Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ceisteanna Coitianta faoi Athchumrú/aistriú pátrúnachta go pátrúnacht il-sainchreidmheach


Cén fáth a bhfuil ceist ar phátrúnacht/éiteas sa Suirbhé Bunscoile ?

Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon.

Ag obair le comhaontú ó phobail, aistreoidh roinnt scoileanna go dtí pátrúin il-sainchreidmheacha. Is scoil í scoil shainchreidmheach ag a bhfuil pátrún reiligiúnach – tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach. Is scoil í scoil il-sainchreidmheach faoi phátrún neamhreiligiúnach, ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi gach creideamh agus faoi gach córas creidimh trí chlár il-sainchreidmheach. I measc na samplaí tá Pobalscoileanna Náisiúnta san earnáil BOO, scoileanna Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together) agus scoileanna de chuid an Fhorais Phátrúnachta. Sa tábla thíos, léirítear éiteas na mbunscoileanna in Éirinn sa lá atá inniu ann:

Caitliceach 88.3%
Reiligiúin eile, Eaglais na hÉireann go príomha 6.2%
Il-sainchreidmheach 5.5%

Is scoileanna ‘sainchreidmheacha’ iad formhór mór na mbunscoileanna (88.3%) faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Is éiteas Caitliceach atá ag na scoileanna seo. Tá múnlú creidimh agus ullmhúchán do na sacraimintí mar chuid den lá scoile.

Chun tacú le hathruithe i sochaí na hÉireann, tá sé tábhachtach an rogha a bhreithniú maidir le scoileanna ina bhfuil éiteas il-sainchreidmheach ar fáil níos forleithne, áit a dtacaíonn an pobal scoile leis seo.

Déanann tuismitheoirí/caomhnóirí cinneadh maidir leis an scoil a gcuirfidh siad a leanaí chuici ar raon leathan cúiseanna éagsúla agus d’fhéadfadh an t-éiteas a bheith mar ghné thábhachtach do roinnt díobh.

Tá éileamh ar scoileanna nach bhfuil éiteas sainchreidmheach/reiligiúnach mar chroílár na scoileanna.

Luaigh ionadaithe na bpátrún Cailiceach “gur mhaith le hEaspaig bogadh chomh tapa agus is féidir go dtí staid ina dtacaíonn an Stát le tuismitheoirí agus le scoileanna a sholáthar ina léirítear san éiteas i ndáiríre cad atá ag teastáil uathu dá leanaí”.

Tá roinnt Easpag Chaitliceacha tar éis aistrithe pátrúnachta a éascú cheana féin, mar atá déanta ar roinnt Easpag de chuid Eaglais na hÉireann.

Tá na bunscoileanna uile á gcur san áireamh sa suirbhé chun pictiúr iomlán de roghanna na bpobal scoile a fháil ag an leibhéal bunscoile. Freastalaíonn pobail scoileanna shainchreidmheacha (ar nós iad siúd atá faoi phátrúnacht foras Eaglaise eile amhail Eaglais na hÉireann) ar phobail chreidimh mhionlaigh, déanann siad ionadaíocht ar sciar beag de bhunscoileanna agus cuireann siad le héagsúlacht na roghanna bunscoileanna atá ar fáil do thuismitheoirí.

Cad is pátrúnacht scoile agus éiteas scoile ann?

Déanann pátrúnacht scoile tagairt do dhuine nó d’fhoras a dhéanann scoil a bhainistiú, ar a dtugtar pátrún na scoile.

Sna bunscoileanna aitheanta uile (beag beann ar an bpátrún):

• leantar an curaclam náisiúnta

• leantar rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais

• tá pátrún scoile acu.

Ceapann an pátrún na scoile Bord Bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Déanann an pátrún cinneadh freisin faoi éiteas na scoile. Is féidir oideachas reiligiúnach nó teagasc reiligiúnach a chur ar fáil sa scoil i gcomhréir lena héiteas.

Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna sainchreidmheacha (scoileanna a bhfuil pátrún reiligiúnach acu) ná an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais na hÉireann. Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna il-sainchreidmheacha (scoileanna a bhfuil pátrún neamhreiligiúnach acu ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi na creidimh uile agus na córais chreidimh uile trí chlár il-sainchreidmheach) ná na Boird Oideachais agus Oiliúna, Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together) agus An Foras Pátrúnachta.

Úsáideann Pobalscoileanna Náisiúnta (an earnáil BOO) curaclam oideachais ilchreidmheach agus luachanna ar a dtugtar “Goodness Me, Goodness You!”. Úsáideann scoileanna Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together) curaclam morálta agus eiticiúla ar a dtugtar “Foghlaim le Chéile (Learn Together)”. Tá dé-éiteas ag scoileanna faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta, an Ghaeilge agus éiteas spioradálta ar nós éiteas il-sainchreidmheach, éiteas Caitliceach, nó éiteas idirchreidmheach. Ina scoileanna il-sainchreidmheacha, baintear úsáid as Clár Chroí na Scoile mar atá scríofa ag an scoil i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta.

Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi gach creideamh agus faoi gach córas creidimh, lena n-áirítear dearcthaí aindiacha agus daonnachacha, mar chuid den lá scoile. I scoileanna il-sainchreidmheacha ní bhíonn ranganna múnlú creidimh (mar shampla, ullmhúchán don Chéad Fhaoistin/ don Chéad Chomaoineach / don Chóineartú) ar siúl i rith an lae scoile.

I mbunscoileanna sainchreidmheacha tá éiteas Críostaí le brath sa lá scoile agus i saol na scoile. Is faoi na pátrúin iad féin na socruithe do mhúnlú creidimh agus do ranganna múnlú creidimh (mar shampla, ullmhúchán don Chéad Fhaoistin / don Chéad Chomaoineach / don Chóineartú), i scoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach agus tá foirmiú creidimh agus ullmhúchán do shacraimintí mar chuid den lá scoile.

Cad iad na príomhdhifríochtaí idir scoil sainchreidmheach (faoi phátrún reiligiúnach) agus scoil il-sainchreidmheach (faoi phátrún neamhreiligiúnach)?

Sna bunscoileanna aitheanta uile (beag beann ar an bpátrún):

• leantar an curaclam náisiúnta

• leantar rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais

• tá pátrún scoile acu.

Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna sainchreidmheacha (scoileanna a bhfuil pátrún reiligiúnach acu) ná an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais na hÉireann. Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna il-sainchreidmheacha (scoileanna a bhfuil pátrún neamhreiligiúnach acu ina bhfoghlaimíonn leanaí faoi na creidimh uile agus na córais chreidimh uile trí chlár il-sainchreidmheach) ná na Boird Oideachais agus Oiliúna, Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together) agus An Foras Pátrúnachta.

Tá formhór mór na mbunscoileanna faoi phátrúnacht Chaitliceach agus cuireann sé seo le héiteas na scoile. I comhréir leis seo, tá éiteas Críostaí le brath sa lá scoile agus i saol na scoile. Is faoi na pátrúin iad féin na socruithe do mhúnlú creidimh agus do ranganna múnlú creidimh (mar shampla, ullmhúchán don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú), i scoileanna faoi phátrúnacht reiligiúnach (Eaglaise) agus tá múnlú creidimh agus ullmhúchán do shacraimintí mar chuid den lá scoile.

Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi gach creideamh agus faoi gach córas creidimh, lena n-áirítear peirspictíochtaí aindiacha agus daonnachacha, mar chuid den lá scoile.

Mar shampla, úsáideann Pobalscoileanna Náisiúnta (an earnáil BOO) curaclam oideachais ilchreidmheach agus luachanna ar a dtugtar “Goodness Me, Goodness You!”. Úsáideann scoileanna Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together) curaclam morálta agus eiticiúla ar a dtugtar “Foghlaim le Chéile (Learn Together)”. Tá dé-éiteas ag scoileanna faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta, an Ghaeilge agus éiteas spioradálta ar nós éiteas il-sainchreidmheach, éiteas Caitliceach, nó éiteas idirchreidmheach. Ina scoileanna il-sainchreidmheacha, baintear úsáid as Clár Chroí na Scoile mar atá scríofa ag an scoil i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta.

I scoileanna il-sainchreidmheacha ní bhíonn ranganna múnlú creidimh (mar shampla, ullmhúchán don Chéad Fhaoistin/ don Chéad Chomaoineach / don Chóineartú) ar siúl i rith an lae scoile.

Conas is féidir le tuismitheoirí fáil amach faoin gcaoi ina bhfeidhmíonn scoil il-sainchreidmheach de réir cleachtais?

Sna bunscoileanna aitheanta uile (is cuma faoin bpátrún):

• leantar an curaclam náisiúnta

• leantar rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais

• tá pátrún scoile acu.

Cliceáil anseo chun na taifeadtaí a sheinm d’ionadaithe na bpátrún Caitliceach agus de phríomhfhorais na bpátrún il-sainchreidmheach agus a bpobail scoileanna ag cur síos ar an gcaoi a bhfeidhmíonn a scoileanna. Patron reps and school community recordings

Cé hiad na príomhphátrúin il-sainchreidmheacha agus conas is féidir liom cloisteáil uathu?

Roinnt samplaí d’fhorais a reáchtálann scoileanna il-sainchreidmheacha ná an 16 Phobalscoil Náisiúnta de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna, Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together) agus An Foras Pátrúnachta.

Cliceáil anseo chun na taifeadtaí d’ionadaithe phríomhfhorais na bpátrún il-sainchreidmheach a sheinm ag cur síos ar an gcaoi a bhfeidhmíonn a scoileanna (add link to recorded statements here)

Tá suíomhanna gréasáin phríomhfhorais na bpátrún il-sainchreidmheach ar fáil anseo: (add links to home pages of ETBI, ET & AFP here)

Curaclam na bpríomhphátrún il-sainchreidmheach

• Bunscoileanna il-sainchreidmheacha Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together): Oideachas Eiticiúil ag an Leibhéal Bunscoile

• Pobalscoileanna Náisiúnta Il-sainchreidmheacha (an earnáil BOO): Goodness Me, Goodness you de chuid BOOÉ

• Bunscoileanna il-sainchreidmheacha de chuid an Fhorais Phátrúnachta:

Croi na Scoile

Cén áit ar féidir liom cloisteáil ó phríomhoidí, ó bhaill foirne agus ó thuismitheoirí scoileanna atá tar éis athrú go héiteas il-sainchreidmheach?

Cliceáil anseo an taifeadadh seo de phríomhfhorais na bpátrún il-sainchreidmheach agus a bpobail scoileanna a sheinm ag cur síos ar an gcaoi a bhfeidhmíonn a scoileanna (add link to recorded statements here)

Le haghaidh tuilleadh eolais féach an t-eolas do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar

An dtacaíonn an Pátrúin leis an Suirbhé Bunscoile?

Léirigh pátrúin Chaitliceacha go dtacaíonn siad le tírdhreach oideachais a léiríonn an saol mar atá anois maidir le sochaí atá ag éirí níos éagsúla inár dtír agus le fíor-iolracht pátrúnachta ar fud na tíre ba chóir go ndéanfaí rogha tuismitheoirí a chinntiú agus ag an am céanna a chur ar chumas pátrúin a bheith dílis dá n-éiteas agus sainspiorad féin.

Luaigh pátrúin Chaitliceacha “gur mhaith le hEaspaig bogadh chomh tapa agus is féidir go dtí staid ina dtacaíonn an Stát le tuismitheoirí agus le scoileanna a sholáthar ina léitrítear san éiteas i ndáiríre cad atá ag teastáil uathu dá leanaí“.

Tá roinnt Easpag Chaitliceacha tar éis aistrithe pátrúnachta a éascú cheana féin, mar atá déanta ag roinnt Easpag de chuid Eaglais na hÉireann.

Chun breathnú ar fhísthaifeadadh d’ionadaithe na bpátrún scoile Caitliceach agus na bpríomhphátrún scoile il-sainchreidmheach agus iad ag léiriú a gcuid tacaíochta don obair seo agus ag spreagadh tuismitheoirí, caomhnóirí agus baill foirne scoile suirbhé a chomhlánú, cliceáil anseo: Patron reps and school community recordings

Cad iad na roghanna atá ann do scoileanna chun athrú go héiteas il-sainchreidmheach?

Tá líon roghanna ann le hathrú a dhéanamh go héiteas il-sainchreidmheach má tá sé seo ag teastáil ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí. Cuirfidh an Roinn Oideachais éascaitheoir ar fáil a bhfuil eolas leathan aige/aici faoin gcóras oideachais chun cuidiú leis an bpobal scoile (pátrún, bord bainistíochta, baill foirne, tuismitheoirí agus caomhnóirí) agus iad ag plé faoi bheith ina scoil il-sainchreidmheach agus iad ag plé faoi na roghanna pátrúnachta il-sainchreidmheacha éagsúla atá ar fáil. Is féidir leis an éascaitheoir cuidiú leis an bpobal scoile maidir le plé a dhéanamh faoi na roghanna féideartha thíos.

Rogha 1

• Tagann aistriú pátrúnachta agus athrú éitis i bhfeidhm don phobal scoile uile ó dháta athrú an phátrúin. Lean formhór mór aistrithe pátrúnachta na mbunscoileanna a tharla le blianta beaga anuas an rogha seo.

Rogha 2

• Athrú éitis é seo a tharlaíonn de réir a chéile thar am. Mar shampla, áit a dtugann gach naíonán sóisearach nua faoi Chlár Eitice agus Moráltachta, agus ag an am céanna leanann na ranganna níos sinsearaí an clár sainchreidmheach go dtí, thar am, go bhfuil an Clár Eitice agus Moráltachta il-sainchreidmheach á leanúint ag na daltaí go léir.

Rogha 3

• B’fhéidir go mbeidh roinnt pátrún scoile toilteanach rogha a thairiscint do thuismitheoirí na naíonán sóisearach chun tabhairt faoi Chlár Eitice agus Moráltachta, agus, do thuismitheoirí a roghnaíonn a leithéid, cuirtear clár sainchreidmheach ar fáil.

Beidh an rogha is oiriúnaí do gach scoil ag brath ar mhianta an phobail scoile, agus ar thuairimí an phátrúin atá ag teacht isteach. Tá roinnt pátrún il-sainchreidmheacha toilteanach tacú le roinnt de na roghanna féideartha thuas, ach níl siad toilteanach tacú leo ar fad.

Cad iad torthaí féideartha an tsuirbhé?

Cad a tharlóidh má tá tromlach thuismitheoirí agus chaomhnóirí na leanaí ag iarraidh go mbeidh athrú ann dá scoil?

Má léirítear sa suirbhé gur fearr le tromlach thuismitheoirí agus chaomhnóirí na leanaí atá ag freastal ar bhunscoil éiteas il-sainchreidmheach, tacóidh an Roinn leis an scoil agus cuirfear éascaitheoir a bhfuil eolas leathan aige/aici ar an gcóras oideachais chun cabhrú leis na scoileanna seo bogadh i dtreo na rogha.

Do scoileanna atá ar aistear athraithe, soláthróidh torthaí foriomlána an tsuirbhé ar an bhfoireann agus ar an mbord bainistíochta faisnéis úsáideach agus cabhróidh siad leis an éascaitheoir rannpháirtíocht phobal na scoile a mhúnlú.

Cad a tharlóidh i gcás go bhfuil athrú ag teastáil ó mhionlach na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí?

I gcásanna ina léiríonn an suirbhé gur fearr le mionlach na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí reatha soláthar il-sainchreidmheach a bhreithniú agus má léiríonn tromlach thuismitheoirí agus chaomhnóirí na ndaltaí a bheidh ann amach anseo suim in éiteas il-sainchreidmheach a bhreithniú, éascóidh an Roinn plé ag leibhéal áitiúil féachaint an bhfuil scóip ann chun éiteas il-sainchreidmheach a thabhairt isteach go céimneach chun freastal ar an éileamh sin.

Mar shampla, is é atá i gceist le héiteas il-sainchreidmheach a d’fhéadfaí a thabhairt isteach de réir a chéile ná nuair a leanann gach naíonán sóisir nua a ghlactar isteach Clár Eitice agus Moráltachta il-sainchreidmheach, agus ag an am céanna leanann na ranganna níos sinsearaí an clár Caitliceach go fóill go dtí, thar am, go dtosaíonn na daltaí uile ag leanúint Clár Eitice agus Moráltachta il-sainchreidmheach.

Do scoileanna atá ar aistear athraithe, soláthróidh torthaí foriomlána an tsuirbhé ar an bhfoireann agus ar an mbord bainistíochta faisnéis úsáideach agus cabhróidh siad leis an éascaitheoir rannpháirtíocht phobal na scoile a mhúnlú.

Ag cur san áireamh go mbeidh tuismitheoirí na ndaltaí a bheidh ag teacht isteach i gceann roinnt blianta ina chohórt tuismitheora scoile ag an am sin agus go bhféadfadh nach mbeadh a lán de thuismitheoirí na leanaí reatha fós sa bhunscoil ag an bpointe sin, tá sé beartaithe suirbhé scoile sonrach eile a dhéanamh sa scoilbhliain 2028/29.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat