An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Clár Samhraidh 2026: clár baile-bhunaithe
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
- Eolas do thuismitheoirí
- Eolas faoi Íocaíocht
- An Tairseach um Cheadú Ar Líne
- Eolas do scoileanna
- Eolas do Shocruithe do Sholáthraithe Grúpaí Príobháideacha
Eolas do thuismitheoirí
Leanfar le clár samhraidh scoilbhunaithe ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais chasta speisialta oideachais acu agus nach bhfuil clár scoilbhunaithe á sholáthar ag a scoil.
Is é an leithdháileadh uaireanta ná 10 n-uaire do 4 seachtaine má tá dalta incháilithe agus mura bhfuil scoil an dalta páirteach i gclár scoilbhunaithe nó murar féidir leis an scoil áit a sholáthar don dalta ar chlár scoilbhunaithe.
Eolas faoi Íocaíocht
Déanfar foirmeacha éilimh do Chlár Samhraidh sa Bhaile 2026 a phróiseáil de réir an dáta a bhfaightear iad, agus eiseofar íocaíochtaí gach coicís ag tosú ón 24 Meán Fómhair 2026.
Chun go mbeidh an fhoireann in ann tosaíocht a thabhairt do phróiseáil na bhfoirmeacha éilimh, ní féidir admháil a sheoladh maidir le foirmeacha éilimh aonair ná stádas na bhfoirmeacha a chur in iúl. Má líontar na foirmeacha éilimh i gceart, próiseálfar iad chun íocaíocht a dhéanamh. Má bhíonn fadhb le foirm éilimh, rachaidh ball d’fhoireann an Chláir Shamhraidh i dteagmháil leis an tuismitheoir nó leis an múinteoir/Cúntóir Riachtanas Speisialta (SNA) chun soiléiriú nó tuilleadh eolais a fháil. Tabhair faoi deara, áfach, go bhféadfadh moill a bheith i gceist le híocaíocht na n-éileamh seo dá bharr.
An Tairseach um Cheadú Ar Líne
Don bhliain 2026, tá tairseach ar líne á sholáthar ag an Roinn chun gur féidir le scoileanna sonraí dalta a chur isteach agus incháilitheacht a dhearbhú. Eiseofar ríomhphost ceadaithe chuig na tuismitheoirí agus chuig an scoil chun incháilitheacht agus na huaireanta atá leithdháilte ar an dalta a dhearbhú.
Iarrtar ar scoileanna an t-iarratas seo a chomhlánú agus tacú le tuismitheoirí leis an iarratas seo.
Is é 15 Bealtaine 2026 dáta deiridh na Tairsí Clárúcháin Scoilbhunaithe.
Eolas do scoileanna
Eolas do Shocruithe do Sholáthraithe Grúpaí Príobháideacha
Ceadóidh an Roinn socrú Soláthraí Grúpa Príobháideach idir tuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla agus soláthraithe príobháideacha faoi réir téarmaí agus coinníollacha socruithe grúpa a chomhlíonadh agus ceadú na roinne seo a bheith faighte roimh ré.