Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ceisteanna Coitianta faoi Suirbhé


SChool staff survey FAQ _ IV

Tá an Roinn Oideachais agus Óige ag iarraidh ar phobail bunscoileanna Abair Do Chuid a bheith acu i suirbhé gearr ach tábhachtach maidir lena mbunscoil áitiúil – ‘Suirbhé Bunscoile’.

Is suirbhé gearr agus ar líne é seo:

  • Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill
  • Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil
  • Do bhaill foirne bunscoile*
  • Do bhaill Bhoird Bhainistíochta bunscoileanna*
  • Tá suirbhé ar leith ar fáil do na grúpaí seo.

Tá an suirbhé á reáchtáil go dtí deireadh mhí na Saimhain 2025.

Sa suirbhé, cuirtear líon beag ceisteanna, an méid seo a leanas san áireamh:

Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?

Arbh fhearr leat go n-oibreodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó go n-oibreodh sí faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?

Arbh fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla nó trí mheán na Gaeilge?

Conas an suirbhé a dhéanamh – treoir céim ar chéim

Tuismitheoirí agus caomhnóirí:

  • Cliceáil ar an suirbhé anseo: www.gov.ie/suirbhébunscoile/nó scanadh an cód QR
  • Nuair a bheidh an t-eolas ar an gcéad leathanach den suirbhé léite agat, cliceáil “Next”
  • Cuir isteach do Eircode. Mura bhfuil do Eircode ar eolas agat, is féidir leat é a fháil anseo: www.eircode.ie. Ní bhainfimid úsáid as do Eircode ach amháin chun críocha an tsuirbhé seo agus chun críocha pleanála scoile amach anseo.
  • Cliceáil “Next”
  • Cliceáil ar “Tá” nó “Níl” le haghaidh gach ceann de na ceisteanna ar an leathanach ‘Do Theach’
  • Cliceáil “Next”
  • Cliceáil ar “Scoil chomhoideachais” nó “scoil aonghnéis” ar an leathanach tosaíochta ‘Scoil chomhoideachais nó aonghnéis’.
  • Cliceáil “Next”
  • Cliceáil ar “Pátrún Sainchreidmheach (reiligiúnach)” nó “Pátrún Ilchreidmheach (neamhreiligiúnach)” ar an leathanach ‘patronage/ethos preference’
  • Cliceáil “Next”
  • Cliceáil ar “Oideachas trí mheán an Bhéarla” nó “Oideachas trí mheán na Gaeilge” ar an leathanach ‘Rogha teanga (oideachas trí Bhéarla nó trí Ghaeilge)’
  • Cliceáil “Next”
  • Tuismitheoirí agus caomhnóirí a thugann le fios ar an leathanach “Do Theaghlach” go bhfuil leanaí acu nach bhfuil fós sa bhunscoil, feicfidh siad leathanach dar teideal “Rogha scoile do leanbh/leanaí nach bhfuil ar scoil fós”. Scríobh ainm na bunscoile is fearr leat. Má tá níos mó ná leanbh amháin agat nár thosaigh sa bhunscoil go fóill agus go bhfuil sé beartaithe agat iarratas a dhéanamh chun iad a chlárú i scoileanna éagsúla, scríobh ainm na mbunscoileanna le do thoil. Nuair a bheidh ainm na bunscoile is fearr leat do do leanaí san áireamh, cuir ainm an bhaile nó an tsráidbhaile is gaire duit nuair is féidir, mar shampla Bunscoil Naomh Clár, An Cabhán. Mura bhfuil scoil faoi leith agat, scríobh “níl ar bith” le do thoil.
  • Cliceáil “Next”
  • Ar an leathanach “Athbhreithnigh do roghanna”, déan nóiméad le do chuid freagraí a athbhreithniú sula gcuireann tú isteach iad. Más mian leat do fhreagraí a athrú, cliceáil ar “Back” chun scrollú trí na leathanaigh chun dul ar ais go dtí an leathanach is mian leat do rogha a athrú, cliceáil ar do rogha agus ansin cliceáil ar “ar aghaidh” chun scrollaigh ar ais go dtí an leathanach “Athbhreithnigh do roghanna”.

Nuair atá tú sásta le do fhreagraí, cliceáil ar “Deimhním go bhfuil na roghanna seo i gceart, agus ba mhaith liom na roghanna seo a chur isteach don teaghlach seo”.

  • Cliceáil “Cuir isteach”
  • Beidh leathanach le feiceáil ag dearbhú go bhfuil do chuid freagraí curtha isteach.

Má tá do leanbh sa bhunscoil cheana féin, déan cinnte go bhfuil do Eircode ag an scoil. Cabhróidh sé seo le cinntiú go ndéantar do roghanna sa suirbhé a thaifeadadh i gceart.

Mura bhfuil do leanbh sa bhunscoil go fóill, nuair a thagraíonn an suirbhé do “do bhunscoil”, tagraíonn sé seo freisin don bhunscoil is fearr leat do do leanbh nach bhfuil ar scoil fós.

Cad is brí leis na heochairthéarmaí i gceisteanna an tsuirbhé?

Scoil chomhoideachais nó aonghnéis

Cuireann tuairim is 90% de bhunscoileanna in Éirinn oideachas ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní ar fud na ranganna ar fad. Tugaimid comhoideachas air seo. Is bunscoileanna aonghnéis iad an 10% atá fágtha agus cuireann siad oideachas ar fáil do bhuachaillí amháin nó do chailíní amháin i roinnt ranganna nó sna ranganna ar fad.

An Cineál Scoile Thart ar chéatadán na mbunscoileanna
Bunscoileanna comhoideachais (buachaillí agus cailíní a fhaigheann oideachas sa scoil chéanna) 90%
Bunscoileanna aonghnéis 10%

pátrúnacht/éiteas

Na bunscoileanna aitheanta uile (beag beann ar an bpátrún):

• a leanann an curaclam náisiúnta

• a leanann rialacha agus rialacháin na Roinne Oideachais agus Óige

• a bhfuil pátrún scoile acu.

Ceapann an pátrún scoile Bord Bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Faoin Acht Oideachais 1998, déanann an pátrún cinneadh freisin faoi éiteas na scoile.

Éiteas na mBunscoileanna  
Sainchreidmheach – Caitliceach 88.3%
Sainchreidmheach – Reiligiúin eile, Eaglais na hÉireann go príomha 6.2%
Il-sainchreidmheach 5.5%

Áirítear i gClár an Rialtais gealltanas féachaint le rogha a mhéadú do thuismitheoirí trína chinntiú gur féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar oideachas il-sainchreidmheach/neamh-sainchreidmheach agus creideamh-bhunaithe araon. Foghlaimíonn leanaí i scoileanna il-sainchreidmheacha faoi na creidimh agus na córais chreidimh uile mar chuid den lá scoile. Úsáideann siad cláir il-sainchreidmheacha, ar nós:

  • “Goodness Me! Goodness You!” de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna
  • Foghlaim le Chéile de chuid Ag Foghlaim le Chéile (Educate Together)
  • Croí na Scoile de chuid An Fhorais Phátrúnachta.

Teanga (oideachas trí mheán an Bhéarla nó oideachas trí mheán na Gaeilge

Cuireann 92% de bhunscoileanna oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla. Cuireann an 8% atá fágtha oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge.

An Teanga Teagaisc Céatadán bunscoileanna
Oideachas trí mheán an Bhéarla 92%
Oideachas trí mheán na Gaeilge 8%

Cén áit ar féidir liom rochtain a dhéanamh ar an suirbhé agus é a chomhlánú?

Tá an suirbhé ar fáil as Béarla agus as Gaeilge agus is féidir é a chomhlánú i gceachtar den dá theanga. Is féidir é a chomhlánú ar fhón cliste nó ar ríomhaire/ríomhaire glúine ach rochtain a dhéanamh ar an nasc seo a leanas: www.gov.ie/suirbhebunscoile

Ag an nasc freisin, cuirtear eolas soiléir ar fáil faoi scoileanna comhoideachais agus aonghnéis, faoin bpátrúnacht/éiteas agus faoin teanga (oideachas trí mheán an Bhéarla agus oideachas trí mheán na Gaeilge) agus eolas úsáideach eile do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí, do bhaill foirne scoile agus do bhaill na mbord bainistíochta.

Is suirbhé ar líne é an suirbhé agus glacfaidh sé 5 nóiméad ar a mhéad lena chomhlánú. Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí nach bhfuil in ann suirbhé ar líne a chomhlánú ar chúiseanna pearsanta, téigh i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Óige chun cuidiú a fháil ag schoolsurvey@education.gov.ie

Tá an suirbhé á reáchtáil go dtí deireadh mhí na Samhain 2025 agus tá sé ann:

• Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill

• Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil

• Do bhaill foirne bunscoile

• Do bhaill Bhoird Bhainistíochta bunscoileanna

Má bhíonn aon deacrachtaí agat agus an suirbhé á chomhlánú, is féidir leat ríomhphost a chur chuig an Roinn le cuidiú a fháil.

Seoladh ríomhphoist na Roinne Oideachais agus Óige le haghaidh fiosruithe: schoolsurvey@education.gov.ie

Cad atá ag teastáil uaim chun suirbhé a chomhlánú?

Tuismitheoirí agus caomhnóirí

Beidh gá duit d’ o Eircode a bheith ar eolas agat chun na suirbhé a chomhlánú. Mura bhfuil d’éirchód ar eolas agat, is féidir leat é a aimsiú anseo: www.eircode.ie. Ní úsáidfidh an Roinn Oideachais agus Óige d’Eircode ach amháin don suirbhé seo agus chun críocha pleanála scoile amach anseo. Is é an t-éirchód a chuir tú ar fáil don bhunscoil ar a bhfreastalaíonn do leanaí atá lárnach chun críocha an suirbhé a chomhlánú.

Má d’aistrigh tú do sheoladh le déanaí nó má d’athraigh tú do Eircode cinntigh le do thoil go bhfuil do thaifead nuashonraithe agat le do scoil chun a chinntiú go ndéanfar roghanna do scoile a thaifeadadh.

Baill foirne scoile agus baill na mbord bainistíochta

Ba chóir do na baill foirne uile atá ag obair i mbunscoileanna cliceáil a dhéanamh ar an nasc ábhartha ar leathanach an tsuirbhé agus suirbhé a chomhlánú i dtaca leis an scoil ina bhfuil tú ag obair. Ba chóir do bhaill bhoird bhainistíochta na mBunscoileanna an nasc seo a úsáid freisin. Mar chuid de shocruithe an tsuirbhé, cuireann an Roinn UAP uathúil ar fáil do gach scoil le scaipeadh ar na baill foirne uile agus ar bhaill uile na mbord bainistíochta. Beidh an UAP scoile seo ag teastáil uait chun suirbhé a chomhlánú.

Má bhíonn aon deacrachtaí agat agus an suirbhé á chomhlánú, is féidir leat ríomhphost a chur chuig an Roinn le cuidiú a fháil.

Seoladh ríomhphoist na Roinn Oideachais agus Óige le haghaidh fiosruithe: schoolsurvey@education.gov.ie

Cén fáth ar gá dom mo Eircode a sholáthar?

Ní féidir ach le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí atá sa bhunscoil anois, nó a bheidh ag tosú ar an mbunscoil sna blianta amach romhainn, páirt a ghlacadh sa suirbhé. I bhfocail eile, is féidir le tuismitheoirí leanaí ó thart ar 0 go 12 bliain d'aois (nó nuair a chríochnaíonn siad sa bhunscoil) páirt a ghlacadh sa suirbhé. Is féidir le baill foirne bunscoile agus baill den bhord bainistíochta an suirbhé a dhéanamh freisin.

Má tá do leanbh sa bhunscoil, úsáidfimid do Eircode chun do fhreagraí a mheaitseáil le bunscoil do linbh. Déanaimid é seo trí Eircode do linbh a sheiceáil le sonraí i mBunachar Sonraí Bunscoile Ar Líne na Roinne Oideachais agus Óige.

Mura bhfuil do leanbh sa bhunscoil go fóill, úsáidfimid do Eircode le seiceáil go bhfuil leanbh óg i do theaghlach. Déanaimid é seo trí do Eircode a sheiceáil le sonraí ó Bhunachar Sonraí Sochair Leanaí na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Tá do chuid freagraí faoi rún agus ní roinnfear iad le haon duine eile.

Cén fáth a gcaithfidh mé faisnéis a sholáthar maidir le cibé an bhfuil leanbh agam sa bhunscoil nó cé a thosóidh sa bhunscoil sna blianta atá le teacht?

Ní féidir ach le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí atá sa bhunscoil anois, nó a bheidh ag tosú sa bhunscoil sna blianta amach romhainn, páirt a ghlacadh sa suirbhé. I bhfocail eile, is féidir le tuismitheoirí leanaí ó thart ar 0 go 12 bliain d'aois (nó nuair a chríochnaíonn siad an bhunscoil) páirt a ghlacadh sa suirbhé. Is féidir le baill foirne bunscoile agus baill den bhord bainistíochta an suirbhé a dhéanamh freisin.

Cén fáth a gcaithfidh mé ainm mo rogha bunscoile a sholáthar, mura bhfuil mo leanbh sa bhunscoil?

Déanfaidh an Roinn Oideachais agus Óige nasc idir torthaí an tsuirbhé agus scoileanna ionas go mbeidh a fhios acu cad is fearr le tuismitheoirí agus caomhnóirí na bpáistí atá sa scoil faoi láthair, nó cé a fhreastalóidh ar an scoil amach anseo.

Mura bhfuil do leanbh sa bhunscoil fós, iarrfar ort ainm na bunscoile is rogha leat a sholáthar. Mura bhfuil a fhios agat, scríobh ‘níl rogha ar bith agam’ le do thoil.

Tá do chuid freagraí faoi rún agus ní roinnfear iad le haon duine eile. Cabhróidh na freagraí ó do scoil leis an roinn agus le do scoil pleanáil don todhchaí.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil an suirbhé mar chuid den phróiseas clárúcháin. Ba cheart duit dul i dteagmháil le scoileanna chun do leanaí a chlárú ar an ngnáthbhealach.

Cén fáth a bhfuil nasc suirbhé difriúil agus UAP uathúil ag teastáil ón bhfoireann agus ó chomhaltaí de bhoird bhainistíochta bunscoile?

Tá an suirbhé don fhoireann agus do na boird bhainistíochta difriúil mar go bhfuil níos lú ceisteanna ann ná mar a bhí sa suirbhé do thuismitheoirí agus caomhnóirí. Meaitseálfaidh an UAP freagraí le scoil áitiúil. Tá gach freagra faoi rún agus ní roinnfear iad le haon duine eile.

Is múinteoir mé, agus is tuismitheoir mé freisin do leanbh atá i mbunscoil nó ar tí dul isteach sa bhunscoil. Cén suirbhé a dhéanfaidh mé?

Ba cheart duit an dá shuirbhé a chomhlánú.

Cad iad príomhdhátaí an tsuirbhé?

Suirbhé ag dúnadh

deireadh mhí Samhain 2025

Foilsiú na dtorthaí achoimre ardleibhéil tosaigh (ráta freagartha) Go Luath i 2026
   
   

An bhfuil na roghanna sa suirbhé faoi rún?

Tabharfaidh an Roinn Oideachais agus Óige cosaint do chéannacht na ndaoine a fhreagraíonn an suirbhé seo. Ní fhoilseoimid aon fhreagra aonair ná ní bheidh aon tuismitheoir, caomhnóir, leanbh, ball foirne nó ball boird bhainistíochta inaitheanta do scoileanna. Tá roghanna na dtuismitheoirí, na gcaomhnóirí, na mball foirne scoile, agus bhaill na mbord bainistíochta faoi rún agus ní dhéanfar iad a aithint.

Beidh na freagraí aonair ó thuismitheoirí, caomhnóirí, baill foirne scoile agus baill na mbord bainistíochta ar fáil don roinn amháin chun críocha phróiseas an tsuirbhé.

Tar éis spriocdháta an chomhlánaithe cuirfear na torthaí i dtoll a chéile agus déanfar anailís orthu. Bainfear na freagraí aonair ansin ó chóras an tsuirbhé.

Cad iad na torthaí a d’fhéadfadh eascairt as an suirbhé?

Beidh ráta freagartha maith tábhachtach chun anailís a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé. Úsáidfimid torthaí an tsuirbhé chun sonraí náisiúnta, áitiúla agus sonraí atá dírithe ar scoileanna a chur isteach inár n-anailís chun cuidiú linn le pleanáil a dhéanamh ag an leibhéal bunscoile. Oibreoimid leis na páirtithe leasmhara iomchuí maidir le gníomhú a dhéanamh ar na torthaí ó na suirbhéanna i gcomhthéacs na pleanála scoile amach anseo.

Ní céim deiridh é an suirbhé. Áit a bhfuil tacaíocht shoiléir ó na tuismitheoirí agus na caomhnóirí le hathruithe a chur san áireamh, tosóidh próiseas eile maidir le plé cuimsitheach.

Áit a bhfuil éileamh ó thuismitheoirí ar éiteas il-sainchreidmheach, cuirfidh an Roinn éascaitheoir ar fáil a bhfuil eolas leathan aige nó aici ar an gcóras oideachais chun cuidiú le pobal na scoile ina n-aistear le bheith mar scoil il-sainchreidmheach.

Cuirfidh na roghanna sa suirbhé maidir le hoideachas a chur ar fáil go príomha trí mheán an Bhéarla nó trí mheán na Gaeilge le comhairliúchán áitiúil a d’fhéadfadh tarlú amach anseo maidir le deiseanna chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a mhéadú.

D’fhéadfadh torthaí ón gceist sa suirbhé faoi roghanna na dtuismitheoirí maidir le hathrú a dhéanamh ó scoil aonghnéis go scoil chomhoideachais iarratais a spreagadh chuig an Roinn ar athrú stádais go stádas comhoideachais. Is iad pátrún/iontaobhais scoile an t-údarás cinnteoireachta le haon athrú stádais, lena n-áirítear soláthar comhoideachais, faoi réir fhaomhadh na Roinne Oideachais agus óige. Tacaíonn an Roinn go ginearálta le hathruithe stádais molta go stádas comhoideachais, faoi réir a chinntiú go mbeidh dóthain áiteanna fós ann do bhuachaillí agus do chailíní araon sa cheantar iomchuí.

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig www.gov.ie/suirbhebunscoile le do thoil. Má tá aon cheisteanna agat nach bhfreagraítear ar na leathanaigh ghréasáin seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Óige, ach ríomhphost a chur chuig: schoolsurvey@education.gov.ie.

Tá leanaí agam nach bhfuil ar an mbunscoil go fóill agus tá scoileanna éagsúla i mo cheantar a bhféadfainn iad a chur chucu, cén scoil ar chóir dom rogha a léiriú ina leith?

Sa suirbhé, cuirtear líon beag ceisteanna, an méid seo a leanas san áireamh:

  • Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?
  • Arbh fhearr leat go n-oibreodh do bhunscoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) nó go n- oibreodh sí faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach)?
  • Arbh fhearr leat go gcuirfeadh do bhunscoil oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla nó trí mheán na Gaeilge?

Ba chóir duit do rogha a léiriú do do rogha bunscoile. Nuair atá do roghanna roghnaithe agat ar na ceisteanna thuas, iarrtar ar thuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil leanaí acu nach bhfuil ar an mbunscoil go fóill ainm na bunscoile is rogha leo (nó ainmneacha na mbunscoileanna áit a bhfuil níos mó ná leanbh amháin agat nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill) a chur isteach.

Áit a ndéantar tagairt “do bhunscoil” sa suirbhé, déanann sé seo tagairt freisin do do rogha bunscoile do do leanaí nach bhfuil ar scoil go fóill. Is féidir leat an t-ainm áitiúil nó an t-ainm oifigiúil de do rogha bunscoile a chur isteach. Cuir san áireamh freisin an ceantar ina bhfuil an scoil lonnaithe, mar shampla: Bunscoil Naomh Clár, An Cabhán.

Más gá duit cinneadh a dhéanamh go fóill ar an scoil atá mar do rogha scoile le haghaidh do leanaí nach bhfuil ar scoil go fóill, is féidir leat “ níl ar bith ” a scríobh.

Tabhair faoi deara le do thoil: níl an suirbhé mar chuid den phróiseas rollaithe agus ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le scoileanna chun do leanbh nó do leanaí a rollú/ a chlárú ar an ngnáthbhealach.

Is tuismitheoir mé atá scartha, cén tuismitheoir is cóir an suirbhé a chomhlánú dár leanaí?

Is é an t-éirchód a chuir tú ar fáil don bhunscoil ar a bhfreastalaíonn do leanaí atá lárnach chun críocha an suirbhé a chomhlánú.

D’fhéadfá do rogha a chur in iúl don scoil ar a bhfreastalaíonn do leanaí faoi láthair. Má tá leanaí agat nach bhfuil ar scoil go fóill, d’fhéadfá do rogha a chur in iúl do do rogha bunscoile.

Cén fáth a bhfuil suirbhé á dhéanamh ar thuismitheoirí leanaí i mbunscoileanna? Cén fáth nach bhfuil suirbhé á dhéanamh ar iar-bhunscoileanna?

Is suirbhé é seo:

• Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill

• Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil

• Do bhaill foirne bunscoile

• Do bhaill Bhoird Bhainistíochta bunscoileanna

Is é seo an chéad suirbhé dá leithéid agus tá socruithe lóistíochtúla suntasacha i gceist. D’fhéadfadh an méid a fhoghlaimítear ón bpróiseas a bheith úsáideach i dtaca le haon riachtanas suirbhé amach anseo.

Cén fáth a bhfuil tuismitheoirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil san áireamh?

Is suirbhé é seo:

• Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí nár thosaigh ar an mbunscoil go fóill

• Do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil

• Do bhaill foirne bunscoile

• Do bhaill Bhoird Bhainistíochta bunscoileanna.

I bpobail scoileanna, léirítear an tsochaí shaibhir agus ilchineálach ina mairimid. Tá eolas soiléir ag teastáil uainn maidir le roghanna tuismitheoirí agus caomhnóirí faoi na bunscoileanna ar a bhfreastalaíonn a leanaí faoi láthair, nó a mbeidh a leanaí ag freastal orthu sna blianta amach romhainn. Cuideoidh torthaí an tsuirbhé leis an Roinn pleanáil a dhéanamh ar conas a chuirimid oideachas ar fáil ag leibhéal na bunscoile.

Cén fáth a bhfuil gach Bunscoil san áireamh sa suirbhé?

Is scoileanna ‘sainchreidmheacha’ iad formhór mór na mbunscoileanna (88.3%) faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí. Is éiteas Caitliceach atá ag na scoileanna seo. Tá múnlú creidimh agus ullmhúchán do na sacraimintí mar chuid den lá scoile.

Chun tacú le hathruithe i sochaí na hÉireann, tá sé tábhachtach an rogha a bhreithniú maidir le scoileanna ina bhfuil éiteas il-sainchreidmheach ar fáil níos forleithne, áit a dtacaíonn an pobal scoile leis seo.

Déanann tuismitheoirí/caomhnóirí cinneadh maidir leis an scoil a gcuirfidh siad a leanaí chuici ar raon leathan cúiseanna éagsúla agus d’fhéadfadh an t-éiteas a bheith mar ghné thábhachtach do roinnt díobh.

Tá éileamh ar scoileanna nach bhfuil éiteas sainchreidmheach/reiligiúnach mar chroílár na scoileanna.

Luaigh ionadaithe na bpátrún Cailiceach “gur mhaith le hEaspaig bogadh chomh tapa agus is féidir go dtí staid ina dtacaíonn an Stát le tuismitheoirí agus le scoileanna a sholáthar ina léirítear san éiteas i ndáiríre cad atá ag teastáil uathu dá leanaí”.

Tá roinnt Easpag Chaitliceacha tar éis aistrithe pátrúnachta a éascú cheana féin, mar atá déanta ar roinnt Easpag de chuid Eaglais na hÉireann.

Tá gach bunscoil, lena n-áirítear bunscoileanna príomhshrutha agus scoileanna speisialta, á gcur san áireamh sa suirbhé chun pictiúr iomlán a fháil ar roghanna phobail scoileanna ag leibhéal na bunscoile. Freastalaíonn pobail scoileanna creidimh (amhail iad siúd atá faoi phátrúnacht chomhlachtaí Eaglaise eile ar nós Eaglais na hÉireann) ar phobail chreidimh mhionlaigh, is ionann iad agus cion beag de bhunscoileanna agus cuireann siad leis an éagsúlacht roghanna bunscoile atá ar fáil do thuismitheoirí.

Tá sé mar aidhm ag an suirbhé a fháil amach an bhfuil éileamh ann chun scoil aonghnéis a athrú chuig scoil chomhoideachais, éileamh chun scoil faoi phátrún sainchreidmheach (reiligiúnach) a athrú chuig scoil faoi phátrún il-sainchreidmheach (neamhreiligiúnach), éileamh chun scoil a sholáthraíonn oideachas trí mheán an Bhéarla go príomha a athrú go scoil a sholáthraíonn oideachas trí mheán na Gaeilge go príomha chun níos mó rogha a chur ar fáil do thuismitheoirí.

Cé leis a ndéanfaidh tuismitheoirí teagmháil más mian leo plé a dhéanamh ar sholáthar riachtanas speisialta oideachais dá leanbh/leanaí?

Bunaíodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun feabhas a chur ar na seirbhísí oideachais a sholáthraítear do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le béim ar leith ar leanaí. Soláthraítear seirbhís áitiúil CNOS trína líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna), a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna. Tá méadú tagtha ar an líon ERSOanna ó 65 duine go 120 duine, agus é mar aidhm leis an méadú sin leibhéal feabhsaithe seirbhíse a sholáthar do thuismitheoirí agus do scoileanna. Mar chuid den phleanáil chun cinn don soláthar oideachais speisialta, tá sé mar aidhm ag an CNOS cabhair a thabhairt do thuismitheoirí atá ag lorg socrúchán i rang speisialta/i scoil speisialta dá leanbh/dá nduine óg.

Ba chóir do thuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta teagmháil a dhéanamh leis an CNOS agus aird a thabhairt ar an bpróiseas bliantúil agus ar na h-amlínte maidir le fógra a thabhairt don CNOS. Mar shampla, iarradh ar dhaoine atá ag lorg ranga speisialta nó áit scoile speisialta don bhliain scoile 2026/2027 é sin a chur in iúl don CNOS faoin 1 Deireadh Fómhair 2025.

Eolas teagmhála CNOS: www.ncse.ie/contact-the-ncse

Tá aon teagmháil a dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir leis an CNOS agus/nó leis an ERSOanna maidir le soláthar riachtanas speisialta ar leithligh ar fad ón suirbhé ar bhunscoileanna. Coinneofar na freagraí uile ar an suirbhé faoi rún. Cosnófar céannacht na ndaoine a fhreagraíonn an suirbhé seo. Ní fhoilseofar aon fhreagra aonair ná ní thabharfar ainm aon tuismitheora, aon chaomhnóra nó aon linbh do scoileanna.

Tá ceist agam faoin suirbhé a chomhlánú nach bhfuil freagartha sna Ceisteanna Coitianta seo, conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Tá eolas faoin suirbhé scoile agus eolas úsáideach eile lena n-áirítear scoileanna comhoideachais agus aonghnéis, pátrúnacht/éiteas agus teanga (oideachas trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge) ar fáil ag an nasc seo a leanas: www.gov.ie/suirbhebunscoile

Má tá aon cheisteanna agat nach bhfreagraítear ar na suíomhanna gréasáin seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais agus Óige, ach ríomhphost a chur chuig:

schoolsurvey@education.gov.ie

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat