leith ar leanaí. Soláthraítear seirbhís áitiúil CNOS trína líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna), a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna. Tá méadú tagtha ar an líon ERSOanna ó 65 duine go 120 duine, agus é mar aidhm leis an méadú sin leibhéal feabhsaithe seirbhíse a sholáthar do thuismitheoirí agus do scoileanna. Mar chuid den phleanáil chun cinn don soláthar oideachais speisialta, tá sé mar aidhm ag an CNOS cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag lorg socrúchán i rang speisialta/i scoil speisialta dá leanbh/dá nduine óg.
Ba chóir do thuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta teagmháil a dhéanamh leis an CNOS agus aird a thabhairt ar an bpróiseas bliantúil agus ar na h-amlínte maidir le fógra a thabhairt don CNOS. Mar shampla, iarradh ar dhaoine atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta don bhliain scoile 2026/2027 é sin a chur in iúl don CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.
Eolas teagmhála CNOS: www.ncse.ie/contact-the-ncse
Tá aon teagmháil a dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir leis an CNOS agus/nó leis an ERSOanna maidir le soláthar riachtanas speisialta ar leithligh ar fad ón suirbhé ar bhunscoileanna. Coinneofar na freagraí uile ar an suirbhé faoi rún. Cosnófar céannacht na ndaoine a fhreagraíonn an suirbhé seo. Ní fhoilseofar aon fhreagra aonair ná ní thabharfar ainm aon tuismitheora, aon chaomhnóra nó aon linbh do scoileanna.
Cathain a bheidh torthaí an tsuirbhé ar fáil?
Foilseofar torthaí achoimre ardleibhéil tosaigh sa ráithe 1 2026. Seolfar tuarascálacha achoimre níos mionsonraithe chuig gach scoil i bhformáid anaithnid sa ráithe 2 2026.
| Suirbhé ag dúnadh | deireadh mhí samhain 2025 |
| Foilsiú na dtorthaí achoimre ardleibhéil tosaigh (ráta freagartha) | Go Luath i 2026 |
Cad a tharlóidh le torthaí an tsuirbhé?
Beidh ráta freagartha maith tábhachtach chun anailís a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé. Bainfear úsáid as torthaí an tsuirbhé mar ionchur inár n-anailís ar shonraí náisiúnta, áitiúla agus sonraí a bhaineann go sonrach leis an scoil chun cabhrú linn pleanáil ag leibhéal na bunscoile.
Oibreofar le páirtithe leasmhara ábhartha chun torthaí na suirbhéanna a chur i ngníomh i gcomhthéacs na pleanála scoile amach anseo. Ní céim dheireanach é an suirbhé seo. Má léiríonn tuismitheoirí agus caomhnóirí tacaíocht shoiléir don bhreithniú ar athrú, cuirfear tús le próiseas comhphlé cuimsitheach eile.