Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cigireacht le haghaidh feabhsúcháin: cinntí ó chigireachtaí leantacha ar an soláthar do Bhéarla mar theanga bhreise (BTB), Meán Fómhair – Nollaig 2024


Réamhrá

I mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2023, rinne an Chigireacht trí chigireacht theagmhasacha is ochtó, i seacht mbunscoil is daichead agus i sé iar-bhunscoil is tríocha. Ba ar an soláthar do Bhéarla mar theanga bhreise (BTB) a díríodh sna cigireachtaí sin. Maidir leis an tuarascáil a d’eascair as na cigireachtaí sin, rud dar teideal Freastal a dhéanamh ar Riachtanais Bhreise Teanga: Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dtaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha [1], foilsíodh í i mí Feabhra 2024 agus pléadh í i gcaibidil a deich de Tuarascáil na Cigireachta (2021–2023) agus Athbhreithniú Téamach [2].

Rinne cigirí cigireachtaí leantacha i sampla de naoi gcinn de na trí scoil is ochtó, ba iad sin: seacht mbunscoil agus dhá iar-bhunscoil. Rinneadh na cigireachtaí leantacha sin idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2024. I gcigireacht leantach, déantar meastóireacht ar an dul chun cinn a rinne scoil maidir le moltaí a rinneadh i gcigireacht roimhe a chur chun feidhme. Le linn cigireacht leantach, déanann cigirí scrúdú freisin ar an bpróiseas atá ar bun ag an scoil chun na moltaí a chur chun feidhme.

Moltaí agus dul chun cinn maidir le cur chun feidhme

Bhí aon mholadh is tríocha ann sna cigireachtaí bunaidh a rinneadh ar fud na naoi scoil. Ba faoi chúig phríomhthéama a tháinig na moltaí sin, mar atá leagtha amach i dTábla 1.

[1] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/foilseach%C3%A1in-na-cigireachta/#tuarascalacha-corparaideacha

[2] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/tuarasc%C3%A1il-chigireachta-na-roinne-oideachais-2021-2023-agus-athbhreithni%C3%BA-t%C3%A9amach/

Chapt 11 Image 1 IRL
Chapt 11 Image 2 IRL
Tábla 1: Na cúig théama a bhí sna moltaí a rinneadh i leith na naoi scoil

Meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le moltaí a chur chun feidhme

Úsáideann an Chigireacht contanam cáilíochta chun an dul chun cinn a rinneadh maidir le moltaí a chur chun feidhme a léiriú. Téann an contanam sin sa raon idir gan dul chun cinn ar bith agus dul chun cinn an-mhaith, mar atá leagtha amach i dTábla 2.

Chapt 11 Image 3 IRL
Tábla 2: An contanam cáilíochta a úsáidtear le linn cigireachtaí leantacha

[3] Ábhar ó Oide (https://oide.ie/ga/), ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (https://ncse.ie/ga) agus ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (https://ncca.ie/ga/)

Cinntí

Is an-dearfach atá cinntí an chláir cigireachta leantaí. De na haon mholadh is tríocha a rinneadh sna cigireachtaí tosaigh, rinne scoileanna dul chun cinn an-mhaith maidir le cúig cinn déag (48%) a chur chun feidhme, rinne siad dul chun cinn maith maidir le trí cinn déag (42%) a chur chun feidhme, agus rinne siad dul chun cinn i bpáirt maidir le trí cinn (10%) a chur chun feidhme.

Measúnú agus socrú spriocanna

Ba i ngach ceann de na naoi scoil a rinneadh moltaí maidir le measúnú agus socrú spriocanna, agus iad dírithe ar dhá phríomhghné den soláthar:

  • an gá a bhí ann go mbainfeadh múinteoirí úsáid as sonraí measúnaithe chun spriocanna soiléire sonracha a bhunú le haghaidh sealbhú teanga do gach leanbh nó duine óg
  • an gá a bhí ann go ndéanfadh múinteoirí faireachán ar an dul chun cinn a rinne leanaí agus daoine óga i bhfoghlaim teanga agus go leasódh siad spriocanna le haghaidh sealbhú teanga dá réir sin.

I roinnt scoileanna, chuir cigirí in iúl freisin gur ghá a chinntiú go n-oibreodh múinteoirí oideachais speisialta, múinteoirí BTB agus múinteoirí ranga príomhshrutha (bunscoil) nó múinteoirí ábhair (iar-bhunscoil) le chéile ar bhealach níos dlúithe i ndáil leis an measúnú agus socrú spriocanna. Mhol cigirí do mhúinteoirí láidreachtaí agus údair spéise leanaí agus daoine óga a bhreithniú mar chuid den phróiseas measúnaithe, úsáid a bhaint as uirlisí measúnaithe cuí atá ailínithe leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha [4], agus measúnuithe a dhéanamh laistigh de chreat ama réasúnach ó theacht isteach sa scoil don leanbh nó duine óg.

Rinne cúig scoil dul chun cinn an-mhaith maidir le moltaí a bhaineann le measúnú agus socrú spriocanna a chur chun feidhme, agus dul chun cinn maith á dhéanamh ag ceithre scoil.

Sna cúig scoil a rinne dul chun cinn an-mhaith, ghlac múinteoir oideachais speisialta nó comhordaitheoir freagracht as measúnú agus socrú spriocanna agus thacaigh an duine sin le comhoibriú i measc na múinteoirí uile. Chinntigh gach ceann de na cúig scoil freisin gur measúnaíodh scileanna teanga leanaí agus daoine óga laistigh de chreataí ama réasúnacha agus gur comhroinneadh an fhaisnéis a bailíodh le múinteoirí ábhartha. Úsáideadh an fhaisnéis sin ansin chun bonn eolais a chur faoi na spriocanna i bpleananna tacaíochta scoláirí. Bhí comhaid tacaíochta scoláirí i bhfeidhm sna scoileanna sin, agus bhí spriocanna agus idirghabhálacha ar áireamh iontu ar mhaithe le scileanna teanga a fheabhsú. Rud tábhachtach, bhí struchtúir i bhfeidhm freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le spriocanna a bhaint amach. Bunscoileanna a bhí i gceithre cinn de na cúig scoil a rinne dul chun cinn an-mhaith, agus bhí an Paca Measúnaithe Bunscoile in úsáid ag gach ceann de na ceithre scoil [5].

Maidir leis na ceithre scoil a rinne dul chun cinn maith, chuir siad feabhas ar shainiúlacht na spriocanna teanga, bhí siad ag cinntiú go raibh comhaid tacaíochta scoláirí i bhfeidhm do gach leanbh agus duine óg a bhí ag fáil tacaíochta, agus leathnaigh siad na cineálacha cur chuige measúnaithe a bhí in úsáid acu. Ar mhaithe lena gcleachtas a fheabhsú arís eile, mhol cigirí do na scoileanna sin sna cigireachtaí leantacha leanúint le soiléire agus sainiúlacht a spriocanna a fheabhsú agus na spriocanna a úsáid chun an teagasc agus an fhoghlaim a threorú. Moladh dóibh freisin faisnéis mheasúnaithe a bhailiú ar bhonn níos tráthrialta le linn na bliana.

Struchtúir scoile uile chun tacú le BTB

Le linn na gcigireachtaí bunaidh, ba i seacht gcinn de na naoi scoil a rinneadh moltaí a bhaineann le struchtúir scoile uile chun tacú le BTB. Ba é an phríomhchomhairle a tugadh do scoileanna ná cineálacha cur chuige scoile uile a fhorbairt agus a chur chun feidhme i leith BTB a theagasc agus a fhoghlaim. Bhain moladh gaolmhar leis an ngá a bhí le comhoibriú níos fearr idir múinteoirí oideachais speisialta/BTB agus múinteoirí ranga príomhshrutha (bunscoil) agus idir múinteoirí oideachais speisialta/BTB agus múinteoirí ábhair (iar-bhunscoil). Mhol cigirí freisin go n-oibreodh na baill foirne uile le chéile chun timpeallacht a chruthú ina mbíonn braistint chómhuintearais ag leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim an Bhéarla mar theanga bhreise agus go mbraitheann siad go bhfuil fáilte rompu.

Rinne sé scoil dul chun cinn an-mhaith maidir leis na moltaí sin a chur chun feidhme, agus dul chun cinn maith á dhéanamh ag scoil amháin. Thaispeáin na seacht scoil féiniúlacht chultúrtha agus teanga leanaí agus daoine óga sa scoil agus d’eagraigh siad imeachtaí sonracha chun éagsúlacht a cheiliúradh. Rinne roinnt de na scoileanna cur chuige scoile uile a cheapadh agus a chur chun feidhme i leith téacsanna dátheangacha agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun tacú le foghlaim teanga.

Rinne dhá scoil athbhreithniú ar an tacaíocht a thugann siad do BTB chun socrúchán aoisoiriúnach a chinntiú do leanaí agus daoine óga. Thug na scoileanna sin treoir níos fearr do mhúinteoirí maidir le gníomhaíochtaí cuí teagaisc agus foghlama freisin. Cuireadh struchtúir i bhfeidhm sna scoileanna sin freisin chun tacú le comhoibriú níos fearr idir múinteoirí BTB agus múinteoirí príomhshrutha. Rinne an múinteoir BTB stór focal ábhartha a réamhtheagasc i gceann amháin de na cigireachtaí leantacha, ar stór focal é a comhaontaíodh roimh ré leis na múinteoirí príomhshrutha. Cuireann cleachtas den sórt sin leis an gcumas atá ag na leanaí agus na daoine óga gabháil don fhoghlaim in éineacht lena bpiaraí sa rang príomhshrutha.

Cáilíocht an teagaisc agus na foghlama i suíomhanna príomhshrutha

Le linn na gcigireachtaí bunaidh, ba i gceithre cinn de na naoi scoil a bhí gá le feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama i suíomhanna príomhshrutha. Sna scoileanna sin, moladh do mhúinteoirí leas a bhaint as cineálacha cur chuige teagaisc atá deartha go sonrach chun cabhrú le leanaí agus daoine óga cur leis an gcumas atá acu cumarsáid a dhéanamh i mBéarla agus teanga ábharshonrach an churaclaim a shealbhú. Moladh gaolmhar eile ba ea gur cheart do mhúinteoirí a chinntiú go soláthrófaí gníomhaíochtaí foghlama atá spéisiúil agus sách dúshlánach do leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim BTB.

Rinne scoil amháin dul chun cinn an-mhaith maidir leis na moltaí sin a chur chun feidhme, agus dul chun cinn maith á dhéanamh ag trí scoil. Sna scoileanna sin, rinne múinteoirí teanga a shamhaltú agus a athmhúnlú agus bhain siad leas as teangacha baile na scoláirí chun tuiscint agus feasacht teanga a chur chun cinn. I scoil amháin, chuir múinteoirí ‘córas páirtíochta’ teanga chun feidhme ina gcuid ranganna. Thug sé sin deis fhiúntach do leanaí agus daoine óga a bhí ag foghlaim BTB dul i dteagmháil le piaraí atá líofa i mBéarla agus feabhas a chur ar a dteanga chumarsáideach bhunúsach agus ar a bhfoghlaim ábharbhunaithe teanga. I scoil eile, bhain múinteoirí úsáid an-éifeachtach as acmhainní Curaclam Teanga na Bunscoile [6] chun an teagasc agus an fhoghlaim a threorú.

Maidir leis na scoileanna a rinne dul chun cinn maith, rinne siad go léir bearta chun feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim i ranganna príomhshrutha. Fuair cigirí amach gurbh amhlaidh i roinnt de na scoileanna sin a bhí gá breise le gníomhaíochtaí foghlama sách dúshlánach a sholáthar do dhaltaí a bhí ag foghlaim BTB. Sna scoileanna sin, moladh do mhúinteoirí le linn na gcigireachtaí leantacha úsáid mhéadaithe a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim.

[4] I measúnuithe atá ailínithe leis an gCreat, cuirtear leanaí agus daoine óga ar scála atá sa raon idir A1 (an leibhéal is bunúsaí) agus C3 (líofacht cainteora dúchais) ar fud scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, labhartha agus éisteachta. Eolas sa bhreis ar fáil ag: https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/level-descriptions

[5] Ar fáil ag: https://ncca.ie/en/resources/primary-school-assessment-kit/

[6] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/primary-language/

Cáilíocht an teagaisc agus na foghlama i suíomhanna tacaíochta

Le linn na gcigireachtaí bunaidh, ba i gceithre cinn de na naoi scoil a rinneadh moltaí maidir le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama i suíomhanna tacaíochta. Díríodh sna moltaí sin ar an ngá a bhí le leanaí agus daoine óga a ghrúpáil go cuí le haghaidh ceachtanna tacaíochta agus ar an ngá a bhí le gníomhaíochtaí foghlama i gceachtanna tacaíochta a ailíniú le gníomhaíochtaí i ranganna príomhshrutha (bunscoil) nó i ranganna ábhair (iar-bhunscoil). I roinnt scoileanna, moladh do mhúinteoirí le linn na gcigireachtaí tosaigh úsáid mhéadaithe a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú leis an bhfoghlaim.

Rinne scoil amháin dul chun cinn an-mhaith, agus dul chun cinn maith á dhéanamh ag trí scoil. Áiríodh leis na straitéisí a chuir múinteoirí chun feidhme sna scoileanna sin úsáid mhéadaithe a bhaint as tacaíocht laistigh den rang agus laghdú a dhéanamh ar a mhéid a rinneadh leanaí a bhí ag foghlaim BTB a tharraingt amach as an rang chun tacaíocht a thabhairt dóibh. I mbunscoil amháin, bhí na múinteoirí BTB ag baint úsáid mhéadaithe as Curaclam Teanga na Bunscoile chun a gcuid pleanála, a gcuid ullmhúcháin agus, rud ba thábhachtaí fós, a gcuid teagaisc a threorú. Thug trí cinn de na scoileanna sin córais fhoirmiúla isteach freisin ionas go bhféadfadh múinteoirí an soláthar BTB a phlé agus saineolas a chomhroinnt ag cruinnithe foirne. Thuairiscigh múinteoirí sna scoileanna sin gur chuir sé sin leis an tuiscint atá acu féin ar oideolaíochtaí ábhartha agus leis an gcumas atá acu iad a úsáid.

Moladh a rinneadh arís agus arís eile sna cigireachtaí leantacha ba ea go gcomhoibreodh múinteoirí BTB a thuilleadh le múinteoirí príomhshrutha. Tá comhoibriú den sórt sin ag teastáil ionas go gcomhlánóidh an fhoghlaim a tharlaíonn i suíomhanna tacaíochta an fhoghlaim a tharlaíonn sa rang príomhshrutha.

Rannpháirtíocht na scoileanna leis na seirbhísí tacaíochta

Sna cigireachtaí bunaidh, moladh do dhá scoil dul i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí. I gcás ceann amháin de na scoileanna sin, shainaithin an cigire an scoil mar cheann ar theastaigh tacaíocht measúnaithe uaidh. Ina dhiaidh sin, bhain an príomhoide leas as tacaíocht ó Oide i ndáil le measúnú a dhéanamh do BTB, agus chuir sé cruinniú foirne i leataobh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais mheasúnaithe agus chun an measúnú a nascadh le cineálacha cur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama.

Sa scoil eile, rinneadh moladh an rochtain a bhí ag na múinteoirí uile ar thacaíocht i ndáil leis an soláthar BTB a bhreisiú. Rinne an scoil dul chun cinn maith maidir leis an moladh sin a chur i bhfeidhm áit ar sholáthair Oide oiliúint scoile uile do mhúinteoirí. Sa chigireacht bhunaidh, moladh don scoil sin tacaíocht a lorg freisin i ndáil lena cineálacha cur chuige measúnaithe a ailíniú leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha. Rinneadh dul chun cinn i bpáirt maidir leis an moladh sin a chur chun feidhme. Bhí plean i bhfeidhm ag an scoil chun aghaidh a thabhairt ar an moladh, agus d’eagraigh sí oiliúint measúnaithe do mhúinteoirí BTB lena cur ar siúl tráth níos déanaí sa scoilbhliain. Tráth na cigireachta, ní raibh an plean á chur chun feidhme go comhsheasmhach ag múinteoirí agus bhí gá le tuilleadh oibre a chur isteach chun cleachtais mheasúnaithe na scoile a fhorbairt.

Cothabháil agus tacaíocht do theangacha baile

Le linn na gcigireachtaí bunaidh, ba in dhá scoil a rinneadh moltaí i ndáil le cothabháil agus tacaíocht do theangacha baile. Cuireadh in iúl do na scoileanna sin a thábhachtaí atá teangacha baile leanaí agus daoine óga dá n-eispéiris foghlama. Moladh dóibh freisin cur chuige scoile uile a chomhaontú i leith teangacha baile a áireamh agus i leith feasacht chultúrtha agus teanga a fhorbairt.

Rinne scoil amháin dul chun cinn an-mhaith maidir leis an moladh sin a chur chun feidhme. Cheap sí beartas maidir le teangacha baile agus, rud tábhachtach, bhí na cineálacha comhaontaithe cur chuige á gcur chun feidhme ag múinteoirí ina gcleachtas féin sa seomra ranga. Rinne an scoil dul chun cinn suntasach freisin maidir le naisc a neartú le tuismitheoirí. Mar shampla, comhroinneadh bileoga faisnéise a bhí scríofa i dteangacha baile na leanaí le tuismitheoirí, agus thosaigh an príomhoide ag dul i gcomhairle le tuismitheoirí maidir le conas tacú le foghlaim a leanaí in ábhair amhail Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus Matamaitic. D’éascaigh múinteoirí sa scoil sin cruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí sna hionaid chóiríochta do theaghlaigh ón Úcráin freisin.

Rinne an dara scoil dul chun cinn i bpáirt maidir leis an moladh a chur chun feidhme. Áiríodh leis an dul chun cinn sin leanaí a bheith ag baint úsáid theagmhasach as aistriúchán chun tacú le chéile, córas páirtíochta teanga do leanaí i ranganna sinsearacha, agus an fháil ar ábhair léitheoireachta lena léirítear raon cultúr difriúil. Le linn na gceachtanna a breathnaíodh, áfach, ba bheag tagairt a rinneadh do theangacha baile na leanaí nó ba bheag úsáid a baineadh astu. Ní raibh an oiread sin taispeántas ná comharthaí de chineál ilchultúrtha sna seomraí ranga ar tugadh cuairt orthu nó i ndorchlaí na scoile. Moladh don scoil tacaíocht bhreise a thabhairt do leanaí a dteanga bhaile a úsáid chun cabhrú leo Béarla agus Gaeilge a fhoghlaim mar theangacha breise.

An próiseas trínar cuireadh na moltaí chun feidhme

Le linn na cigireachta leantaí, d’fhiosraigh cigirí na próisis a bhí ar bun ag na scoileanna chun na moltaí a d’eascair as na cigireachtaí bunaidh a chur chun feidhme. Ba ann i naoi scoil do cheithre ghné choiteanna:

  • freagrachtaí ceannaireachta a bhí sainithe go soiléir
  • athbhreithniú scoile uile ar an soláthar reatha
  • cur chuige scoile uile i leith feabhsúcháin
  • deiseanna do mhúinteoirí obair le chéile agus gabháil d’fhoghlaim ghairmiúil

I ngach ceann de na naoi scoil, bhí ról ceannaireachta ag múinteoir sonrach i ndáil leis na moltaí a chur chun feidhme. Chomhlíon an príomhoide an ról sin i gcúig scoil; sna scoileanna eile, bhí an ról sin ag an leas-phríomhoide, ag múinteoir oideachais speisialta nó ag múinteoir BTB. I mbeagnach gach scoil, chuir an múinteoir a bhí i gceannas ar na moltaí cigireachta a chur chun feidhme tús le hathbhreithniú ar an soláthar scoile uile do BTB, in ionad a bheith ag díriú ar gach moladh sonrach a chur chun feidhme agus ar an méid sin amháin. Mar aon leis an tionchar dearfach a bhí aige ar na moltaí a chur chun feidhme, thuairiscigh príomhoidí gur tháinig as an athbhreithniú scoile uile freisin tuiscint i bhfad ní b’fhearr ar chineálacha cur chuige teagaisc theangabhunaithe agus ar straitéisí measúnaithe ábhartha ar fud na scoile.

Thuairiscigh cúig scoil gur tacaíodh leo na moltaí a chur chun feidhme agus feabhas a chur ar an soláthar foriomlán do BTB araon mar thoradh ar na deiseanna méadaithe a bhí acu dul i mbun idirphlé gairmiúil agus saineolas a chomhroinnt ag cruinnithe foirne. Gné thábhachtach den idirphlé gairmiúil múinteoirí sin ba ea an raon deiseanna a sholáthair sé le haghaidh comhoibriú méadaithe idir múinteoirí príomhshrutha agus múinteoirí oideachais speisialta. Ghlac sé cinn de na naoi scoil páirt i bhfoghlaim ghairmiúil ábhartha i gcomhar leis na seirbhísí tacaíochta, agus thuairiscigh gach ceann díobh gur tháinig feabhas ar a gcuid cleachtas dá bharr sin. Rinne scoil amháin cur síos dearfach ar a rannpháirtíocht i dtionscadal Léargas a bhí bunaithe ar BTB [7], de bharr gur soláthraíodh leis deiseanna um chomhoibriú gairmiúil i measc múinteoirí agus le haghaidh eispéiris foghlama nuálacha do na leanaí.

Thuairiscigh na scoileanna uile gur ghabh gach múinteoir freagracht éigin orthu féin as BTB a theagasc agus a fhoghlaim mar thoradh ar chineálacha cur chuige scoile uile a chur chun feidhme i leith an tsoláthair BTB. Ní mheastar a thuilleadh gur faoi mhúinteoir amháin nó beirt atá sé plé leis an soláthar BTB; tuigtear anois gur freagracht scoile uile é. Bhí tuiscint ní b’fhearr i measc na múinteoirí uile ar a thábhachtaí is atá teangacha baile i saol an linbh. Thuairiscigh príomhoidí go dtuigeann a mbaill foirne anois gurb é a thagann as feasacht chultúrtha agus teanga a chothú ar bhonn uilíoch ná torthaí agus eispéiris foghlama níos fearr agus cultúr scoile ilteangach agus ionchuimsitheach.

[7] B’ionann é seo agus tionscadal eTwinning a bhí bunaithe ar na hEalaíona, inar iniúchadh téamaí BTB amhail imirce agus cumarsáid tríd an Ealaín, tríd an Drámaíocht agus tríd an gCeol.

Mar fhocal scoir

Is ionann féinmheastóireacht scoile (FMS) agus próiseas inmheánach ina ndéanann scoil a feidhmíocht féin a leagan amach agus a mheas go gníomhach [8]. In Éirinn, tá FMS deartha mar phróiseas um athbhreithniú comhoibríoch inmheánach scoile atá dírithe ar fheabhsúchán scoile [9]. Is é an bunrud atá i gceist le meastóireacht sheachtrach in Éirinn ná feabhas a chur ar cháilíocht an tsoláthair oideachais do leanaí agus daoine óga [10]. Mar a thugtar faoi deara i Tuarascáil na Cigireachta (2021 – 2023) agus Athbhreithniú Téamach [11], is féidir le córas dearbhaithe cáilíochta lena gcomhcheanglaítear FMS agus meastóireacht sheachtrach araon a bheith ina ghníomhaire cumhachtach feabhsúcháin. Rud atá comhcheangailte leis sin is ea an ról atá ag na seirbhísí tacaíochta múinteoirí; tá Oide agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) ina bpríomhghnéithe den ollstruchtúr formhaoirseachta agus tacaíochta d’oideachas ardchaighdeáin in Éirinn.

Tarraingítear aird ar bhealach praiticiúil sa chaibidil seo ar an dóigh ar féidir le dearcadh seachtrach meastóireachta agus le hobair chomhchoiteann an phobail scoile feabhsuithe a dhéanamh ar cháilíocht an tsoláthair do leanaí agus daoine óga. I gcás gach ceann de na naoi scoil a ndearnadh cigireacht orthu mar chuid den chlár cigireachta leantaí, thug siad aghaidh ar na moltaí a rinneadh le linn na gcigireachtaí tosaigh. Rud tábhachtach, rinne gach ceann de na naoi scoil dul chun cinn maidir leis na moltaí a chur chun feidhme, agus rinne sé cinn díobh (66.6%) dul chun cinn maith nó dul chun cinn an-mhaith maidir leis na moltaí uile a chur chun feidhme.

Tarraingítear aird i gcinntí an chláir cigireachta leantaí seo freisin ar na próisis a bhí ar bun ag na scoileanna chun feabhas a chur ar a soláthar. Ba é a bhí i gceist leis na próisis sin ná róil cheannaireachta a bhí sainithe go soiléir, athbhreithniú ar an soláthar a bhí ann cheana, agus cur chuige scoile uile i leith feabhsúcháin. Áiríodh leo freisin deiseanna chun dul i mbun comhoibriú gairmiúil agus foghlaim ghairmiúil múinteoirí, le tacaíocht ó Oide.

Is ag an gCigireacht, ag ceannairí scoile, ag múinteoirí agus ag gach geallsealbhóir oideachais atá comhchuspóir chun feabhas a chur ar eispéiris foghlama agus saoil gach linbh agus gach duine óig. Léirítear sna cinntí ón gclár cigireachta leantaí ar an soláthar do BTB gur féidir leis an obair chomhchoiteann a dhéanann na príomhghnéithe den chóras dearbhaithe cáilíochta, scoileanna, an Chigireacht agus seirbhísí tacaíochta múinteoirí fíorfheabhsuithe a dhéanamh ar chleachtais teagaisc agus ar na torthaí a bhaineann leanaí agus daoine óga amach.

[8] Fadder, J., Vanhoof, J., agus De Maeyer, S. (2018). School self-evaluation: self-perception or self-deception? The impact of motivation and socially desirable responding on self-evaluation results. School Effectiveness and School Improvement, 29(4), lgh. 660-678.

[9] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/ciorclain/school-self-evaluation-next-steps-september-2022june-2026/ Féinmheastóireacht Scoile: Na Chéad Chéimeanna Eile, Meán Fómhair 2022 – Meitheamh 2026, lch 3

[10] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/plean-strait%C3%A9iseach-na-cigireachta-2021-2024/

[11] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/feachtais/tuarasc%C3%A1il-chigireachta-na-roinne-oideachais-2021-2023-agus-athbhreithni%C3%BA-t%C3%A9amach/

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat