Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clárúchán oscailte don Chruinniú Mullaigh Taighde Oideachais

An Chéad Chruinniú Mullaigh Bliantúil Taighde Oideachais

Tá iontráil saor in aisce agus is féidir leat clárú anseo.

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Óige go reáchtálfar an chéad Chruinniú Mullaigh Bliantúil Taighde Oideachais Dé Máirt, an 18 Samhain in Ionad Comhdhála Pháirc an Chrócaigh. Léiríodh an-spéis sa Ghairm ar Achoimrí don imeacht seo agus beidh meascán éagsúil sa chlár de thaighde oideachais atá dírithe ar an todhchaí ó cheann ceann na hÉireann.

Beidh an chéad chruinniú mullaigh bliantúil seo ar siúl ag am spreagúil don oideachas, nuair a sheolfaidh an tAire McEntee an Coinbhinsiún Náisiúnta Oideachais, comhphlé ionchuimsitheach ar thodhchaí an oideachais in Éirinn. Breathnóidh an Coinbhinsiún, a mbeidh an tOllamh Anne Looney ina cathaoirleach air, ar láidreachtaí chóras oideachais na hÉireann, na réimsí ina bhfuil dúshláin ag méadú le himeacht ama, agus scrúdóidh sé deiseanna atá ag teacht chun cinn ar cheart leas a bhaint astu.

Sa chéad chruinniú mullaigh bhliantúil Taighde Oideachais beidh eochairaitheasc ón Ollamh Selina McCoy (an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), seisiúin chomhthreomhara ina mbeidh raon saibhir cur i láthair ar théamaí an imeachta agus neart deiseanna le haghaidh líonrú, comhrá agus comhoibriú.

Feidhmeoidh an cruinniú mullaigh freisin mar ardán chun Líonra Taighde Oideachais atá Dírithe ar an Todhchaí a sheoladh a thabharfaidh le chéile lucht déanta beartas, taighdeoirí in institiúidí ardoideachais, cleachtóirí oideachais, maoinitheoirí taighde, agus meithleacha smaointe agus eagraíochtaí comhairleacha beartais. Beidh fócas an líonra amach anseo ríthábhachtach i bhfianaise na ndúshlán atá roimh shochaí an lae inniu.

Cuimseoidh an líonra taighde oideachais atá dírithe ar an todhchaí trí fhoghrúpa agus téamaí trasdisciplíneacha acu: Físeanna Chórais Oideachais na Todhchaí; Scoileanna agus Suíomhanna Oideachais na Todhchaí; Torthaí Oideachais na Todhchaí. Tabharfaidh gach ceann de na foghrúpaí téamacha sin lucht déanta beartas, taighdeoirí agus cleachtóirí le chéile chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a mbeidh fócas sistéamach acu, i.e. tá sé mar aidhm ag gach foghrúpa taighde ó réimsí taighde éagsúla a bhaineann le fócas iomlánaíoch an téama a thabhairt le chéile.

Cuimseofar leis na rannpháirtithe ag an gCruinniú Mullaigh meascán de lucht déanta beartas, taighdeoirí agus cleachtóirí.

Clár Oibre

Postálfar an clár oibre iomlán anseo roimh an imeacht. Dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal go pearsanta, tá sé beartaithe an eochairaitheasc ón Ollamh Selina McCoy a shruthú. Má tá aon cheist agat faoin imeacht seo, seol ríomhphost chuig researchCPU@education.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat