Clár Samhraidh 2025: clár baile-bhunaithe
- Foilsithe: 3 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 16 Bealtaine 2025
- Eolas do thuismitheoirí
- An Tairseach um Cheadú Ar Líne
- Eolas do scoileanna
- Eolas do Shocruithe do Sholáthraithe Grúpaí Príobháideacha
Eolas do thuismitheoirí
Leanfar le clár samhraidh scoilbhunaithe ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu agus nach bhfuil clár scoilbhunaithe á sholáthar ag a scoil.
Is é an leithdháileadh uaireanta ná 10 n-uaire do 4 seachtaine má tá dalta incháilithe agus mura bhfuil scoil an dalta páirteach i gclár scoilbhunaithe nó murar féidir leis an scoil áit a sholáthar don dalta ar chlár scoilbhunaithe.
An Tairseach um Cheadú Ar Líne
Don bhliain 2025, tá tairseach ar líne á sholáthar ag an Roinn chun gur féidir le scoileanna sonraí dalta a chur isteach agus incháilitheacht a dhearbhú. Eiseofar ríomhphost ceadaithe chuig na tuismitheoirí agus chuig an scoil chun incháilitheacht agus na huaireanta atá leithdháilte ar an dalta a dhearbhú.
Iarrtar ar scoileanna an t-iarratas seo a chomhlánú agus tacú le tuismitheoirí leis an iarratas seo.
Cuirfear an nasc don Tairseach um Cheadú Ar Líne ar fáil do scoileanna trí ríomhphost agus beidh an Tairseach ar oscailt go dtí Dé hAoine 13 Meitheamh 2025
Eolas do scoileanna
Eolas do Shocruithe do Sholáthraithe Grúpaí Príobháideacha
Ceadóidh an Roinn socrú Soláthraí Grúpa Príobháideach idir tuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla agus soláthraithe príobháideacha faoi réir téarmaí agus coinníollacha socruithe grúpa a chomhlíonadh agus ceadú na roinne seo a bheith faighte roimh ré.