Comhairliúchán náisiúnta ar chreat straitéiseach um threoir ar feadh an tsaoil: Tuairisc ar na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun cinn Lúnasa 2023

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhairliúchán náisiúnta ar chreat straitéiseach um threoir ar feadh an tsaoil: Tuairisc ar na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun cinn Lúnasa 2023

Sa bhliain 2022, bhunaigh Norma Foley TD, an tAire Oideachais, an Grúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil chun creat straitéiseach fadtéarmach comhleanúnach a fhorbairt. Tá cúig roinn rialtais sa Ghrúpa Beartais Náisiúnta:

  • An Roinn Oideachais (RO),
  • An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE),
  • An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ);
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (RFTF).

Tá obair an Ghrúpa Beartais Náisiúnta ag díriú ar bheartas fadtéarmach náisiúnta comhleanúnach um threoir a chinntiú trí Chreat Straitéiseach Náisiúnta uileghabhálach a fhorbairt le haghaidh Treorach.

Chun bonn eolais a chur faoi obair an Ghrúpa Beartais Náisiúnta agus faoi dhearadh agus fís an Chreata Straitéisigh Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil, reáchtáil an Roinn Oideachais comhairliúchán poiblí. Achoimrítear sa tuairisc seo na príomhtheachtaireachtaí a cuireadh in iúl le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí sin.

Comhaontóidh an Grúpa Beartais Creat Straitéiseach um Threoir ar feadh an tSaoil agus táthar ag súil leis go bhfoilseofar an Creat sin sa bhliain 2023.

Comhairliúchán náisiúnta ar chreat straitéiseach um threoir ar feadh an tsaoil
Tuairisc ar na príomhtheachtaireachtaí a tháinig chun cinn Nollaig 2023
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat