Comhoideachas
- Foilsithe: 4 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2025
Cuireann tuairim is 90% de bhunscoileanna in Éirinn oideachas ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní ar fud na ranganna ar fad ar a dtugtar comhoideachas. Is bunscoileanna aonghnéis iad an 10% atá fágtha agus cuireann siad oideachas ar fáil do bhuachaillí amháin nó do chailíní amháin i roinnt ranganna nó sna ranganna ar fad.
Sa tábla thíos, leagtar amach briseadh síos na mbunscoileanna de réir stádas comhoideachais agus aonghnéis.
| An Cineál Scoile | Thart ar chéatadán na mbunscoileanna |
| Bunscoileanna comhoideachais | 90% |
| Bunscoileanna aonghnéis | 10% |
San áireamh sa Suirbhé Bunscoile 2030 tá an cheist seo a leanas maidir le rogha le haghaidh comhoideachais:
Arbh fhearr leat go mbeadh do bhunscoil ina scoil chomhoideachais nó ina scoil aonghnéis?
Ní céim deiridh é an suirbhé. I gcás ina bhfuil tacaíocht shoiléir ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí le breithniú a dhéanamh ar athrú ó scoil aonghnéis go scoil chomhoideachais, cuirfear tús le próiseas breise comhphlé cuimsitheach.
Tá pátrún ag gach scoil, a cheapann Bord Bainistíochta chun an scoil a bhainistiú thar a cheann. Faoin Acht Oideachais 1998, déanann an pátrún cinneadh ar éiteas na scoile agus is é an t-údarás cinnteoireachta é ar chinntí suntasacha ar nós athrú stádais go scoil chomhoideachais, faoi réir fhaomhadh na Roinne Oideachais.