Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Foghlama Leibhéal a Dó na Sraithe Sóisearaí a Sholáthar in iar-bhunscoileanna agus i scoileanna speisialta: cinntí ó chigireachtaí


Réamhrá

Tugadh Clár Foghlama Leibhéal a Dó (CFL2) isteach mar chuid den Chreat don tSraith Shóisearach, rud a cuireadh i bhfeidhm de réir a chéile i ngach scoil ó bhí an bhliain 2014 ann[1]. Ba é a bhí sa chreat nua sin ná ábhair agus gearrchúrsaí athbhreithnithe, díriú ar an litearthacht, ar an uimhearthacht agus ar phríomhscileanna, agus cineálacha nua cur chuige i leith measúnaithe agus tuairiscithe. Laistigh den chreat, bhí sé beartaithe go soláthródh CFL2 curaclam cuí do dhaoine óga a bhfuil Míchumas Foghlama Ginearálta orthu [2]. San am atá thart, ba ghnách daoine óga a raibh Míchumas Foghlama Ginearálta orthu a rollú i scoileanna speisialta. Níos mó agus níos mó anois, áfach, bíonn siad á rollú i ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna nó i ranganna príomhshrutha, áit a bhfaigheann siad tacaíocht bhreise trí leithdháileadh teagaisc oideachais speisialta na scoile. Dá bhrí sin, tairgtear CFL2 i scoileanna speisialta agus ina lán iar-bhunscoileanna.

Déanann an Chigireacht meastóireacht agus tuairisciú go tráthrialta ar chur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí i scoileanna. Foilsíodh tuarascáil ilchodach Chigireachta dar teideal A bhfuil le hinsint ag Cigireachtaí Ábhair dúinn faoi chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí [3] i mí na Nollag 2023. Thángthas sa tuarascáil sin ar a lán gnéithe de chleachtas éifeachtach sna hábhair a ndearnadh meastóireacht orthu. Mar shampla, bhí cáilíocht an teagaisc agus na foghlama go han-mhaith nó go maith sna ceachtanna uile, beagnach, a breathnaíodh agus, i bhformhór na gceachtanna, bhí deis ag scoláirí príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí a fhorbairt. Thángthas sa tuarascáil freisin ar réimsí ina bhfuil feabhsuithe ag teastáil, á rá go háirithe go bhféadfaí tuilleadh úsáide a bhaint as measúnú foirmitheach le linn an teagaisc agus na foghlama agus go bhféadfadh múinteoirí cabhrú le scoláirí tuilleadh freagrachta a ghlacadh as a bhfoghlaim féin.

Rinne an Chigireacht meastóireacht ar an soláthar do Chlár Foghlama Leibhéal a Dó (CFL2) na Sraithe Sóisearaí i dtríocha scoil sa bhliain 2024, ba iad sin: seacht gcinn is fiche d’iar-bhunscoileanna agus trí cinn de scoileanna speisialta.[4] Fuair scoileanna fógra aon lae faoin gcigireacht. Rinne cigire amháin gach cigireacht agus cuireadh gach ceann díobh i gcrích laistigh de lá amháin. Le linn na cigireachta, rinne an cigire na nithe seo a leanas:

  • bualadh le baill ábhartha den fhoireann ceannaireachta scoile agus d’fhoireann riachtanas speisialta oideachais na scoile
  • meastóireacht a dhéanamh ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chomhaid tacaíochta scoláire
  • athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid ábhartha, ar shonraí measúnaithe, ar amchlár na scoile agus ar amchláir daoine óga aonair
  • aiseolas a thabhairt do bhaill den fhoireann ceannaireachta scoile agus do mhúinteoirí ábhartha.

Cuirtear i láthair sa chaibidil seo na cinntí ó na cigireachtaí sin. Sa chéad rannán, mínítear an struchtúr atá ar CFL2 agus na gnéithe uathúla de agus tugtar tuairisc ar an líon daoine óga a bhí ag tabhairt faoin gclár sna scoileanna ar tugadh cuairt orthu. Sa dara rannán, tugtar tuairisc ar eispéiris foghlama na ndaoine óga, agus díriú ar leith á leagan ar phleanáil shaincheaptha, ar chleachtais mheasúnaithe, ar chleachtais teagaisc agus foghlama agus ar chomhoibriú gairmiúil. Sa rannán deireanach, cuirtear i láthair na conclúidí agus na moltaí a d’eascair as na cigireachtaí.

[1] Is ailínithe le Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí atá formhór na n-ábhar agus na ngearrchúrsaí Sraithe Sóisearaí. Dearadh CFL2 chun ailíniú le Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

[2] Is féidir le Míchumas Foghlama Ginearálta a bheith sa raon idir míchumas éadrom imeallach, míchumas éadrom, míchumas measartha agus míchumas trom. Bíonn sé níos deacra do leanaí a bhfuil Míchumas Foghlama Ginearálta orthu rudaí a fhoghlaim, a thuiscint agus a dhéanamh ná mar a bhíonn sé do leanaí eile den aois chéanna.

[3] Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/an-roinn-oideachais/foilseachain/a-bhfuil-le-hinsint-ag-cigireachta%c3%ad-d%c3%bainn-faoi-chleachtais-mheas%c3%banaithe-in-iar-bhunscoileanna/

[4] Ainmníodh gach ceann de na trí scoil speisialta mar scoileanna do leanaí a bhfuil Míchumas Foghlama Ginearálta Éadrom nó Measartha orthu

Clár Foghlama Leibhéal a Dó na Sraithe Sóisearaí

Struchtúir agus gnéithe CFL2

Buntaca le CFL2 is ea na hocht bpríomhscil atá sa Chreat don tSraith Shóisearach. Dírítear ann ar fhorbairt agus foghlaim sa litearthacht, uimhearthacht, teanga agus cumarsáid, scileanna fóillíochta, comhordú luaileach, forbairt shóisialta agus phearsanta, agus folláine.

I CFL2, tugtar an neamhspleáchas do scoileanna clár saincheaptha foghlama a dhearadh don duine óg, bunaithe ar na húdair spéise, na láidreachtaí agus na riachtanais shainaitheanta atá aige/aici, mar chuid den chreat Leanúntais Tacaíochta. Is féidir an fhoghlaim a dhéanamh i raon éagsúil suíomhanna, i seomraí ranga ábhair príomhshrutha, i ranganna speisialta, i suíomhanna eile tacaíochta, sa scoil i gcoitinne, sa phobal áitiúil agus sa bhaile. Maidir le roinnt daoine óga a thugann faoi CFL2, gabhann siad do roinnt ábhar ag Leibhéal 3 freisin [5], nuair a mheastar é sin a bheith cuí do na láidreachtaí agus na húdair spéise atá acu.

Tá cúig Aonad Tosaíochta Foghlama i CFL2: Cumarsáid agus Litearthacht, Uimhearthacht, Cúram Pearsanta, Cónaí i bPobal agus Ullmhú don Obair. Maidir le daoine óga a ghabhann do CFL2, cuireann siad gach ceann na cúig Aonad Tosaíochta Foghlama agus dhá ghearrchúrsa i gcrích. Is féidir na gearrchúrsaí a bheith ag Leibhéal 2 nó Leibhéal 3, agus iad deartha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) nó ag an scoil.

Is próiseas leanúnach é an measúnú ar fhoghlaim CFL2, rud a bhfuil raon cleachtas foirmitheach agus suimitheach rangbhunaithe i gceist leis. Thar thréimhse trí bliana na sraithe sóisearaí, cuireann daoine óga fianaise ar a gcuid foghlama le chéile i bpunann. Tá sé sin ar aon dul leis an gcur chuige i leith measúnaithe a beartaíodh ar dtús in athchóiriú na Sraithe Sóisearaí. Cuireann scoláirí an phunann sin faoi bhráid a múinteoirí. Déantar measúnú ar obair na scoláirí ansin agus tugtar tuairisc uirthi. Doiciméadaítear i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) gnóthachtáil an scoláire in Aonaid Tosaíochta Foghlama, mar a thuairiscíonn an scoil. Níl aon scrúdú deiridh i gceist leis na cineálacha cur chuige measúnaithe do CFL2.

Sa bhliain 2022, d’iarr an tAire Oideachais ar CNCM roghanna leantacha a fhorbairt do dhaoine óga a ghabhann do CFL2. Ba mar chuid d’athfhorbairt na sraithe sinsearaí a rinneadh an obair sin. Rinneadh Cláir Foghlama na Sraithe Sinsearaí: Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 – Ráiteas Cláir [6] a fhorbairt agus a fhoilsiú sa bhliain 2024 mar chláir leantacha do scoláirí atá ag dul ar aghaidh ó chláir foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 sa tSraith Shóisearach. Tosaíodh ar mhodúil Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí a thabhairt isteach i scoileanna i bhfómhar na bliana 2024.

An líon daoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2

Chun faisnéis a bhailiú faoin nglacadh leis an gclár agus faoin líon socrúchán ar an gclár, d’fhéach cigirí ar an líon leanaí agus daoine óga a bhí ag gabháil do CFL2 i ngach ceann de na scoileanna ar tugadh cuairt orthu.

Scoileanna speisialta

Bhí 134 dhuine óga ag tabhairt faoi CFL2 sna trí scoil speisialta ar tugadh cuairt orthu. B’ionann an líon sin agus na daoine óga uile, beagnach, a bhí ag tabhairt faoin tSraith Shóisearach sna scoileanna sin [7].

Scoileanna príomhshrutha

Bhí 9,039 nduine óga ag tabhairt faoi chlár na Sraithe Sóisearaí sna seacht gcinn is fiche d’iar-bhunscoileanna ar tugadh cuairt orthu. Bhí 132 dhuine (1.5%) díobh sin ag tabhairt faoi CFL2. Tá sé sin ar aon dul, tríd is tríd, leis an líon daoine óga ar measadh gur cheart dóibh gabháil do CFL2 [8].

Den 132 dhuine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 sna hiar-bhunscoileanna, bhí trí dhuine is seachtó (55.3%) rollaithe i rang speisialta agus bhí naoi nduine is caoga (44.7%) rollaithe i ranganna príomhshrutha. Ar fud na scoileanna uile, ba lú an líon scoláirí a bhí ag tabhairt faoi CFL2 sa chéad bhliain ná sna blianta eile, agus méadú ag teacht de réir a chéile ar an líon scoláirí sa dara bliain agus ansin sa tríú bliain:

[5] Tairgtear i Leibhéal 3 na Sraithe Sóisearaí 21 ábhar atá ailínithe, tríd is tríd, le Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Tá sé de rogha ag scoláirí a thugann faoi Leibhéal 3 na Sraithe Sóisearaí gabháil d’ábhair amháin nó do mheascán d’ábhair agus de ghearrchúrsaí.

[6] Ar fáil ag: https://curriculumonline.ie/ga-ie/senior-cycle/level-1-and-level-2-learning-programmes/

[7] Bhí na daoine óga eile sna scoileanna speisialta ag tabhairt faoi Chlár Foghlama Leibhéal a hAon.

[8] Luaitear mar a leanas ar leathanaigh 7-8 den Leabhrán Faisnéise do Thuismitheoirí Leanaí agus Daoine Óga a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, rud a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta sa bhliain 2019: Bheifí ag súil leis nach mbeadh sainuimhir éirime faoi bhun 70 ach ag 2% de dhaoine. I dtrialacha caighdeánaithe éirime, tá catagóirí míchumais foghlama ginearálta sainmhínithe mar a leanas: Míchumas foghlama ginearálta éadrom: sainuimhir éirime idir 50 agus 70 i dtriail chaighdeánaithe éirime. Míchumas foghlama ginearálta measartha: sainuimhir éirime idir 35 agus 49 i dtriail chaighdeánaithe éirime.

An Chéad Bhliain

An Dara Bliain

An Tríú Bliain

32

48

52

Tá an méadú ar an líon scoláirí sa dara bliain agus sa tríú bliain ina léiriú ar an gcleachtas trínar gnách gur ag am éigin le linn na chéad bhliana nó le linn an dara bliain a dhéantar an cinneadh chun duine óg a shocrú i CFL2, agus aird á tabhairt ar eispéireas an duine óig le hábhair Leibhéal 3. Is léiriú é sin ar an gcur chuige meáite a ghlactar i leith daoine óga a shocrú i CFL2, agus tá sé ar aon dul le dea-chleachtas.

Cáilíocht an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe

Agus cáilíocht na gcleachtas teagaisc, foghlama agus measúnaithe á breithniú acu, rinne cigirí meastóireacht ar cháilíocht na nithe seo a leanas:

  • an phleanáil shaincheaptha a bhí ar bun chun tacú le CFL2
  • eispéiris foghlama na ndaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2
  • an measúnú agus an faireachán a bhí á ndéanamh ar dhul chun cinn na ndaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2
  • an comhoibriú gairmiúil a bhí ar bun chun tacú le CFL2

Pleanáil shaincheaptha

Bhí pleanáil shaincheaptha do dhaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 go han-mhaith i 30% d’iar-bhunscoileanna, bhí sí go maith i 37%, agus ba ghá í a fheabhsú i 33%. Bhí an phleanáil go han-mhaith in aon trian de na scoileanna speisialta, bhí sí go maith in aon trian eile, agus ba ghá í a fheabhsú san aon trian eile.

Bhí gach ceann den tríocha scoil ag gabháil do chineál éigin pleanála saincheaptha. Bhí an phleanáil neamh-chomhsheasmhach in dhá thrian den tríocha scoil (67%). Tríd is tríd, bhí an phleanáil go han-mhaith i roinnt réimsí, ach ba ghá í a fheabhsú i réimsí eile. Mar shampla, cé gur fhorbair scoil amháin córas an-mhaith chun a chinntiú go dtabharfaí aghaidh ar thorthaí foghlama uile na nAonad Tosaíochta Foghlama, níor tugadh dóthain airde ar láidreachtaí, riachtanais ná údair spéise an duine óig le linn na pleanála. Ba bheag toradh a baineadh amach laistigh de cheachtanna dá dheasca sin. I scoil eile, bhí an phleanáil go han-mhaith dóibh sin a bhí rollaithe sa rang speisialta, ach ba ghá í a fheabhsú dóibh sin a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha.

Ar an iomlán, b’airde cáilíocht na pleanála saincheaptha a rinneadh do dhaoine óga a bhí rollaithe i ranganna speisialta ná í sin a rinneadh do dhaoine óga a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha amháin. I gcuid mhór scoileanna, ghlac an múinteoir ranga speisialta an phríomhfhreagracht as na pleananna a chomhordú, agus é/í ag meaitseáil foghlaim phleanáilte le spriocanna, údair spéise agus láidreachtaí aonair. I gcás roinnt daoine óga a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha amháin, ní raibh dóthain soiléire ann maidir le cé a bhí freagrach as a chinntiú go bhfuil pleanáil chuí i bhfeidhm. Bhí gá le freagracht a leagan ar mhúinteoir sonrach as pleanáil shaincheaptha a chomhordú do gach duine óg a bhí ag tabhairt faoi CFL2.

Sna naoi scoil ina raibh an cleachtas is éifeachtaí i réim, bhí pleanáil shaincheaptha ailínithe le spriocanna, údair spéise agus láidreachtaí aonair na ndaoine óga. Cuireadh ionchur ó dhaoine óga agus óna dtuismitheoirí san áireamh sa phleanáil sna scoileanna sin freisin. A bhuí leis na cineálacha cur chuige pleanála sin, bhí múinteoirí in ann gníomhaíochtaí foghlama fiúntacha a sholáthar do na daoine óga, agus léiríodh i dtaifid mheasúnaithe go raibh na daoine óga ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile maidir le príomhscileanna a ghnóthú.

Sna deich scoil inar ghá an phleanáil a fheabhsú, bhí na spriocanna doiléir agus níor tugadh dóthain airde ar údair spéise, láidreachtaí ná riachtanais daoine óga agus na spriocanna sin á gceapadh. I scoil amháin, mar shampla, ní bhfuair daoine óga rochtain ar Aonaid Tosaíochta Foghlama ach i gceachtanna tacaíochta nó sa rang speisialta, agus níor comhtháthaíodh torthaí foghlama isteach i gceachtanna príomhshrutha ar bhealach pleanáilte. I ndornán scoileanna, ní raibh torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama á n-úsáid ach amháin mar sheicliostaí de na réimsí a bhí le cumhdach ina gceachtanna. Sna scoileanna sin, ba ghá do mhúinteoirí pleanáil níos cúramaí a dhéanamh ionas go mbeadh fiúntas ag baint le gníomhaíochtaí foghlama don duine óg agus go mblaisfidh an duine óg rath ina c(h)uid foghlama i suíomhanna príomhshrutha agus i suíomhanna tacaíochta araon.

Eispéiris foghlama

Ceachtanna ábhair in iar-bhunscoileanna

Is é atá i gceist le ceachtanna ábhair in iar-bhunscoileanna ná ceachtanna a sholáthraíonn an múinteoir ábhair in ábhar sonrach do rang sonrach, mar shampla ceacht tíreolaíochta dara bliain. Bhí na heispéiris foghlama i gceachtanna ábhair do dhaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 go han-mhaith i 35% de cheachtanna, agus bhí siad go maith i 35% de cheachtanna. Ba ghá feabhas a chur ar eispéiris foghlama sa 30% eile de cheachtanna.

Sna ceachtanna an-mhaith, cuimsíodh daoine óga lena bpiaraí ar bhealach fiúntach, agus phleanáil a múinteoirí na tascanna agus na gníomhaíochtaí foghlama go cúramach. I sampla amháin de chleachtas an-mhaith:

… cuimsíodh daoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 go hiomlán i gceachtanna mar bhaill chomhionanna den rang-ghrúpa agus tugadh dóibh ról a raibh cuspóir leis i ngníomhaíochtaí dea-phleanáilte a bhí ailínithe le torthaí foghlama Aonaid Tosaíochta Foghlama Leibhéal 2 agus le torthaí foghlama an ábhair ag Leibhéal 3.

Áiríodh le gnéithe eile de chleachtas an-mhaith daoine óga a bheith ag comhoibriú go rathúil lena bpiaraí, ag labhairt faoin bhfoghlaim, ag teacht ar réitigh le chéile agus ag foghlaim ó chéile.

Bhain roinnt múinteoirí úsáid an-mhaith as samplaí d’obair na scoláirí chun plé a spreagadh ar chineálacha difriúla cur chuige agus ar smaointe difriúla. Bhain siad úsáid as an obair sin freisin chun a léiriú do na scoláirí conas a d’fhéadfadh siad feabhsuithe a dhéanamh agus rath a bhaint amach ina gcuid foghlama. Chomh maith leis sin, bhain roinnt múinteoirí úsáid an-éifeachtach as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú leis an bhfoghlaim. I bhformhór na gcásanna, rinne siad amhlaidh trí léirithe amhairc cabhracha a sholáthar agus trí dheis a thabhairt don duine óg rochtain a fháil agus faireachán a dhéanamh ar thaifead ar a ndul chun cinn foriomlán ar fud Aonaid Tosaíochta Foghlama. B’an-éifeachtach a bhí na cineálacha cur chuige teagaisc sin.

Tháinig torthaí foghlama rathúla as teagasc dea-eagraithe foirne i roinnt scoileanna. I gceacht amháin, mar shampla, úsáideadh teagasc foirne chun tacaíocht an-éifeachtach a thabhairt do dhaoine óga agus iad ag ullmhú do láithreoireacht measúnaithe rangbhunaithe. Thug sé sin dea-dheiseanna do na scoláirí a bhí ag tabhairt faoi CFL2 comhoibriú lena bpiaraí agus foghlaim ó dhul chun cinn a bpiaraí, agus thug sé am agus spás do scoláirí dul chun cinn aonair a dhéanamh ina dtascanna féin.

Sna naoi scoil ina raibh feabhsuithe ag teastáil, ba é a bhí i gceist le heispéiris foghlama ina lán cásanna ná na daoine óga a bheith ag obair leo féin ar thacar difriúil tascanna agus gníomhaíochtaí i gcomparáid leis na scoláirí eile an chuid is mó den am. Sna ranganna sin, tharla sé i roinnt cásanna gur ullmhaigh múinteoirí ceacht ar leith don duine óg a bhí ag tabhairt faoi CFL2 agus nach ndearna siad aon bhreithniú ar an dóigh a bhféadfaí foghlaim an duine óig sin a áireamh le foghlaim a p(h)iaraí. D’fhág sé sin gur laistigh den aon rang amháin a bhí na scoláirí a bhí ag tabhairt faoi CFL2 ach gur lasmuigh den rang-ghrúpa a bhí siad.

I gceachtanna eile ar ghá iad a fheabhsú, ní bhfuair daoine óga tacaí breise, amhail scafláil chuí agus acmhainní nithiúla, a bhí ag teastáil chun go bhféadfadh siad gabháil go rathúil do na gníomhaíochtaí foghlama. Ba ann freisin do cheachtanna nach raibh na gníomhaíochtaí foghlama ailínithe le haon torthaí ná aon spriocanna de chuid na nAonad Tosaíochta Foghlama iontu. Dá dheasca sin, cailleadh an deis chun díriú ar phríomhscileanna agus iad a fhorbairt nó chun foghlaim príomhscileanna a ghabháil.

Ceachtanna tacaíochta agus ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna

Is ionann ceachtanna tacaíochta in iar-bhunscoil agus ceachtanna a sholáthraíonn múinteoir atá amchláraithe chun teagasc oideachais speisialta a sholáthar. Is ar bhonn duine le duine, i ngrúpa beag nó i suíomh ranga speisialta a sholáthraítear na ceachtanna sin do dhaoine óga.

Bhí eispéiris foghlama go han-mhaith i 60% de na ceachtanna tacaíochta in iar-bhunscoileanna. Bhí siad go maith i 30% de cheachtanna. Ba ghá iad a fheabhsú i 10% de cheachtanna.

I mbeagnach gach ceann de na ceachtanna tacaíochta, chuir múinteoirí na gníomhaíochtaí foghlama ar aon dul go héifeachtach le torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama nó na ngearrchúrsaí. Sna cásanna sin ina raibh an cleachtas thar a bheith rathúil, chinntigh an múinteoir gur thug an obair phleanáilte aghaidh go sonrach ar spriocanna foghlama aonair an scoláire. Ba é a tháinig as an bpleanáil chúramach sin ná obair dhírithe inar cuireadh foghlaim de réir a chéile chun cinn agus inar cuireadh ar chumas an duine óig rath a bhlaiseadh.

Idirghníomhaíochtaí dearbhaithe agus an-dearfach a bhí sna hidirghníomhaíochtaí i gceachtanna tacaíochta. Áiríodh leis na cineálacha an-éifeachtach cur chuige ábhair nithiúla a úsáid ar bhealach fiúntach a raibh cuspóir leis, ceangail láidre a dhéanamh le cásanna coitianta fíorshaoil, agus naisc chabhracha a dhéanamh le saoráidí áitiúla.

I gceachtanna tacaíochta, chuir a lán daoine óga braistint láidir bróid as a gcuid oibre in iúl. Ba léir go raibh CFL2 ina rogha dhearfach curaclaim, agus bhí múinteoirí ag baint úsáid as an gclár chun eispéiris foghlama fhiúntacha agus braistint úinéireachta ar an bhfoghlaim a chruthú.

Bhreathnaigh cigirí teicneolaíochtaí digiteacha a bheith á n-úsáid go han-éifeachtach ag múinteoirí agus ag daoine óga i gceachtanna tacaíochta. I gceacht amháin, mar shampla, bhain scoláirí úsáid as macasamhlacha fíorúla dá gceantar áitiúil chun breathnú ar sheirbhísí áitiúla agus ar úsáid talún ina mbaile agus chun trácht a dhéanamh ar an méid sin. Bhain siad leas as a gcuid barúlacha agus pléití féin chun tuiscint a ghnóthú ar na difríochtaí idir a mbaile féin agus cathair in aice láimhe. I gceacht eile, baineadh úsáid as fístaifeadtaí de na daoine óga a bheith ag cur tascanna i gcrích ar mhaithe le plé, machnamh, tuilleadh foghlama agus dearbhú ar an méid a baineadh amach a chur chun cinn.

Sna ceachtanna ar ghá iad a fheabhsú, ba ghá tuilleadh dírithe a leagan ar fhorbairt scileanna agus ar ailíniú le torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama. I gcásanna áirithe, b’íseal a bhí ionchais na múinteoirí agus ní raibh an obair sách dúshlánach do scoláirí. I roinnt ceachtanna, ba ghá ábhair nithiúla a úsáid tuilleadh nó treoracha ní ba shoiléire a thabhairt, agus cailleadh roinnt deiseanna chun múinteoirí agus daoine óga a chur ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú leis an bhfoghlaim.

Deiseanna a thabhairt do dhaoine óga foghlaim in éineacht lena bpiaraí

I dtrí cinn is daichead (73%) de na naoi gcinn is caoga d’iar-bhunscoileanna, ba i gceachtanna príomhshrutha a thug daoine óga a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha faoi CFL2 den chuid is mó, agus iad ag foghlaim in éineacht lena bpiaraí. Ba i suíomhanna tacaíochta, cibé acu i ngrúpaí beaga nó ar bhonn duine le duine, a thug na daoine óga sin faoin gcuid eile den chlár.

De na trí dhuine óga is seachtó a bhí rollaithe i ranganna speisialta:

  • chaith sé dhuine is tríocha (49%) leath a gcuid ama ar a laghad i ranganna príomhshrutha, agus iad ag foghlaim in éineacht lena bpiaraí.
  • chaith ceithre dhuine is fiche (33%) suas le leath a gcuid ama i gceachtanna príomhshrutha.
  • níor chaith trí dhuine dhéag (18%) aon am ar bith i gceachtanna príomhshrutha.

Is torthaí dearfacha iad sin, tríd is tríd, agus tugtar le fios iontu gur fhéach scoileanna le deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 foghlaim in éineacht lena bpiaraí den aois chéanna.

Sna hiar-bhunscoileanna uile, ba go príomha mar fhreagra ar riachtanais an duine óig aonair, seachas mar gheall ar an ngá a bhí le hamchlárú do ghrúpa, a amchláraíodh soláthar CFL2 do dhaoine óga a bhí rollaithe i ranganna speisialta. Is dea-chleachtas cuimsitheach é an t-amchlárú aonair sin, agus é bunaithe ar láidreachtaí, riachtanais agus údair spéise an duine aonair.

Scoileanna speisialta

Bhí éagsúlacht mhór ann maidir le cáilíocht na gceachtanna a breathnaíodh i scoileanna speisialta, agus cleachtas a bhí sa raon idir cleachtas sármhaith agus cleachtas ar ghá é a fheabhsú á bhreathnú.

I sampla amháin de chleachtas sármhaith i scoil speisialta, d’oibrigh na daoine óga ina ngrúpaí beaga chun clog mór a thógáil; phléigh siad cén áit ar cheart na páirteanna difriúla a chur agus cén toradh a bheadh air sin. Bhain siad úsáid as an gclog ansin chun amanna áirithe a thaispeáint ar bhealach a bhí úsáideach dóibh ina ngnáthshaol laethúil. Labhair siad agus chabhraigh siad le chéile agus bhain siad úsáid as teanga a bhaineann leis an am agus iad ag obair. Mar thoradh ar phleanáil an-chúramach agus ar cheistiú spriocdhírithe, rinneadh dul chun cinn infheicthe ar spriocanna a socraíodh ar bhonn aonair freisin, ar spriocanna iad a shainaithin an múinteoir agus a bhain le láidreachtaí agus riachtanais aonair na scoláirí. A luaithe a chríochnaigh siad an ghníomhaíocht, bhí fonn ar na daoine óga dul i mbun dúshlán roghnach, agus d’éirigh le roinnt díobh ansin codanna d’amchlár seachtainiúil a léirmhíniú, agus iad ag sainaithint na n-amanna ag a mbeadh roinnt dá gcuid ceachtanna ar siúl an tseachtain dár gcionn.

Sna scoileanna speisialta sin inar ghá eispéiris foghlama a fheabhsú, bhí róspleáchas ann ar bhileoga oibre agus tascanna scríofa a úsáid agus bhí gá ann le gníomhaíochtaí foghlama ní b’fhiúntaí a sholáthar do dhaoine óga. Theastaigh ó na ceachtanna sin gníomhaíochtaí foghlama gníomhaí a raibh tuilleadh cuspóra leo, ar ghníomhaíochtaí iad a bhain le heispéiris fíorshaoil. Chomh maith leis sin, ba ghá do mhúinteoirí iarracht mhéadaithe a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar spriocanna aonair laistigh de cheachtanna agus deiseanna ní b’fhearr a thabhairt do dhaoine óga obair le chéile agus teanga an ábhair a úsáid.

Measúnú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn

Leagtar béim sa tSraith Shóisearach ar an tábhacht a bhaineann leis na heispéiris foghlama ar fad a fhaigheann daoine óga agus an dul chun cinn ar fad a dhéanann siad le linn thréimhse trí bliana an chláir a urramú, a aithint agus a dhearbhú. Tá sé i gceist go mbeidh measúnú sa tSraith Shóisearach ina chuid dhílis den phleanáil, den teagasc agus den fhoghlaim. Chun an méid sin a bhaint amach, is gá cur chuige éagsúil a ghlacadh ina mbaintear leas as raon cineálacha foirmitheacha agus suimitheacha cur chuige lena léirítear láidreachtaí, údair spéise agus riachtanais an duine óig, lena ngabhtar dul chun cinn an duine óig agus lena ndírítear ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh tuilleadh foghlama. Ar an tslí sin, ba cheart torthaí measúnaithe a úsáid chun bonn eolais a chur faoin bpleanáil shaincheaptha ar fad.

Cinneadh tábhachtach ó na cigireachtaí ba ea an neamh-chomhsheasmhacht a bhí ann sa dóigh a ndearnadh measúnú agus faireachán ar dhul chun cinn laistigh de scoileanna. Cé go raibh roinnt dea-chleachtas measúnaithe le feiceáil i bhformhór na scoileanna, ní raibh na cleachtais sin comhsheasmhach ar fud na nAonad Tosaíochta Foghlama, na n-ábhar ná na gceachtanna uile i ngach cás. Laige eile ba ea gurbh é/í an múinteoir oideachais speisialta a rinne an measúnú i bhformhór na gcásanna, gan aon mheasúnuithe a bheith á ndéanamh ag na múinteoirí príomhshrutha. Tríd is tríd, b’éifeachtaí measúnú agus faireachán do dhaoine óga a bhí rollaithe sa rang speisialta ná dóibh sin i gceachtanna príomhshrutha.

I ngach scoil, bhí roinnt fianaise taifeadta ann ar fhoghlaim daoine óga ar CFL2. Áiríodh leis an bhfianaise sin ábhair scríofa, amhairc, fhótagrafacha agus físe. Ba ann i mbeagnach gach scoil do phunanna ina raibh obair na scoláirí ailínithe le torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama. Chuir roinnt múinteoirí nótaí le hobair na ndaoine óga chun aiseolas soiléir a thabhairt dóibh ar an dóigh a bhféadfadh siad feabhas a chur ar a gcuid foghlama. Sna cásanna sin ina raibh an cleachtas an-mhaith, ba ag na múinteoirí uile a bhí ag obair leis an duine óg a bhí ról a bhí sainithe go soiléir maidir le fianaise foghlama a bhailiú agus a chomhroinnt i dtaifid inar léiríodh dul chun cinn de réir a chéile agus inar soláthraíodh faisnéis a d’fhéadfaí a úsáid chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile den fhoghlaim.

I sampla amháin de chleachtas an-mhaith, bhí freagracht ar mhúinteoirí sonracha as torthaí áirithe agus rianaigh siad dul chun cinn trí úsáid a bhaint as córas dathchódaithe, agus dathanna difriúla ag léiriú dul chun cinn i dtreo máistreacht a bhaint amach. I sampla eile, bhí cruinniú seachtainiúil ag duine óg leis an múinteoir oideachais speisialta, ar lena linn a d’athbhreithnigh siad obair, a phléigh siad dul chun cinn agus a phleanáil siad do réimsí ina raibh tuilleadh oibre le déanamh.

In ocht gcinn de na scoileanna (26%), bhí córais an-mhaith i bhfeidhm chun tacú le measúnú agus faireachán ar fud na gceachtanna uile. I sampla an-éifeachtach amháin, inar chomhlánaigh gach múinteoir rannán ar leith de phunann an duine óig, ba é a bhí i gceist leis an gcóras ná duillín modhnóireachta a úsáid lena chomhlánú ag an múinteoir agus ag an duine óg araon. Ar an duillín sin, bhí na mionsonraí uile faoin Aonad Tosaíochta Foghlama agus faoin toradh foghlama, tuairisc ar na critéir ratha agus ar a raibh le feiceáil sa phíosa, agus mionsonraí faoi na leibhéil leide a bhí ag teastáil, faoin aiseolas a tugadh agus faoi na chéad chéimeanna comhaontaithe eile.

I 44% de na hiar-bhunscoileanna, ní raibh dóthain fianaise foghlama ann nó ní dhearnadh dóthain faireacháin ar dhul chun cinn scoláirí. I roinnt scoileanna, mar shampla, níor chuir múinteoirí ach tic leis na torthaí foghlama ar tugadh aghaidh orthu agus ní raibh aon mheasúnú fiúntach ann ar dhul chun cinn. I scoileanna eile, ba iad bileoga oibre a bhí i gceist leis an gcuid is mó den fhianaise i bpunanna. D’fhág sé sin gur bheag deis chun measúnú fiúntach a dhéanamh ar dhul chun cinn nó chun machnamh fiúntach a dhéanamh ar ghnóthachtáil.

Comhoibriú gairmiúil

Comhoibriú maidir le socrúchán ar CFL2

Is ag gach múinteoir a phléann le foghlaim an duine óig, ag gairmithe iomchuí oideachais, amhail síceolaithe oideachais, ag na tuismitheoirí agus ag an duine óg féin a bhíonn ról i gcinnteoireacht chomhoibríoch maidir le cláir foghlama an duine óig. Tá tábhacht ag baint le cinnteoireacht chomhoibríoch, toisc go gcinntíonn sí go mbíonn cinntí maidir le socrúchán ar CFL2 bunaithe ar raon leathan dearcthaí ar údair spéise, láidreachtaí agus riachtanais an duine óig.

I dtrí cinn is fiche de na seacht gcinn is fiche d’iar-bhunscoileanna (85%), bhí fianaise scríofa ann gur ar bhonn comhoibríoch a rinneadh an cinneadh chun duine óg a shocrú ar CFL2, áit a raibh ról ag beirt pháirtithe ar a laghad (múinteoirí/tuismitheoirí/daoine den lucht bainistíochta/gairmithe seachtracha), mar aon leis an duine óg féin. Ní raibh aon fhianaise ann ar chinnteoireacht chomhoibríoch sna ceithre scoil eile (15%).

Sna trí scoil speisialta, tuairiscíodh gurbh iad beirt pháirtithe ar a laghad a rinne cinntí maidir leis an gclár foghlama, lenar áiríodh daoine den lucht bainistíochta, scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus gairmithe eile, ach ní raibh aon fhianaise dhoiciméadaithe thaifeadta ann ar chinnteoireacht chomhoibríoch.

Toiliú feasach tuismitheora maidir le socrúchán

Ós rud é go ndéanann socrúchán ar CFL2 difear do chonairí dul chun cinn tar éis na Sraithe Sóisearaí, tá sé mar dhea-chleachtas ag scoileanna toiliú tuismitheora a fháil i scríbhinn sula dtugtar socrúchán duine óig ar CFL2 i gcrích. I naoi gcinn déag de na seacht gcinn is fiche d’iar-bhunscoileanna (70%), bhí fianaise scríofa ann gur thoiligh tuismitheoirí lena leanbh a shocrú ar CFL2. I sampla amháin de chleachtas an-mhaith, fuair tuismitheoirí faisnéis mhionsonraithe i scríbhinn faoi CFL2, faoin dóigh a n-oibríonn sé agus faoi na conairí dul chun cinn a bheadh ar fáil don duine óg tar éis na Sraithe Sóisearaí. Ba cheart do gach scoil an fhaisnéis thábhachtach sin a thabhairt do gach tuismitheoir le daoine óga atá ag smaoineamh faoi ghabháil do CFL2.

Comhoibriú idir múinteoirí chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim

Bhí cáilíocht an chomhoibrithe idir múinteoirí go han-mhaith i 19% d’iar-bhunscoileanna, bhí sí go maith i 37%, agus ba ghá í a fheabhsú i 44%. Bhí an cleachtas i scoileanna speisialta sa raon idir cleachtas an-mhaith i scoil amháin agus cleachtas ar ghá é a fheabhsú i scoil eile, agus é ar chaighdeán maith i scoil amháin.

Bhí córais shonracha i bhfeidhm ag deich scoil chun múinteoirí nó comhordaitheoirí oideachais speisialta a chumasú tacú le múinteoirí ábhair clár CFL2 a chur chun feidhme. I measc nithe eile, ba é a bhí i gceist le cleachtas an-mhaith ná múinteoirí oideachais speisialta a bheith ag labhairt ag cruinnithe foirne, a bheith ag reáchtáil clinicí ‘buail isteach’ nó seisiúin Ceisteanna agus Freagraí, a bheith ag tionól cruinnithe spriocdhírithe tráthrialta le múinteoirí ábhair, agus a bheith ag tacú go tráthrialta le múinteoirí trí theimpléid, acmhainní agus straitéisí molta a sholáthar dóibh. Le linn pléití, luaigh an lucht ardbhainistíochta i scoil amháin mar a leanas: ‘bíonn an fhoireann oideachais speisialta ag iarraidh é seo a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir do mhúinteoirí… Theastaigh tacaíocht ó gach múinteoir chun an staid reatha a bhaint amach’. Thug trí iar-bhunscoil tuairisc ar na dúshláin a bhain le tacaíocht a áirithiú ó mhúinteoirí ábhair. Thuairiscigh dhá cheann díobh sin gur tháinig feabhsuithe de réir a chéile ar rannpháirtíocht, agus thuairiscigh an scoil eile go raibh múinteoirí ábhair ag cur in aghaidh an phróisis go fóill.

I scoileanna ina raibh an cleachtas an-mhaith, b’amhlaidh a leag na ceannairí scoile róil agus freagrachtaí a bhí sainithe go soiléir ar mhúinteoirí aonair nó ar fhoireann bheag i ndáil le cur chun feidhme CFL2 a phleanáil agus faireachán a dhéanamh air. I scoil amháin, mar shampla, thionóil an múinteoir ar a raibh freagracht as an soláthar oideachais speisialta a chomhordú cruinnithe gearra míosúla le múinteoirí a bhí ag soláthar CFL2. Ag na cruinnithe sin, athbhreithníodh dul chun cinn gach duine óig agus sainaithníodh agus comhaontaíodh réimsí ar ghá tuilleadh dírithe a leagan orthu. Úsáideadh ardáin dhigiteacha ina lán cásanna chun tacú le pleanáil chomhoibríoch éifeachtach, le comhroinnt acmhainní agus le bailiú leanúnach fianaise foghlama.

Ba choitianta an rud é cleachtas neamh-chomhsheasmhach a fheiceáil i ndáil le comhoibriú múinteoirí laistigh de scoileanna. Bhí samplaí de chomhoibriú éifeachtach le feiceáil sa chuid ba mhó de scoileanna. I bhformhór na gcásanna, tugadh comhoibriú an-mhaith faoi deara sna scoileanna sin ina raibh múinteoirí ag obair le chéile chun pleananna tacaíochta scoláire a fhorbairt, chun ceachtanna a theagasc ar bhonn foirne nó chun foghlaim daoine óga a mheasúnú. Ní raibh sé sin comhsheasmhach ar fud na n-ábhar uile i bhformhór na scoileanna, áfach.

I scoileanna inar ghá feabhas a chur ar chomhoibriú idir múinteoirí, bhí an comhoibriú neamhfhoirmiúil agus bhí struchtúr in easnamh air, agus ní raibh eispéiris ná torthaí foghlama bunaithe a dhóthain ar chomhoibriú idir múinteoirí na ndaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2. Sna scoileanna sin, bhí gá le córais chomhaontaithe scoile uile a chur chun feidhme chun tacú le comhoibriú idir múinteoirí agus chun tús áite a thabhairt do phleanáil atá dírithe ar an scoláire.

Comhoibriú le tuismitheoirí chun tacú leis an bhfoghlaim

Thuairiscigh gach scoil gur bhuail siad le tuismitheoirí uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Ba rialta agus ba thráthrialta an chumarsáid a rinneadh le tuismitheoirí le daoine óga a bhí rollaithe i ranganna speisialta in iar-bhunscoileanna ná í sin a rinneadh le tuismitheoirí le daoine óga a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha amháin. I bhformhór na gcásanna, bhain múinteoirí úsáid as glaonna teileafóin, as ríomhphoist agus as teachtaireachtaí téacs chun cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí agus bhí an chumarsáid dírithe ar nithe a bhain le tinreamh agus le leibhéil folláine.

Bhí roinnt struchtúr an-éifeachtach i bhfeidhm chun tacú le comhoibriú le tuismitheoirí. I scoileanna ina raibh an comhoibriú le tuismitheoirí thar a bheith éifeachtach, bhí ról iomlán ag tuismitheoirí i gcruinnithe ildisciplíneacha a raibh mar aidhm leo tacú le rannpháirtíocht agus foghlaim an duine óig. Áiríodh le samplaí eile de chleachtas éifeachtach an dialann a úsáid mar uirlis cumarsáide dhá threo, an teaghlach agus an scoil a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn san fhoghlaim, agus daoine óga agus an múinteoir a bheith ag comhlánú bileog machnaimh laethúil agus a bheith ag comhroinnt na bileoige sin leis an teaghlach, mar aon le taifead digiteach a choinneáil ar ghníomhaíochtaí foghlama.

I ndornán scoileanna, comhroinneadh grianghraif de dhaoine óga a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí foghlama leis an teaghlach go tráthrialta ar mhaithe le tuilleadh plé a éascú ar an bhfoghlaim agus ar mhaithe leis an bhfoghlaim a dhearbhú agus a threisiú tuilleadh. I sampla eile de chleachtas a bhí thar a bheith éifeachtach, ba é an toradh a bhí ar theagmháil thráthrialta leis an teaghlach ná scileanna bainistíochta airgid a chleachtadh go rialta le linn am scoile agus sa phobal i gcomhar le baill teaghlaigh. Ba é a bhí i gceist le sampla eile de chomhoibriú an-éifeachtach leis an teaghlach ná ról a thabhairt do thuismitheoirí maidir le hobair an duine óig a cheiliúradh. Rinne duine óg a bhí ag tabhairt faoi CFL2 físeán gearr ar réimse a raibh spéis mhór aige ann agus, ina dhiaidh sin, phleanáil grúpa beag taispeántas den fhíseán agus thug sé cuireadh do thuismitheoirí freastal ar shearmanas ag ar taispeánadh é.

Ba ghá feabhas a chur ar cháilíocht an chaidrimh le tuismitheoirí in dhá iar-bhunscoil. Sna scoileanna sin, ba bheag fianaise ar chumarsáid leis an teaghlach, ba bheag tuairisciú ar dhul chun cinn san fhoghlaim, nó ní raibh aon fhianaise ar bith ann ar iarrachtaí a bheith déanta chun comhoibriú le tuismitheoirí ar aon ghné den fhoghlaim.

Conclúidí agus moltaí

Conclúidí

Is ag athrú go fóill atá an dóigh a soláthraítear CFL2, agus córais le haghaidh tacaíocht scoile uile, eispéiris foghlaimeoirí agus pleanáil, measúnú agus faireachán ag forbairt ó bhliain go bliain. Bhí gnéithe de chleachtas an-mhaith le feiceáil i roinnt réimsí, go háirithe i ndáil le daoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 a éascú páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foghlama dúshlánacha in éineacht lena bpiaraí. Sainaithníodh sna cigireachtaí freisin réimsí ar ghá iad a fheabhsú chun ionchuimsiú fiúntach agus eispéiris agus torthaí foghlama ardchaighdeáin a chinntiú do dhaoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2.

Tacaíocht scoile uile

Bhí roinnt próiseas agus cleachtas maith i bhfeidhm ag formhór na scoileanna chun tacú le CFL2 a sholáthar. Rud thar a bheith dearfach ba ea nach raibh soláthar CFL2 teoranta do ranganna speisialta; cé go raibh caoga is a cúig faoin gcéad de na daoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 rollaithe i ranganna speisialta, ba i ranganna príomhshrutha a bhí an daichead is a cúig faoin gcéad eile rollaithe. B’údar misnigh é freisin gur tugadh deis do chuid mhór de na daoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 gabháil go hiomlán d’ábhair Leibhéal 3 nuair a thosaigh siad sa chéad bhliain. Chomh maith leis sin, rinne formhór na scoileanna a soláthar do CFL2 a amchlárú bunaithe ar láidreachtaí, riachtanais agus údair spéise na ndaoine óga a bhí ag tabhairt faoin gclár, seachas bunaithe ar an ngá le hamchlárú do ghrúpa daoine óga. Is cleachtas an-mhaith é an t-amchlárú aonair sin.

Réimsí tábhachtacha lena bhforbairt is ea cinnteoireacht chomhoibríoch ar shocrúchán ar an gclár, mar aon lena chinntiú go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas faoi shocrúchán a linbh. Is gá a chinntiú go bhfuil gach tuismitheoir le daoine óga atá ag tabhairt faoi CFL2 ar an eolas go hiomlán faoi rannpháirtíocht a linbh sa chlár agus faoi na conairí dul chun cinn a bheidh ar fáil dóibh tar éis an chláir.

Eispéiris foghlama

In iar-bhunscoileanna, bhí eispéiris foghlama daoine óga go maith nó ní b’fhearr fós in dhá thrian de na ceachtanna príomhshrutha, agus bhí siad go han-mhaith i bhformhór na gceachtanna tacaíochta. Ba é a bhí i gceist leis an gcleachtas ab éifeachtaí ná daoine óga a bhí ag tabhairt faoi CFL2 a bheith á gcuimsiú go hiomlán mar bhaill chomhionanna den rang-ghrúpa agus a bheith ag comhoibriú lena bpiaraí, ag labhairt faoin bhfoghlaim, ag teacht ar réitigh le chéile agus ag foghlaim ó chéile. Ba é a bhí i gceist leis an teagasc ab éifeachtaí ná múinteoirí a bheith ag baint leas as údair spéise, láidreachtaí agus riachtanais aonair na ndaoine óga chun gníomhaíochtaí a dhearadh a bhí ailínithe le torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama. Sna cásanna sin, fuair na daoine óga ról a raibh cuspóir leis i ngníomhaíochtaí foghlama a bhí sách dúshlánach agus a chuir ar a gcumas rath a bhlaiseadh ina gcuid foghlama.

I roinnt ceachtanna, áfach, d’oibrigh daoine óga leo féin, nó níor oibrigh siad ach leis na cúntóirí riachtanas speisialta. D’fhág sé sin, dáiríre, go raibh siad scartha ón rang-ghrúpa. I gceachtanna eile, níor cuireadh san áireamh i bpleanáil an mhúinteora torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama ná údair spéise, láidreachtaí nó riachtanais an duine óig, agus cailleadh deiseanna chun díriú ar phríomhscileanna agus chun iad a fhorbairt.

Bhí cáilíocht na foghlama sna trí scoil speisialta sa raon idir foghlaim shármhaith agus foghlaim ar ghá í a fheabhsú chun caighdeán maith a bhaint amach. Áiríodh le cleachtas an-éifeachtach ceachtanna inar soláthraíodh eispéiris foghlama gníomhaí a bhí fiúntach, a bhí ábhartha do shaol na ndaoine óga agus a bhí sách dúshlánach dóibh. I gceachtanna ar ghá iad a fheabhsú, bhí róspleáchas ann ar thascanna scríofa agus ar bhileoga oibre agus bhí gá le foghlaim a raibh tuilleadh cuspóra léi agus le foghlaim chomhoibríoch inar cuireadh láidreachtaí, údair spéise agus riachtanais aonair na ndaoine óga san áireamh.

Pleanáil, measúnú agus faireachán

Bhí pleanáil shaincheaptha éifeachtach in dhá thrian de scoileanna. Breathnaíodh cleachtas an-éifeachtach sna cásanna sin ina raibh an phleanáil chun na torthaí foghlama a bhaint amach bunaithe ar bhreithniú ar spriocanna, údair spéise agus láidreachtaí aonair an duine óig agus inar cuireadh ionchur ó dhaoine óga agus óna dtuismitheoirí san áireamh. In aon trian de scoileanna, inar ghá feabhas a chur ar an bpleanáil, ba bheag an méid a comhtháthaíodh torthaí foghlama na nAonad Tosaíochta Foghlama isteach i gceachtanna príomhshrutha ar bhealach pleanáilte, nó níor tugadh sa phleanáil dóthain airde ar údair spéise, láidreachtaí agus riachtanais an duine óig.

B’airde cáilíocht na pleanála saincheaptha a rinneadh do dhaoine óga a bhí rollaithe i ranganna speisialta ná í sin a rinneadh do dhaoine óga a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha amháin. Tharla sé sin toisc gur ghabh an múinteoir ranga speisialta freagracht air/uirthi féin as pleananna a chomhordú do dhaoine óga a bhí rollaithe sa rang speisialta. Ní raibh sé soiléir i ngach cás cén múinteoir a bhí freagrach as pleanáil a dhéanamh do dhaoine óga a bhí rollaithe i ranganna príomhshrutha.

Gné choitianta de chleachtais mheasúnaithe agus faireacháin ba ea neamh-chomhsheasmhacht idir scoileanna agus laistigh díobh araon. I roinnt scoileanna, bhí córais éifeachtacha i bhfeidhm lenar cabhraíodh le múinteoirí agus daoine óga comhoibriú le chéile chun fianaise foghlama a bhailiú agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn. Cé go raibh samplaí de chomhoibriú ann i scoileanna eile, ní raibh an cleachtas comhsheasmhach i measc na mball foirne uile a bhí ag obair leis an duine óg.

In dhá cheann déag de na hiar-bhunscoileanna (44%), níor bailíodh dóthain fianaise foghlama, níor tiomsaíodh aon phunanna oibre, nó ba bheag faireachán a rinne múinteoirí ar dhul chun cinn. I roinnt scoileanna, níor chuir múinteoirí ábhair ach tic leis na torthaí foghlama ar oibrigh siad orthu agus ní raibh aon mheasúnú fiúntach ann ar dhul chun cinn nó ar fhorbairt scileanna.

Thug roinnt mhaith scoileanna tuairisc ar obair a bhí ar siúl, nó ar fheabhsuithe a rinneadh le déanaí, ar a gcórais phleanála, chumarsáide agus chomhoibrithe. I ndornán scoileanna, bhunaigh ceannairí scoile cineálacha cur chuige scoile uile agus soiléire maidir le róil agus freagrachtaí. Bhí gá leis na cleachtais sin a fhorbairt tuilleadh i bhformhór na scoileanna.

Moltaí

  • Ba cheart do cheannairí scoile a chinntiú gur ar bhonn comhoibríoch a dhéantar cinntí maidir le duine óg a shocrú ar CFL2. Ba cheart ról a bheith ag tuismitheoirí, ag an duine óg, ag múinteoirí agus ag gairmithe a bhfuil baint acu le hoideachas an duine óig san obair sin, agus ba cheart na conairí dul chun cinn is cuí don duine óg a bhreithniú mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.
  • Ba cheart freagracht a leagan ar mhúinteoir sonrach as pleanáil shaincheaptha a chomhordú do dhuine óg atá ag tabhairt faoi CFL2. Ba cheart eolas an-mhaith a bheith ag an múinteoir sin ar an duine óg agus ba cheart grinntuiscint a bheith aige/aici ar an struchtúr atá ar chlár CFL2 agus ar an acmhainneacht atá aige.
  • Ba cheart do mhúinteoirí a sholáthraíonn CFL2 i scoileanna príomhshrutha tús áite a thabhairt d’eispéiris foghlama chuimsitheacha a sholáthar, áit a dtugtar deiseanna dea-phleanáilte do dhaoine óga foghlaim in éineacht lena bpiaraí agus foghlaim uathu araon. Níor cheart daoine óga a chur ag obair leo féin i gceachtanna príomhshrutha.
  • Ba cheart do mhúinteoirí a sholáthraíonn CFL2 i scoileanna speisialta tús áite a thabhairt d’eispéiris foghlama gníomhaí atá fiúntach agus comhoibríoch a sholáthar. Nuair is féidir, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith ailínithe le heispéiris fíorshaoil.
  • Le cineálacha cur chuige measúnaithe do dhaoine óga atá ag tabhairt faoi CFL2, ba cheart na heispéiris foghlama ar fad a fhaigheann siad agus an dul chun cinn ar fad a dhéanann siad le linn ceachtanna agus ar fud thréimhse trí bliana an chláir a aithint agus a dhearbhú. Ba cheart torthaí measúnaithe a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun pleanáil don chéad chéim eile i bhfoghlaim an duine óig.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat