English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Uas-scilithe Iarbhunoideachais

Fógraíonn an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Breidoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, áiteanna breise ar chlár 2022 chun múinteoirí cláraithe iarbhunoideachais a uas-sciliú chun matamaitic, fisic agus Spáinnis a theagasc agus leis an rún gairm ar chlár úr uas-scilithe sa Ghaeilge a eisiúint.

Féach ar an bpreaseisiúint Item was unpublished or removed.

Clár Uas-scilithe sa Ghaeilge

Beidh sonraí maidir leis an gclár úr uas-scilithe sa Ghaeilge ar fáil anseo. Beidh tuilleadh fógraí ann in am agus i dtráth.


Thosaigh na trí chlár leibhéal 8 a leanas i mí Eanáir 2021. Tosóidh an dara glacadh le háiteanna breise i mí Eanáir 2022.

Dioplóma Gairmiúil i dTeagasc na Matamaitice

Arna sholáthar ag Ollscoil Luimnigh i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Cliceáil anseo chun an cur i láthair a thugadh ag fhóram comhairliúcháin náisiúnta um Sholáthar Múinteoirí i mí Bealtaine 2021 a fheiceáil.

Dioplóma Gairmiúil i dTeagasc na Fisice

Arna sholáthar ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le hOllscoil Luimnigh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Cliceáil anseochun an cur i láthair a thugadh ag fhóram comhairliúcháin náisiúnta um Sholáthar Múinteoirí i mí Bealtaine 2021 a fheiceáil.

Ard-Dioplóma sa Spáinnis do Mhúinteoirí

Arna sholáthar ag Coláiste Ollscoile Corcaigh.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Cliceáil anseo chun an cur i láthair a thugadh ag fhóram comhairliúcháin náisiúnta um Sholáthar Múinteoirí i mí Bealtaine 2021 a fheiceáil.

Buaicphointí an Chláir

  • Thosaigh sé i mí Eanáir 2021
  • Ar bhonn páirtaimseartha ar feadh 2 bhliain, agus soláthraítear é i dtimpeallacht sholúbtha agus nuálach
  • Clárú ábhar breise na Comhairle Mhúinteoireachta
  • Cáilíocht leibhéal 8: teagasc ar an leibhéal is airde
  • Cláir um matamaitic agus fisic a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge
  • Ionchais fheabhsaithe ghairme
  • Saor in aisce do mhúinteoirí rannpháirteacha

Ceaptar na cláir úra seo chun múinteoirí iarbhunoideachais atá cláraithe cheana a uas-sciliú chun freastal ar riachtanais ábhar curaclaim na Comhairle Múinteoireachta in ábhar breise.

Soláthrófar na cláir ar bhonn páirtaimseartha, solúbtha, rud a éascóidh níos mó rannpháirtíochta agus solúbthachta.

Ba chóir iarratais a dhéanamh díreach leis an institiúid ardoideachais (IAO) chuí.


Preaseisiúint

Cliceáil Item was unpublished or removed leis an bpreaseisiúint a fheiceáil.


Póstaer Faisnéise

Cláir uas-scilithe múinteoirí iarbhunoideachais sa Mhatamaitic, sa Spáinnis agus san Fhisic

Cláir chun uasoiliúint a chur ar mhúinteoirí iar-bhunscoile sa Mhatamaitic, sa Spáinnis agus san Fhisic
Póstaer Eolais
Amharc amharc